Skip to main content

Seimineáir Ghréasáin Sábháilteachta Ar Líne Saor in Aisce do Thuismitheoirí

Seimineáir Ghréasáin Sábháilteachta Ar Líne Saor in Aisce do Thuismitheoirí

7th February 2023

Le haghaidh Lá na Sábháilteachta Idirlín, 2023, beidh Webwise ag óstáil dhá sheimineár gréasáin sábháilteachta ar líne SAOR IN AISCE do thuismitheoirí a bhfuil leanaí níos óige acu, agus do thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu. 

Ag Tacú le Leanaí Ar Líne – an 7 Feabhra @ 8i.n.

Tá áthas ar Webwise, i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Náisiúnta Tuismitheoirí, Seimineár Gréasáin Sábháilteachta ar Líne a eagrú do thuismitheoirí a bhfuil leanaí óga acu. Pléifear sa seimineár gréasáin deiseanna agus rioscaí do leanaí ar líne, tabharfar comhairle phraiticiúil chun tacú le tuismitheoirí agus freagrófar roinnt ceisteanna coitianta. Cuirfidh foireann Apple míniú gairid ar rialúcháin Tuismitheoirí agus roinnt eochair-ghnéithe sábháilteachta ar fáil freisin

Beidh an seimineár gréasáin seo ar siúl Dé Máirt, an 7 Feabhra ar 8i.n.

Cláraigh Anois >>

Ag Tacú le Déagóirí Ar Líne – an 21 Feabhra @ 8i.n.

Webwise; tá áthas ar Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín an Seimineár Gréasáin Sábháilteachta ar Líne ‘Talk, Listen, Learn’ a óstáil do thuismitheoirí/caomhnóirí déagóirí.

Déanfar iniúchadh sa seimineár gréasáin ar dheiseanna agus rioscaí do leanaí ar líne, tabharfar comhairle phraiticiúil chun tacú le tuismitheoirí, aibhseofar eochair-acmhainní/tacaíochtaí agus freagrófar roinnt ceisteanna coitianta. Cuirfidh Foireann Sábháilteachta TikTok míniú gairid ar fáil freisin ar an gcaoi a n-oibríonn TikTok agus roinnt eochair-ghnéithe sábháilteachta.

Beidh an seimineár gréasáin seo ar siúl ar an Máirt, an 21 Feabhra ar 8i.n.

Cláraigh Anois >>

Ar ais go dtí an nuacht is déanaí

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.