Seimineáir Ghréasáin Sábháilteachta Ar Líne Saor in Aisce do Thuismitheoirí
11th February 2025

Cuireann an tsraith seimineár gréasán seo ar chumas na dtuismitheoirí tacú le heispéireas ar líne a gcuid páistí. Pléitear príomhghnéithe an domhain dhigitigh i ngach seisiún, idir an chumarsáid shábháilte agus spraoi sláintiúil ar líne, chun mífhaisnéis a aithint agus tuiscint a fháil ar conas a imríonn algartaim agus an príobháideachas tionchar ar an saol laethúil digiteach. Leis an treoir phraiticiúil, foghlaimeoidh tuismitheoirí conas nósanna digiteacha measúla, freagracha, dearfacha a bpáistí a chothú. I measc sainaíonna na sraithe tá an Dr Colman Noctor, Mark Little, agus Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí.