Skip to main content

Course Details

Infhaighteacht

Ag Teacht go Luath, An samhradh

Sector

Bunscoileanna

Dátaí an Chúrsa

01-07-24 go 18-07-24

Am staidéir

20 uair (íosmhéid de 10 ar líne)

Spriocphobal spéise

Múinteoirí (bunscoile) uile

Áiteanna

Teoranta

(Cuirtear an cúrsa seo ar fáil trí Bhéarla amháin.)

Baineann an cúrsa samhraidh seo* le teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun tacú leis an bhfoghlaim chuimsitheach, ag baint úsáid as cur chuige um Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim** (UDL) sa seomra ranga bunscoile príomhshrutha. Admhaíonn Teicneolaíocht Oide san Oideachas ionchuir thábhachtacha ón gComhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (NCSE).

Sa chúrsa seo, gheobhaidh tú eolas ar chomhthéacs an bheartais agus an churaclaim maidir le cuimsiú. Déanfaidh tú iniúchadh ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach tacú le cur chuige um Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim, ag féachaint ar an dóigh a nglacann daltaí páirt san fhoghlaim, conas is féidir le múinteoirí ábhar foghlama a chur i láthair ar bhealach inrochtana agus conas is féidir le daltaí an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun iad féin a chur in iúl agus a gcuid foghlama a léiriú. Déanfaidh tú iniúchadh freisin ar uirlisí agus straitéisí foghlama digití a thacaíonn le cur chuige UDL chun foghlaim chuimsitheach a chur chun cinn agus cruthóidh tú acmhainn dhigiteach inrochtana mar chuid den chúrsa.

*Faofa le haghaidh laethanta EPV.

**Creat is ea an Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL), a chruthaigh CAST, chun an teagasc agus an fhoghlaim a fheabhsú agus a bharrfheabhsú do gach duine bunaithe ar léargais eolaíocha ar an dóigh a bhfoghlaimíonn daoine. 

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Cur síos a dhéanamh ar conas is féidir teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid chun tacú le foghlaim, teagasc agus measúnú cuimsitheach
  • Prionsabail maidir leis an Dearadh Uilíoch don Fhoghlaim (UDL) a chur i bhfeidhm sa seomra ranga trí úsáid éifeachtach a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha
  • Uirlisí agus straitéisí digiteacha cuí a shainaithint a thacaíonn le foghlaim chuimsitheach i do sheomra ranga
  • Acmhainn dhigiteach inrochtana a chruthú agus a roinnt
  • Plean gníomhaíochta a chruthú do do rang agus a aithint conas a úsáidfidh tú an teicneolaíocht dhigiteach chun tacú le foghlaim chuimsitheach.

Ábhar an Chúrsa

Sa chúrsa seo, déanfaidh tú iniúchadh ar conas is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach tacú le cur chuige um Dhearadh Uilíoch don Fhoghlaim, ag féachaint go háirithe ar an dóigh a nglacann daltaí páirt san fhoghlaim (Modhanna Iomadúla Rannpháirtíochta), conas is féidir le múinteoirí ábhar foghlama a léiriú ar bhealach inrochtana (Modhanna Iomadúla Léirithe) agus conas is féidir le daltaí an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun iad féin a chur in iúl agus a gcuid foghlama a léiriú (Modhanna Iomadúla Cur in Iúl).

Tá an cúrsa roinnte ina chúig mhodúl:

  1. Forléargas ar an teicneolaíocht dhigiteach chun tacú le cuimsiú
  2. Modhanna Iomadúla Rannpháirtíochta
  3. Modhanna Iomadúla Léirithe
  4. Modhanna Iomadúla Gníomhaíochta agus Cur in Iúl
  5. Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach, Sábháilteacht ar Líne agus na Chéad Chéimeanna Eile.

Cuimsítear réimse deiseanna machnaimh ann, lena n-áirítear féinmheasúnú UDL, tascanna bunaithe ar chomhthéacsanna na rannpháirtithe féin chomh maith le deiseanna chun cleachtas a phlé agus a roinnt le múinteoirí eile.

Riachtanais

Riachtanais an rannpháirtí: Ní mór don rannpháirtí ardchaighdeán rannpháirtíochta bríche a bheith acu ar an gcúrsa seo chun é a chur i gcrích i gceart. Áirítear leis sin páirt a ghlacadh i réimse comhráite ar líne, cumarsáid a dhéanamh le chomh-rannpháirtithe agus an ríomh-theagascóir chomh maith le roinnt tascanna a chur i gcrích (e.g, imlíne ceachta, loga machnamhach foghlama agus Taifead Foghlama). Cuimseofar riachtanais sannaithe eile le linn an chúrsa.

