Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Infhaighteacht
Am téarma, Oscailte Anois
Sector
Iar-bhunscoileanna
Dáta
21-08-2023 go 26-05-2024
Am staidéir
2 uair an chloig
Sprioclucht féachana
Múinteoirí (iar-bhunscoile) uile
Áiteanna
Gan teorainn
Mar chuid den chúrsa, cruthaíonn agus triallann na rannpháirtithe acmhainn lena rang. Tiocfaidh siad ar ais ansin le machnamh a dhéanamh conas a d’éirigh leo.
Tá sé mar aidhm leis an ngearrchúrsa seo cuidiú le múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun acmhainní atá ann cheana a fheabhsú agus acmhainní nua a chruthú ag baint úsáid as taifeadadh scáileáin agus uirlisí eile.
Cuirfear na rannpháirtithe ar an eolas i dtaobh bealaí inar féidir físeáin teagaisc a úsáid chun an t-eispéireas foghlama a dhifreáil agus a phearsanú agus foghlaimeoidh siad conas físeán gairid teagaisc a chruthú le húsáid lena rang.
Cuirtear comhairle ar fáil sa chúrsaí maidir le huirlisí sonracha agus samplaí den dóigh ar féidir iad a úsáid, chomh maith le cúrsaí cóipchirt maidir le hacmhainní digiteacha. Baineann an cúrsa seo le gach cás foghlama agus tá sé an-úsáideach le haghaidh foghlaim chumaisc nó chun an seomra ranga a athrú.
Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:
Tá sé mhír ghearra i gceacht an chúrsa:
Nuair a chríochnófar an ceacht thuas, iarrfar ar na rannpháirtithe a bhfíseán gairid teagaisc féin a chruthú, ag cur síos ar conas a d’úsáidfidís é lena rang féin.
Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).
Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.
B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).
An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?
Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe an Chuntais Scoilnet.
Clárú Na Nuachtlitreach
Sign-upTo subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.