Seoladh Thionscadal BRICS
6th November 2025
Seoladh an dara leagan de Thionscadal BRICS (Curaclam Comhtháite Fíorshaoil a Thógáil in ETIM) le déanaí. Tríd an tionscnamh spreagúil seo ligtear do dhaltaí ón 4ú rang go dtí an 6ú rang a bheith páirteach i bhfadhbanna an tsaoil réadúil a réiteach agus fearais Spike Essential LEGO á n-úsáid. Trí shraith Imeachtaí Foghlama Gairmiúla, tacófar le múinteoirí códú agus smaointeoireacht ríomhaireachtúil a chomhtháthú ar fud an Churaclaim.