Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna

Dáta

26-06-26 to 25-06-27

Am staidéir

1 uair an chloig ar a laghad (Móide uair bhreise roghnach)

Sprioclucht féachana

Múinteoirí bunscoile (ranganna 3 go 6 go príomha). Tá fáilte roimh mhúinteoirí iar-bhunscoile freisin.

Áiteanna

Gan teorainn

Leis an gcúrsa thar a bheith idirghníomhach seo, tugtar réamheolas do mhúinteoirí ar chódú agus ar smaointeoireacht ríomhaireachtúil, go háirithe i gcomhthéacs shonraíocht ETIM an Churaclaim Bhunscoile.

Chomh maith leis sin, cuimsíonn sé treoir roghnach céim ar chéim maidir leis an bhfeidhmchlár códaithe coitianta, Scratch, a úsáid. Mura bhfuil cur amach agat ar chódú, is teanga ríomhchláraithe é Scratch atá éasca le húsáid, agus is bealach iontach é chun tús a chur le d’aistear códaithe.

Tá fáilte ar ais roimh rannpháirtithe a bhfuil ár gcúrsa ‘Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil ag baint úsáide as Scratch’ curtha i gcrích acu cheana féin. Leis an ábhar athbhreithnithe, cuirtear béim nua ar churaclam ETIM na Bunscoile.

Torthaí Foghlama

Sa chúrsa seo, cuirfear ar chumas na rannpháirtithe:

  • Tuiscint a fháil ar an réasúnaíocht atá taobh thiar de chódú a úsáid sa seomra ranga
  • Tuiscint a fháil ar na bunrudaí a bhaineann le smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus le códú
  • Cur síos a dhéanamh ar 6 eochairchoincheap na smaointeoireachta ríomhaireachtúla
  • Na bunteangacha ríomhchláraithe is féidir a úsáid sa seomra ranga a shainaithint
  • An difríocht idir gníomhaíochtaí neamhphlugáilte agus gníomhaíochtaí plugáilte a thuiscint
  • Triail a bhaint as teanga ríomhchláraithe (Scratch).

Ábhar an Chúrsa

Modúl 1 – Réamheolas maidir le Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil

Leis an modúl seo, tugtar forléargas ar chódú agus ar smaointeoireacht ríomhaireachtúil sa seomra ranga lena n-áirítear conas tosú. Tugann sé réamheolas do rannpháirtithe ar réimse leathan uirlisí agus acmhainní códaithe.

Modúl 2 – Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil a Iniúchadh i Seomra Ranga na Bunscoile.

Díríonn an modúl seo ar an aistriú ó ghníomhaíochtaí neamhphlugáilte go gníomhaíochtaí plugáilte a bhaineann le códú. Déanfaidh rannpháirtithe iniúchadh ar nodaireacht agus ar theangacha bunúsacha ríomhchláraithe is féidir a úsáid sa seomra ranga.

Modúl 3 – Réamheolas Roghnach ar Uirlis Ríomhchláraithe (Scratch)

Sa mhodúl seo, beidh deis ag rannpháirtithe bunscileanna a fhorbairt i Scratch, lena n-áirítear conas tionscadal Scratch a chruthú agus a chur in eagar. Déanfaidh na rannpháirtithe iniúchadh freisin ar úsáidí Scratch sa churaclam agus pleanálfaidh nó cruthóidh siad tionscadal Scratch, ar féidir é a roinnt ar Padlet an chúrsa. Tabhair uair bhreise ama staidéir le do thoil má tá an modúl roghnach seo á dhéanamh.

Riachtanais

Réamhriachtanais:

Scileanna TFC meánleibhéil. Bogfaidh rannpháirtithe idir fuinneoga brabhsálaí, ag leanúint tascanna i bhfuinneog amháin chun tionscadail Scratch a chruthú i gceann eile. Beidh taithí roimh ré ar pháirt a ghlacadh i gcúrsa ar líne, cur le fóram díospóireachta ar líne agus comhaid a uaslódáil nó a íoslódáil ina bhuntáiste.

Riachtanais Theicniúla:

Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).

Bogearraí/Aipeanna:

Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

NB: Ní mór do rannpháirtithe na bogearraí saor in aisce, Scratch 3.0, a íoslódáil, má tá Modúl 3 á dhéanamh acu.

Ní mór do rannpháirtithe rochtain a fháil freisin ar fheidhmchlár tríú páirtí amháin eile – gan aon ghá le logáil isteach – mar chuid den chúrsa.  Ní mór duit a bheith ar an eolas maidir le téarmaí seirbhíse agus beartais phríobháideachais na bhfeidhmchlár sin, mar seo a leanas:

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Tráchtanna ó iar-rannpháirtithe

“Éasca a thuiscint. Mínithe soiléire ar conas rudaí a dhéanamh. Go leor samplaí praiticiúla chun tionscadail a bhunú orthu. Aiseolas maith tráthúil.”

“Sílim go leagann an ríomhtheagascóir atmaisféar dearfach don chúrsa seo ón tús.
Rinne mé cúrsaí ar líne cheana agus sílim go raibh an ceann seo níos suaimhní agus níos tacúla. Cuireadh an t-ábhar i láthair go maith agus ní raibh sé ró-iomarcach.”

“[Bhí mé] ábalta na bealaí inar féidir Scratch a úsáid mar uirlis fhaisnéiseach ach mar uirlis mheasúnaithe chomh maith a fheiceáil.”

“Cúrsa an-struchtúrtha ina bhfuil eolas ábhartha, nua agus úsáideach, ina dtugtar léargais ar an ábhar, agus deis le bheith páirteach le múinteoirí eile san fhóram díospóireachta.”

“Bhí samplaí cruthaitheacha ann maidir le conas Scratch a chuimsiú sa teagasc laethúil – mar shampla, daltaí ag cruthú tráth na gceist dá gcuid féin a bhféadfadh daltaí eile é a úsáid. Chomh maith leis sin is féidir Scratch a úsáid i ngach cineál ranga idir daltaí an-acadúla agus daltaí tacaíochta foghlama.”

 

An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?

Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe an Chuntais Scoilnet.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.