Acht an AE um Intleacht Shaorga (IS) (2024)
Le hAcht an AE um Intleacht Shaorga (Rialachán (AE) 2024/1689) treoraítear an dóigh ar féidir IS a úsáid ar fud na hEorpa, agus a húsáid i scoileanna na hÉireann san áireamh. Ní doiciméad é a bhaineann le “beartas scoileanna”, ach tá sé ábhartha don earnáil oideachais. Leagtar síos ionchais leis maidir le cad atá do-ghlactha, cad ar cheart dó a bheith trédhearcach agus cad a dteastaíonn cosaintí níos láidre uaidh (nuair a d’fhéadfadh IS dul i bhfeidhm ar chearta nó ar thorthaí foghlaimeoirí).
An fáth a bhfuil tábhacht leis.
Is ionann scoileanna a úsáideann uirlisí IS agus ‘úsáideoirí’ faoi bhrí an Achta, agus mar sin de tá freagrachtaí dlíthiúla orthu mar úsáideoirí IS, de réir mar atá ar na cuideachtaí a fhorbraíonn IS. Táthar á tabhairt isteach ina céimeanna, agus is é rud amháin lena bhfuiltear ag súil maidir le scoileanna ná gur cheart go mbeadh leibhéal leordhóthanach inniúlachta ar IS ag an bhfoireann a úsáideann IS, atá oiriúnach dá ról agus do na foghlaimeoirí a mbeidh tionchar orthu.
Tá IS á húsáid cheana féin maidir le raon leathan cuspóirí i scoileanna idir phleanáil ceachtanna agus difreáil ábhair agus uirlisí IS atá leabaithe in ardáin foghlama. Dá bhrí sin tá teorainneacha soiléire ag teastáil ón lucht ceannasaíochta don fhoireann lena n-achoimrítear na huirlisí atá ceadaithe, an méid a bhfuil cosc air agus na nithe óna dteastaíonn faomhadh, go speisialta nuair is féidir go n-imreofaí tionchar ar chinntí faoi fhoghlaimeoirí. Dhéanfaí an chuid is mó den chleachtas i seomraí ranga a mheas mar “ísealriosca” má bhaintear úsáid as IS i ról “dréachtaithe agus tacaíochta”. Bíonn sé tábhachtach i gcónaí go ndéanann an múinteoir seiceáil maidir le beachtas, claonadh, ton agus ailíniú leis an gcuraclam. Nuair a úsáideann múinteoirí IS chun rúibric nó critéir ratha a dhréachtú, níor cheart go mbeadh an rúibric ach ina taca le breithiúnas an mhúinteora, agus ní ina ionad sin. Tá múinteoirí fós freagrach as cinntí measúnaithe agus as gnóthachtáil thaifeadta.
Caitear san Acht le húsáidí oideachasúla áirithe mar “ard-riosca”, lena n-áirítear IS atá beartaithe chun rochtain nó sannadh (iontrálacha nó socrúchán) a chinneadh, meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama, leibhéal an oideachais a gheobhaidh foghlaimeoir a chinneadh, nó iompraíocht le linn tástálacha a mhonatóiriú. Fiú mura bhfuil scoileanna ag úsáid IS ar na bealaí sin inniu, sin iad na cásanna lena dtabharfaí scrúdú agus machnamh níos mó le tuiscint mar gheall ar an tionchar féideartha i bhfad níos mó ar fhoghlaimeoirí. San Acht, cuirtear cosc ar chórais IS a úsáidtear chun mothúcháin a thabhairt le tuiscint in institiúidí oideachais, seachas ar chúiseanna míochaine nó sábháilteachta, agus dá bhrí sin ba cheart go gcuirfí cosc ar uirlisí lena maítear gur féidir mothúchán, aird, strus nó rannpháirteachas daltaí a bhrath ó aghaidheanna nó ó ghuthanna maidir le teagasc agus foghlaim normálta. Maidir le cumarsáid, is cur chuige sábháilte é gan IS a úsáid le haghaidh íomhánna, fuaim, nó físeán daltaí a ghiniúint nó a chur in eagar agus gan meáin na scoile a fhoilsiú ar féidir glacadh leis go bhfuil siad fíor.
Maidir le ceannairí scoile, is fearr machnamh a dhéanamh ar na himpleachtaí praiticiúla trí dhearcadh Threoir na hÉireann um IS ina bhfuil ‘Cur Chuige na 4P’ molta (Purpose, Planning, Policy, Practice – Cuspóir, Pleanáil, Beartas, Cleachtas).
Tosaigh le bonnlíne maidir le conas a úsáidtear IS agus cén cuspóir atá leis. Inniúlacht ar IS a fhorbairt don fhoireann, lena n-áirítear na sonraí nár cheart iad a chomhroinnt in am ar bith agus cásanna úsáide sábháilte i gcomhthéacs na scoile. Cuir cuid um ‘uirlisí agus úsáidí IS’ san áireamh sa Phlean um Fhoghlaim Dhigiteach, nuashonraigh an Beartas um Úsáid Inghlactha agus cruthaigh ceangal idir cinntí IS agus próisis RGCS agus cosanta sonraí. Faoi dheireadh, leag síos seasamh soiléir maidir le catagóirí na n-uirlisí atá in úsáid ag an scoil cheana féin.