Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Sector
Iar-bhunscoileanna
Dáta
21-08-2023 go 26-05-2024
Am staidéir
1.5 uair an chloig. Mar chuid den chúrsa, bainfidh na rannpháirtithe triail as roinnt uirlisí digiteacha le haghaidh aiseolais lena rang. Tiocfaidh siad ar ais ansin le machnamh a dhéanamh conas a d’éirigh leo.
Sprioclucht féachana
Múinteoirí (iar-bhunscoile) uile
Áiteanna
Gan teorainn
Tá sé mar aidhm leis an ngearrchúrsa seo cuidiú le múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun tacú le haiseolas measúnaithe a sholáthar do Dhaltaí.
Agus leas á bhaint as treoirlínte an CNCM agus as cleachtas éifeachtach in aiseolas measúnaithe, cuirtear síos sa chúrsa ar roinnt uirlisí agus modhanna digiteacha is féidir a úsáid sa chomhthéacs sin.
Déantar iniúchadh sa chúrsa ar bhealaí éagsúla chun aiseolas measúnaithe a sholáthar do dhaltaí, mar shampla íomhánna a anótáil, aiseolas bunaithe ar théacs (guth go téacs san áireamh) agus aiseolas fuaime. Soláthraítear ann freisin físeáin ghairide ina dtaispeántar conas na huirlisí sin a úsáid go praiticiúil.
Baineann an cúrsa seo le gach cás foghlama agus le gach leibhéal ranga.
Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:
Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).
Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.
B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).
An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?
Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe an Chuntais Scoilnet.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.