Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna, Iar-bhunscoileanna

Dátaí Cúrsa

21-08-23 go 21-06-24

Am staidéir

4 uair a chloig

Spriocghrúpa

Príomhoidí, Leas-Phríomhoidí, Múinteoirí Teicneolaíochta Digití agus Comhordaithe TFC, Baill den Fhoireann Foghlama Digití

Áiteanna

Gan teorainn

An bhfuil tú ag iarraidh do chuid scileanna sa teicneolaíocht dhigiteach a fhorbairt? Taispeánfar duit sa chúrsa seo conas é sin a dhéanamh, bíodh sé mar chuid de do ról tacú le múinteoirí i nglacadh le teicneolaíochtaí digiteacha, agus/nó go bhfuil tú freagrach as bonneagar digiteach do scoile, agus gnéithe eile den fhoghlaim dhigiteach, a bhainistiú.

Beidh an deis agat cloisteáil ó cheannairí digiteacha eile maidir lena róil agus lena dtaithí, mar aon lenár gcomhghleacaithe inár bhfoireann SGFM Teicneolaíocht san Oideachas, inár bhfoireann Bonneagair Dhigitigh agus inár bhfoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha maidir le straitéisí éifeachtacha foghlama digití. Fágfaidh tú an cúrsa le gníomhaíochtaí nithiúla leagtha amach agus raon acmhainní foghlama digití lena dtugtar tacaíocht do Phlean Foghlama Digití do scoile.

Is féidir leat blaiseadh den chúrsa a fháil sa bhfíseán gearr seo.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeadh rannpháirtithe in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Straitéisí a aithint chun go nglacfar leis an bhfoghlaim dhigiteach i do scoil
  • Taithí scoileanna eile a scrúdú agus é sin a chur i bhfeidhm i do chomhthéacs féin
  • Dul i dtaithí leis an bpróiseas pleanála don fhoghlaim dhigiteach
  • Do thuiscint ar bhonneagar digiteach na scoile, agus ar conas ar féidir é a bhainistiú i do scoil, a fhorbairt
  • Cuir chuige i leith na foghlama gairmiúla agus roinnt na gcleachtas ar féidir le do scoil leas a bhaint astu.

Ábhar an Chúrsa

Tá cúig mhodúl sa chúrsa:

1. Ag Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Cuirfear forléargas ar fáil sa mhodúl seo ar an bpróiseas pleanála don Fhoghlaim Dhigiteach agus scrúdófar ann uirlisí agus straitéisí chun chuidiú leat do plean gníomhaíochta i leith na Foghlama Digití a chruthú nó a nuashonrú.

2. Ag Glacadh leis an bhFoghlaim Dhigiteach

Sa mhodúl seo, cloisfidh tú faoi thaithí scoileanna eile agus iad ag glacadh leis an bhfoghlaim dhigiteach agus gheobhaidh tú amach faoi shamplaí agus acmhainní le cur i bhfeidhm i do scoil.

3. Gléasanna agus Bonneagar

Ag tarraingt ar thaithí ó raon scoileanna, cuirtear treoir ar fáil sa mhodúl seo maidir le bonneagar digiteach a phleanáil, a sholáthar agus a bhainistiú, lena n-áirítear gléasanna agus leathanbhanda/Wi-Fi i do scoil.

4. Ardáin Ar Líne

Sa mhodúl gearr seo, léirítear gnéithe agus feidhmeanna ardáin chomhchoiteanna ar líne agus tugtar treoir maidir le conas iad a úsáid go héifeachtach chun tacú leis an bhfoghlaim.

5. Ag Tacú leis an bhFoghlaim Ghairmiúil agus na Chéad Chéimeanna Eile

Sa mhodúl deiridh seo, gheobhaidh tú neart acmhainní agus smaointe chun chuidiú leat tacú le foghlaim ghairmiúil do chomhghleacaithe i straitéisí éifeachtacha na foghlama digití. Foghlaimeoidh tú freisin faoi dheiseanna foghlama gairmiúla chun do chuid scileanna féin mar cheannaire digiteach a fhorbairt tuilleadh.

Riachtanais

Gléas:

Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat. 

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil.

Bogearraí/Aipeanna:

Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

Ní mór fáil a bheith ag na rannpháirtithe ar Padlet, feidhmchlár tríú páirtí, mar chuid den chúrsa. Níl cuntas Padlet ag teastáil. Bí ar an eolas maidir le beartas príobháideachais agus téarmaí seirbhíse Padlet.

Mapáil Creata

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tá gné na Múinteoireachta agus na Foghlama (Réimsí 3 agus 4) agus gné na Ceannaireachta agus na Bainistíochta (Réimsí 1, 2 agus 4) de Chreat na Foghlama Digití mapáilte sa chúrsa seo.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Foghlama Digití

Inniúlachtaí DigCompEdu

Tá an Creat Inniúlachta Digití DigCompEdu d’oideoirí mapáilte sa chúrsa seo, ach go háirithe Réimse 1: Rannpháirtíocht Ghairmiúil agus Réimse 3: Teagasc agus Foghlaim.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin DigCompEdu

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.