Nua: Cibearshlándáil do Scoileanna
4th September 2025
 
                            Le cúrsa gairid nua ar líne, tugtar isteach topaic na cibearshlándála do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ó dhearcadh ceannaireachta na scoile uile. Tugtar achoimre leis ar phríomhchoincheapa na cibearshlándála agus dírítear aird leis ar dhea-chleachtais do cheannairí scoile agus d’fhoirne foghlama digití maidir le timpeallacht foghlama digití atá slán sábháilte a choimeád. Ar fáil anois.
(Don earnáil bhunscoile, tabhair faoi deara, le do thoil: bhí ábhar an chúrsa seo cuimsithe i gceann dár gcúrsaí samhraidh i mbliana.)
 
                             
                            