Seaimpíní na Saoránachta Digití
11th February 2026
Tá teagascóirí na Seaimpíní Saoránachta Digití ag cur seimineáir ghréasáin agus ceardlanna ar an láthair go pearsanta ar fáil sna hIonaid Oideachais ar fad le linn na bliana freisin, ina gcuirtear iompraíocht shábháilte, fhreagrach agus chuimsitheach ar líne chun cinn. Is féidir le scoileanna teagmháil a dhéanamh lena nIonad Oideachais áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi na seimineáir ghréasáin agus na ceardlanna sin.