Seachtain Mhatamaitice na hÉireann 2026
28th October 2026
Is tionscnamh uile-oileánda í Seachtain Mhatamaitice na hÉireann lena gcuirtear dearcadh dearfach i leith na matamaitice chun cinn agus lena dtugtar chun suntais tábhacht na matamaitice inár saol ó bhliain a 2006 i leith. Is comhpháirtíocht chomhoibríoch í an fhéile bhliantúil seo idir eagraíochtaí, lena n-áirítear gach ollscoil, institiúid teicneolaíochta, comhlacht gairmiúil, ionad do chuairteoirí agus go leor eile. Tá an tSeachtain Mhatamaitice ar cheann de cheithre fhéile náisiúnta ETIM, agus tá méadú tagtha uirthi anois go meallann sí rannpháirtíocht ó suas le 520,000 duine gach bliain ar fud oileán na hÉireann.
Beidh sí ar siúl i mbliana ón 10 go dtí an 18 Deireadh Fómhair. Bí cinnte go nglacann tú páirt! Mar chabhair, tabhair cuairt ar leathanaigh téama Bunscoile agus Iarbhunscoile Scoilnet.