Tá iarratais do ról Ambasadóra SID ar Oscailt!
28th October 2026
Is féidir iarratais a chur isteach anois don Chlár Oiliúna d’Ambasadóir do Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte!
Is clár oiliúna idir phiaraí é seo atá oscailte do scoláirí iarbhunscoile ar spéis leo feachtas Lá le haghaidh Idirlíon Níos Sábháilte a reáchtáil ina scoil, a gclub nó a bpobal féin. Is deis iontach í freisin do dhaltaí a gcuid scileanna ceannaireachta, obair foirne agus cumarsáide a fhorbairt, agus iad ag cabhrú le heispéireas ar líne atá níos sábháilte agus níos dearfaí a chur chun cinn do dhaoine eile.