Tabhair ar d’aire freisin riachtanais na Roinne Oideachais, a deir gur sa chás gur chláraigh rannpháirtí le haghaidh níos mó ná cúrsa amháin (le soláthraí cúrsa ar bith), ní féidir na cúrsaí a chur i gcrích ach go comhleanúnach seachas i gcomhthráth.

Gléas:  Ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad* a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safari suiteáilte air. D’fhéadfadh go mbeadh micreafón ionsuite nó seachtrach, nó fón cliste, riachtanach chun fuaim a thaifeadadh do mheasúnacht aonarach (agus sin amháin). Caithfidh ceangail láidir leathanbhanda idirlín a bheith agat. 

*Oibreoidh an chuid is mó de ghléasanna táibléid go maith le bogearraí ár gcúrsa ach is féidir nach mbeidh roinnt gléasanna, atá níos sine, comhoiriúnach. Ná húsáid fón cliste chun an cúrsa seo a chur i gcrích le do thoil.

Bogearraí/Aipeanna: Cé go bhfuil an cúrsa seo saor in aisce, áirítear leis an ábhar samplaí de réimse leathan aipeanna agus teidil bogearraí a fheidhmíonn mar eiseamláirí, agus bíonn costas ar roinnt acu. Chomh maith leis seo, ní mór do gach rannpháirtí cúrsa cuntas a chruthú le ceann de rogha aipeanna (saor in aisce nó le costas) ar son cruthú agus comhroinnt acmhainní.

Suirbhé Tionchair agus Machnamh

Iarrfar ar rannpháirtithe a chláraíonn don chúrsa seo páirt a ghlacadh i suirbhé (tionchair) leantach agus i gcúrsa gairid le haghaidh machnaimh agus comhroinnte an scoilbhliain dár gcionn, ar “Úsáid Teicneolaíochtaí Digiteacha sa Seomra Ranga Bunscoile”. Cuirfidh seo rannpháirtithe ar a gcumais machnamh a dhéanamh ar a gcuid cleachtais, agus a n-eispéiris maidir le cur i bhfeidhm na rudaí a bheidh foghlamtha acu ina seomraí ranga féin a roinnt le múinteoirí eile a mbeidh an cúrsa samhraidh curtha i gcrích acu.

Níl ach 45 nóiméad ag teastáil uait don dá mhír seo.

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo. Tá an cúrsa seo faofa le haghaidh laethanta EPV.

 

 

Critéir an Chúrsa (léigh seo roimh chlárú)

Caithfidh gach rannpháirtí glacadh lenár dtéarmaí seirbhíse agus rochtain á fháil ar ár n-ardán foghlama do chúrsaí ar líne den chéad uair, a chlúdaíonn gealltanais agus dualgais ríthábhachtacha an rannpháirtí chomh maith líne cód iompair an rannpháirtí i ndáil le rannpháirtíocht sa chúrsa.

Trí chlárú don chúrsa seo, glacann tú leis na nithe seo a leanas freisin:

  • Caithfidh go n-áireofar leis na huaireanta a chaithfear ar an gcúrsa 10 n-uaire ar a laghad ar líne taobh istigh de chúrsa Teicneolaíocht Oide san Oideachas (ar ár n-ardán foghlama), de réir uathríomh na n-uaireanta ar líne a dhéanann ár n-ardán foghlama. Ní rud beacht é ríomh na n-uaireanta ar líne toisc go dtéann go leor gnéithe inathraitheacha i bhfeidhm air, ach cloífear le huathríomh na n-uaireanta ar líne seo.
  • Ní cheart do rannpháirtithe na hacmhainní/naisc a chruthaítear agus a chomhroinntear trí ardáin eile (e.g., Conairí Foghlama Scoilnet agus aipeanna Físeáin) a scriosadh go dtí tar éis an 31 Lúnasa 2024.

Beidh an clárú ar oscailt ó 10rn, 1 Bealtaine. 

Teastaíonn cuntas Scoilnet ó rannpháirtithe fhéinchlárú a dhéanamh, mar sin, seiceáil roimh ré go bhfuil rochtain agat ar do chuntas Scoilnet.

An bhfuil sonraí do chuntais Scoilnet ligthe i ndearmad agat?

Níl cuntas ar bith agat? Cláraigh ar leathanach Cláraithe Chuntas Scoilnet.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.