Skip to main content

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna

Dáta

26-06-26 go 25-06-27

Am staidéir

1.5 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí (Bhunscoile) uile

Áiteanna

Gan teorainn

(Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí Bhéarla amháin.)

Tugann an gearrchúrsa praiticiúil seo deis do mhúinteoirí bunscoile podchraoladh a dhéanamh mar bhealach cruthaitheach agus tarraingteach do dhaltaí chun a gcuid scileanna teanga agus cumarsáide a fhorbairt.

Tá an cúrsa deartha le príomhionchur ó fhoireann Oide um Churaclam Teanga na Bunscoile, agus déantar iniúchadh ann ar an gcaoi ar féidir le podchraoladh tacú le Curaclam Teanga na Bunscoile trí dheiseanna a chur ar fáil do dhaltaí a gcuid smaointe a phleanáil, a chruthú agus a roinnt le haghaidh fíorlucht éisteachta.

Ní gá taithí podchraolta roimhe seo ná ardscileanna digiteacha a bheith agat. Tabharfaidh an cúrsa tú tríd an bpróiseas céim ar chéim, idir úsáidí curaclaim a iniúchadh agus podchraoladh simplí a thaifeadadh agus a chruthú.

Tabharfar uirlisí cruthaithe podchraoltaí isteach duit freisin agus roghnóidh tú uirlis oiriúnach chun do phodchraoladh samplach gairid féin a chruthú.

Torthaí Foghlama

Cuirfear ar chumas na rannpháirtithe:

  • Cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le podchraoladh agus foghlaim dhigiteach tacú le foghlaim laistigh de Churaclam na Bunscoile.
  • Bealaí praiticiúla a aithint chun podchraoladh a úsáid chun tacú le Curaclam Teanga na Bunscoile.
  • Samplaí de phodchraoltaí atá oiriúnach don seomra ranga bunscoile a aimsiú agus a úsáid.
  • Podchraoladh simplí a phleanáil agus a chruthú trí uirlisí digiteacha a úsáid.

Ábhar an Chúrsa

Tá trí mhodúl sa chúrsa seo

1. Buntreoir do Phodchraoladh

Tugann an modúl seo buntreoir do phodchraoladh agus déanann sé iniúchadh ar roinnt de na bealaí ar féidir leis tacú leis an bhfoghlaim laistigh de Churaclam na Bunscoile. Féachfaidh tú ar an gcaoi ar féidir glacadh le podchraoladh cabhrú le príomhscileanna Chreat Curaclaim na Bunscoile a fhorbairt, lena n-áirítear a bheith i d’Fhoghlaimeoir Digiteach.

2. Podchraoladh agus Curaclam Teanga na Bunscoile

Trí shamplaí praiticiúla de thionscadail podchraolta, fiosróidh tú an chaoi ar féidir le daltaí podchraoltaí a úsáid chun scileanna a fhorbairt i réimsí amhail teanga labhartha, éisteacht, scríbhneoireacht agus tuiscint. Nascfaidh tú torthaí foghlama an PCF le cleachtas an tseomra ranga freisin.

3. Uirlisí agus Acmhainní na Podchraoltóireachta

Tógann an modúl seo tú tríd an bpróiseas podchraolta céim ar chéim – ó phleanáil agus taifeadadh go heagarthóireacht bhunúsach agus do phodchraoladh críochnaithe a chruthú. Déanfaidh tú iniúchadh ar na gléasanna agus na huirlisí is féidir leat a úsáid, lean ranganna teagaisc simplí agus cruthaigh podchraoladh samplach gearr de do chuid féin.

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla: Beidh ar rannpháirtithe aip amháin (saor in aisce) a íoslódáil. Bheidh ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, ríomhaire deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air) de dhíth chomh maith.

Ní mór fáil a bheith ag na rannpháirtithe ar Padlet, feidhmchlár tríú páirtí, mar chuid den chúrsa. Níl cuntas Padlet ag teastáil. Bí ar an eolas maidir le polasaí príobháideachta agus téarmaí seirbhíse Padlet, le do thoil.

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 0066/2026 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.