Lá Eorpach na dTeangacha
9th September 2022
![Lá Eorpach na dTeangacha](https://www.oidetechnologyineducation.ie/app/uploads/2022/08/EDL22-990000079e01453c.png)
D’fhógair Comhairle na hEorpa go bhfuil ceiliúradh le déanamh ar Lá Eorpach na dTeangacha ar an 26 Meán Fómhair gach bliain. Tá sé mar chuspóir aige seo spreagadh a thabhairt d’fhoghlaim teanga ar feadh an tsaoil ar scoil agus lasmuigh di, do chúiseanna staidéir, do riachtanais phroifisiúnta, ar mhaithe le soghluaisteacht nó ar mhaithe le pléisiúr agus comhrá.