Na Punanna Digiteacha: Cur Chuige Comhoibritheach – Corcaigh
6th November 2025
Tá sraith nua Eispéireas Foghlama Gairmiúla (EFGanna) á seoladh ag Teicneolaíocht san Oideachas Oide ar a dtugtar Punanna Digiteacha: Cur Chuige Comhoibritheach do bhliain acadúil 2025/2026. Beidh an chéad imeacht ar siúl i gCorcaigh an 11 Nollaig 2025, ina gcuirfear deis ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile agus do cheannairí scoile cineálacha chur chuige nuálacha agus praiticiúla a phlé maidir le punanna digiteacha. Féach ar an mbileog eolais anseo>>. Comhlánaigh an fhoirm um Léiriú Spéise faoin 14 Samhain 2025.