Treoirlínte AE maidir le hÚsáid Eiticiúil IS sa Teagasc agus san Fhoghlaim (2026)

Nuashonraigh an Coimisiún Eorpach a Threoirlínte maidir le hÚsáid Eiticiúil na hIntleachta Saorga (IS) agus Sonraí sa Teagasc agus san Fhoghlaim d’Oideoirí chun teacht le fás na hintleachta saorga giniúnaí agus tabhairt isteach Ghníomh an Aontais maidir le IS.
Tacaíonn an treoir athbhreithnithe le múinteoirí, ceannairí scoile agus córais oideachais cinntí eolasacha, freagracha a dhéanamh faoi úsáid IS i scoileanna.
Comhlánaíonn an foilseachán sin Treoirlínte na Roinne Oideachais agus Óige maidir le IS i Scoileanna.
Nuashonruithe in 2026
Cuimsítear sna nuashonruithe 2026:
- Gníomh an Aontais maidir le IS agus a bhfuil i gceist leis do scoileanna
- samplaí praiticiúla sa seomra ranga.
- treoir maidir le húsáid IS giniúnach
- fócas níos mó ar litearthacht IS
- béim láidir ar mhaoirseacht dhaonna
- samplaí praiticiúla sa seomra ranga.
Ceisteanna praiticiúla do scoileanna
Sa treoir nuashonraithe, spreagtar scoileanna le ceisteanna a chur, amhail:
- An bhfeabhsaíonn an uirlis IS seo an teagasc nó an fhoghlaim i ndáiríre?
- An bhfuil cearta agus folláine na bhfoghlaimeoirí cosanta?
- An ndéantar sonraí pearsanta a láimhseáil i gceart?
- An bhfuil maoirseacht dhaonna fhiúntach ann?
- An dtuigeann úsáideoirí conas atá an IS á úsáid?
- An bhféadfadh an córas foghlaimeoirí nó grúpaí áirithe a chur faoi mhíbhuntáiste?
- Conas a fhorbróidh foghlaimeoirí litearthacht IS mar aon le heolas ar an ábhar?
Is féidir leis na ceisteanna machnamhacha sin tacú le ceannairí scoile agus cinntí á ndéanamh acu maidir le húsáid IS ina scoil.
Conas is féidir le múinteoirí na Treoirlínte Eiticiúla a úsáid
Is féidir le múinteoirí na treoirlínte a úsáid chun a n-inniúlacht féin ar IS agus sonraí a fhorbairt agus chun machnamh a dhéanamh ar na huirlisí a úsáidtear cheana féin i gcomhthéacs a seomra ranga nó réimse ábhair.
Sa doiciméad, téitear i ngleic le míthuiscintí coitianta (e.g go bhfuil sé ródheacair IS a thuiscint nó nach bhfuil ról aici san oideachas) agus dírítear ar an eolas a theastaíonn ó oideoirí faoi chórais, faoi theorainneacha agus faoi rioscaí IS, gan saineolas teicniúil grinn a bheith de dhíth orthu.
Samplaí praiticiúla (leathanaigh 13-15)
Sa leagan seo de na treoirlínte, tugtar go leor samplaí nithiúla ar fáil maidir le IS san oideachas.
Díríonn an chéad chatagóir ar cé atá ag baint úsáid as an IS:
- Tacaíocht do mhúinteoirí – IS a úsáid chun tacú leis an múinteoir.
- Tacaíocht do scoláirí– IS a úsáid chun tacú le foghlaim na scoláirí.
- Tacaíocht scoile – IS a úsáid chun tacú le pleanáil dhiagnóiseach nó pleanáil ar fud na scoile.
Baineann an dara catagóir atá leagtha amach le cathain a úsáidtear IS:
- Chun ullmhú – IS a úsáid chun ullmhú don teagasc agus don fhoghlaim.
- Do theagasc agus d’fhoghlaim– IS a úsáid le linn teagaisc agus foghlama
- Do mheasúnú agus do mhachnamh – IS a úsáid chun measúnú, meastóireacht agus machnamh a dhéanamh.
Feidhmiú
I dtéarmaí praiticiúla, spreagann na treoirlínte scoileanna chun caitheamh le húsáid eiticiúil IS agus sonraí mar phróiseas incriminteach de mhachnamh agus d’fhoghlaim leanúnach, seachas cinneadh aon uaire.
Moltar do cheannairí agus do mhúinteoirí tosú trí áiteanna a léarscáiliú ina bhfuil IS agus córais de réir sonraí in úsáid cheana féin, na ceisteanna treoracha a chur i bhfeidhm sula nglactar le huirlisí nua, agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil róil, beartais agus socruithe monatóireachta i bhfeidhm atá soiléir.
Moltar iontu freisin gur cheart foghlaimeoirí, tuismitheoirí agus pobal níos leithne na scoile a tharraingt isteach sna díospóireachtaí, agus aird ar leith a thabhairt d’ionchuimsitheacht agus d’inrochtaineacht, agus an ghluais agus tagairtí do bheartas níos leithne AE maidir le IS agus sonraí á n-úsáid mar thacaíochtaí leanúnacha maidir le cinnteoireacht i réimse atá ag athrú go mear.