Leideanna Sábháilteachta ar Líne le haghaidh an tSamhraidh – Tuismitheoirí
5th June 2025

Le linn laethanta saoire an tsamhraidh, is minic a chaitheann leanaí agus déagóirí tuilleadh ama ar líne — ag déanamh cumarsáid le cairde, ag imirt cluichí, ag roinnt físeán, agus ag lorg siamsaíochta. B’fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú do scoileanna ár Leideanna Sábháilteachta Ar Líne le haghaidh an tSamhraidh a roinnt le tuismitheoirí ina bpobal scoile. Tacaíonn na leideanna seo le teaghlaigh chun cabhrú le páistí eispéireas sábháilte, dearfach a bheith acu ar líne agus cothromaíocht shláintiúil á coinneáil le linn na laethanta saoire.