Skip to main content

Ceisteanna Ginearálta

Cén áit ar féidir le scoileanna tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Leathanbhanda na Scoileanna?

Ceisteanna faoi Scagadh

Cén fáth a bhfuil bac ar roinnt suíomhanna gréasáin ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna?

Conas is féidir lenár scoil a leibhéal scagtha a athrú?

An féidir suíomh gréasáin atá i gcatagóir a bhfuil bac air a chur ar fáil?

An féidir bac a chur ar shuíomh gréasáin atá ceadaithe?

An féidir liom an bac a bhaint de roinnt suíomhanna gréasáin do Rang Aosach

Ceisteanna Teicneolaíochta

Cad iad na teicneolaíochtaí rochtana leathanbhanda a úsáidfear chun scoileanna a nascadh?

Cad is Ródaire Leathanbhanda ann? 


Ceisteanna Ginearálta

Cén áit ar féidir le scoileanna tuilleadh eolais a fháil faoi Chlár Leathanbhanda na Scoileanna?

Is í an Deasc Seirbhíse an pointe teagmhála lárnach a sholáthraíonn faisnéis, comhairle agus tacaíocht do scoileanna maidir le Clár Leathanbhanda na Scoileanna. Is í uimhir ghutháin na Deisce Seirbhíse Leathanbhanda 1800 33 44 66. Tá tuilleadh sonraí teagmhála ar fáil ar Shonraí teagmhála na Deisce Seirbhíse Leathanbhanda

^ Ar ais go barr

Ceisteanna faoi Scagadh

Cén fáth a bhfuil bac ar roinnt suíomhanna gréasáin ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna?

Cuirtear suíomhanna gréasáin a ndéantar rochtain orthu ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna trí leibhéal scagtha lena chinntiú go ndéanfar suíomhanna míchuí a eisiamh. Sa chás go dtarlaíonn sé sin, feicfear leathanach teachtaireachta “Web page Blocked”.
Cuirtear suíomhanna gréasáin isteach i gcatagóirí, a roinntear ansin ar fud leibhéil scagtha. Braitheann rochtain ar shuíomh ghréasán ar a chatagóir, agus ar an leibhéal scagtha a chuir scoil isteach air. In ainneoin go bhfuil na milliúin suíomhanna gréasáin catagóirithe d’fhéadfadh sé go mbeadh an suíomh gréasáin ar mian leat rochtain a fháil air gan chatagóir nó i gcatagóir a bhfuil bac air. Féach Scagadh Ábhair le haghaidh tuilleadh sonraí ar chatagóirí/leibhéil scagtha agus conas catagóir a shocrú nó a athrú le haghaidh suíomh gréasáin.

^ Ar ais go barr

Conas is féidir lenár scoil a leibhéal scagtha a athrú?
Is féidir le scoileanna ar mian leo a leibhéal scagtha a athrú an fhoirm um Athruithe Scagtha Ábhair atá ar fáil ar an leathanach Scagadh Ábhair a íoslódáil agus a sheoladh ar ais. Ba chóir foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chuig an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda (tá sonraí an tseolta ar an bhfoirm).

^ Ar ais go barr

An féidir suíomh gréasáin atá i gcatagóir a bhfuil bac air a chur ar fáil?

I gcás go bhfuil suíomh gréasáin i gcatagóir nach bhfuil ceadaithe ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna ach go meastar gur chóir an suíomh gréasáin a chur ar fáil do scoileanna, féadfar an suíomh gréasáin sin a chur le Liosta Bán. Cuirtear gach suíomh gréasáin atá liostaithe ar an Liosta Bán ar fáil do scoileanna. Féadfaidh scoileanna a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar shuíomh gréasáin lena chur leis an liosta bán trí theagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda.

^ Ar ais go barr

An féidir bac a chur ar shuíomh gréasáin atá ceadaithe?

I gcás go bhfuil suíomh gréasáin i gcatagóir a cheadaítear ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna ach go meastar nach bhfuil an suíomh gréasáin oiriúnach do scoileanna, cuirtear an suíomh gréasáin sin le Liosta Dubh. Ní cheadaítear rochtain i scoileanna ar aon cheann de na suíomhanna gréasáin atá liostaithe ar an Liosta Dubh. Féadfaidh scoileanna a iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar shuíomh gréasáin lena chur leis an liosta dubh trí theagmháil a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda.

^ Ar ais go barr

An féidir liom an bac a bhaint de roinnt suíomhanna gréasáin do Rang Aosach

Tá Leibhéal um Scagadh Ábhair Aosach ann ar féidir é a chasadh air ar feadh cúpla uair an chloig chun ranganna aosach a éascú, go háirithe na cinn a chuireann oideachas ar thuismitheoirí maidir le suíomhanna líonraithe sóisialta amhail Facebook agus Bebo. Cuirfear bac, ar ndóigh, ar na catagóirí ábhair seo a leanas le linn na dtréimhsí sin: .‘Pornagrafaíocht’, ‘Ábhair Aosach’ agus ‘Bogearraí Mailíseacha’ agus coimeádann an SFGM – Teicneolaíocht san Oideachas an ceart chun ábhar eile a chosc de réir mar is gá. Is féidir le scoileanna ar mian leo leas a bhaint as an leibhéal scagtha sin an Fhoirm Iarratais ar Leibhéal Scagtha Aosach atá ar fáil ar an leathanach Scagadh Ábhair a íoslódáil agus a sheoladh ar ais. Ní mór foirmeacha comhlánaithe a chur ar ais chuig an Deasc Seirbhíse Leathanbhanda (tá sonraí an tseolta ar an bhfoirm) seachtain roimh an rang.

^ Ar ais go barr

Ceisteanna Teicneolaíochta

^ Ar ais go barr

Cad iad na teicneolaíochtaí leathanbhanda a úsáidtear chun scoileanna a nascadh?

Úsáidtear roinnt teicneolaíochtaí éagsúla lena n-áirítear snáithín, VDSL, ADSL, nasc gan sreang agus cábla lena chinntiú go bhfuil gach scoil ar fud na hÉireann nasctha, beag beann ar an suíomh. Braitheann an teicneolaíocht ar leith a úsáidtear chun scoil ar leith a nascadh ar roinnt tosca lena n-áirítear suíomh na scoile, agus na roghanna nascachta leathanbhanda atá ar fáil sa cheantar áitiúil.

^ Ar ais go barr

Cad é rud an Ródaire Leathanbhanda?

Is píosa trealaimh TFC é an ródaire leathanbhanda a shuiteáiltear sa scoil mar chuid den phróiseas suiteála a úsáidtear chun líonra áitiúil na scoile (nó LAN) a nascadh leis an nasc leathanbhanda, trí móideim leathanbhanda.  Is é tríd an ródaire leathanbhanda is féidir leis an scoil rochtain ardluais a fháil ar Líonra Leathanbhanda na Scoileanna i gcónaí agus ar an Idirlíon dá réir sin.

^ Ar ais go barr

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.