Skip to main content

Teicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta (Iar-Bhunscoile)

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Iar-bhunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

07-03-24 go 24-05-24

Am Staidéir

3 uair a chloig

Sprioclucht Féachana

Múinteoirí iar-bhunscoile uile nuatheangacha iasachta

Áiteanna

Gan teorainn

Leis an gcúrsa seo taispeántar dóigheanna éifeachtacha chun teicneolaíocht dhigiteach a chomhtháthú le teagasc nuatheangacha iasachta (MFL) ag leibhéal iar-bhunscoile. Foghlaimeoidh tú conas scileanna éisteachta agus labhartha daltaí a fheabhsú agus uirlisí coitianta á n-úsáid, tacaithe ag treoir phraiticiúil. Pléifidh tú uirlisí digiteacha le haghaidh measúnaithe agus gheobhaidh tú léargais ó fhíseáin dhea-chleachtais arna dtaifeadadh i seomraí ranga MFL, agus ó thaithí múinteoirí MFL eile chomh maith.

Fágfaidh tú an cúrsa agus na bearta praiticiúla, indéanta agat chun do theagasc féin a chur i bhfeidhm.

Ba é Oide Teicneolaíocht san Oideachas a d’fhorbair an cúrsa i gcomhpháirtíocht le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Do scileanna digiteacha féin a mheasúnú chun tacú le teagasc MFL
  • Acmhainní agus uirlisí digiteacha a shainaithint maidir le teagasc agus foghlaim MFL
  • Uirlisí digiteacha a úsáid chun scileanna éisteachta agus labhartha daltaí sa sprioctheanga a fhorbairt.
  • Uirlisí digiteacha a úsáid chun tacú le measúnú MFL.

Ábhar an Chúrsa

Tá trí mhodúl sa chúrsa:

  1. Teicneolaíochtaí Digiteacha do Scileanna Éisteachta

    Sa mhodúl seo, déanfaidh tú d’úsáid reatha teicneolaíochta digití sa seomra ranga MFL a mheasúnú, pléifidh tú deiseanna foghlama digití agus foghlaimeoidh tú faoi uirlisí digiteacha a thacaíonn le scileanna éisteachta sa sprioctheanga. Beidh rochtain agat ar an iriseán foghlama a chomhlánóidh tú de réir mar a rachaidh tú tríd an gcúrsa.
  2. Teicneolaíochtaí Digiteacha do Scileanna Labhartha

    I modúl 2, foghlaimeoidh tú níos mó faoin neart acmhainní MFL atá ar fáil ar líne. Beidh an deis agat chun uirlisí taifeadta a úsáid, scéalaíocht dhigiteach a phlé agus taithí a fháil ar bhreithnithe maidir le cóipcheart dhigiteach agus úsáid inghlactha.
  3. Teicneolaíochtaí Digiteacha le haghaidh Measúnaithe in MFL

    Cuirtear treoir ar fáil sa mhodúl deireanach seo maidir le huirlisí digiteacha le haghaidh measúnaithe agus conas is féidir iad a úsáid sa seomra ranga MFL. Tugtar punanna digiteacha isteach leis le haghaidh MFL. Foghlaimeoidh tú faoi dheiseanna chun do chuid foghlama a chomhroinnt agus a chur i bhfeidhm i do scoil féin agus beidh bearta praiticiúla agat i dtaca le do chuid teagaisc féin agus tú ag críochnú an chúrsa.

Riachtanais

Gléas:

Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat.

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil.

Bogearraí/Aipeanna:

Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu.

NB: Ní mór do rannpháirtithe rochtain a aimsiú ar dhá fheidhmchlár tríú páirtí – gan aon ghá le logáil isteach – mar chuid den chúrsa. Ní mór duit bheith ar an eolas maidir le téarmaí seirbhíse agus beartais príobháideachais na bhfeidhmchlár sin, mar a leanas:

Creataí

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Sa chúrsa seo déantar Teagasc & Foghlaim (Réimsí 3 agus 4) den Chreat Foghlama Digití a mhapáil.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na Foghlama Digití

Inniúlachtaí DigCompEdu

Déantar an Creat Inniúlachtaí DigCompEdu d’oideoirí a mhapáil sa chúrsa seo, go háirithe Réimse 3: Teagasc agus Foghlaim.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin DigCompEdu

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, faoi réir ag cead ó lucht bainistíochta na scoile, go háirithe i dtaca le suas le deich n-uair an chloig de chuid ‘Pháirc an Chrócaigh’ a bhféadfaí iad a cheadú le húsáid ag daoine aonair/grúpaí beaga féideartha (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.