Imeachtaí Foghlama Gairmiúla Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh
21st October 2025

Bí i dteannta na bhFoirne Teicneolaíochtaí Digiteacha do Sheachtain Chóid an Aontais Eorpaigh le haghaidh sraith ceardlann spreagúil agus seimineár gréasáin a dearadh agus bunscoileanna ar intinn. As na seisiúin seo, a reáchtálfar ar líne agus aghaidh ar aghaidh in Ionaid Oideachais fud fad na tíre, gheobhaidh múinteoirí gníomhaíochtaí códaithe praiticiúla agus mealltacha a bheidh oiriúnach do gach leibhéal ranga. Ná caill an deis seo chun snas a chur ar do scileanna múinteoireachta agus códú a thabhairt isteach i do sheomra ranga. Tuilleadh eolais ach féachaint ar an nasc ESCI thíos nó teagmháil a dhéanamh le d’ionad oideachais áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil!