Skip to main content

Bunaíodh cláir an Chiste um Barr Feabhais Scoileanna – Digiteach agus ETIM chun úsáidí nuálacha na dteicneolaíochtaí digiteacha agus ETIM sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a chur chun cinn trí chomhoibriú cnuasach scoileanna ar thionscadail ar leith.

Is iad seo a leanas liosta de na cnuasaigh de thionscadail, lena n-áirítear na scoileanna rannpháirteacha agus achoimre ghairid ar an tionscadal. Rinneamar iad a ghrúpáil in ETIM, Códú & Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil agus Teicneolaíochtaí Digiteacha Ginearálta.

Braislí Foghlama Digití – ETIM

North East Stem Champions

Scoil Náisiúnta Foghlaim le Chéile Aston Village 20294I

Scoil na gCailíní 16202B

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Is é oideachas ETIM oideachas an todhchaí agus is mian linn béim níos mó a chur ar an réimse seo inár scoileanna trí phobal foghlama gairmiúil de Sheaimpíní ETIM a chur ar bun a bheidh gníomhach i dtionscadail chomhoibríocha, i mbun eolas a chruthú agus dea-chleachtas a roinnt le múinteoirí eile agus le pobal na scoile i gcoitinne.

Oibreoidh ár gcnuasach digiteach le chéile chun stór de cheachtanna ETIM praiticiúla tarraingteacha a chruthú is féidir a úsáid i mBunscoileanna.

Déanfaimid anailís ar thionchar an treoirthionscadail nuálaigh seo ar an bhfoghlaim ag na múinteoirí agus ag na mic léinn araon trí úsáid a bhaint as modhanna taighde cáilíochtúla (agallaimh) agus cainníochtúla (suirbhéanna) chun measúnú a dhéanamh ar conas a tháinig athrú, agus ar tháinig athrú, ar a scileanna agus ar a ndearcadh mar thoradh ar a rannpháirtíocht d’fhonn ár dtionscadal a scaipeadh go dtí braislí digiteacha eile, go dtí scoileanna ar fud na tíre agus níos sia ó bhaile go dtí an Eoraip trí rannpháirt a ghlacadh i dtionscadail de chuid Erasmus+.

ETIM do na Cailíní ar na leibhéil go léir

Meánscoil na Toirbhearta, Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí 61260U (scoil cheannais)

Bunscoil Toirbhearta Mhuire Gan Smál 14952L

Gaelscoil Mhic Easmainn 19631Q

Scoil Íde, Na Coirríní 09938N

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Tá sé de chuspóir ag an tionscadal seo a chumasú do chailíní éirí leo in ETIM trí úsáid a bhaint as modhanna forásacha de mhodheolaíochtaí idirghníomhacha teagaisc agus foghlama agus trí fhoirmeacha idirghníomhacha measúnúcháin chun foghlaim a dhéanamh.

Áirítear ar thorthaí an tionscadail seo mic léinn meánscoile a spreagadh le bheith ina n-eiseamláirí ETIM ag na bunscoileanna laistigh den bhraisle, suim a mhúscailt in ábhair ETIM i measc na mac léinn baineann bunscoile sa bhraisle agus rannpháirtíocht na ndaltaí bunscoile in ábhair ETIM a mhéadú agus iad ag dul chun cinn go dtí an t-oideachas dara leibhéal. Tá páirt glactha ag na mic léinn in go leor ceardlann spreagúil go dtí seo lena n-áirítear ceardlanna bunaithe ar phriontáil 3D, ceardlanna inar cuireadh le chéile carranna faoi chumhacht cadhnraí, agus ceardlanna i dtaobh na Réaltachta Fíorúla.

Tá páirt glactha ag roinnt scoileanna baisle sna tionscnaimh Vex Robotics agus Cuir Eolas ar an Eolaíocht agus an Matamaitic Bhunscoile leis. Ina theannta sin, bhí deis ag roinnt mac léinn freastal ar Thaispeántas na nEolaithe Óga ag BT chomh maith le Taispeántas iWish.

Sa bhliain atá romhainn amach, tá sé beartaithe go ndíreofar sa tionscadal ar scileanna códúcháin agus róbataice a fhorbairt i measc na mac léinn agus feabhas a chur ar dhearcadh na mac léinn i leith ETIM.

FRÉAMHACHA ETIM

Coláiste Chiaráin 71840V (scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Chromadh 09306W

Scoil Dean Cussen 20133H

Scoil Íde 18872K

Scoil Náisiúnta Roxboro 15680J

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Is tionscadal é STEM ROOTS a chuimsíonn bunscoileanna, meánscoileanna agus forais tríú leibhéal.

Comhoibreoidh mic léinn agus múinteoirí de chuid gach ceann de na hearnálacha le chéile chun ríomh-Phunanna grúpa a chur le chéile trína dtaispeánfar forbairt ETIM trí thionscadail deartha gréasáin, crua-earraí agus bogearraí.

Meaisíní agus Meicníochtaí

Scoil Náisiúnta na Foithre 15945T (Scoil Cheannais)

Scoil Náisiúnta Chathair Uí Mhóráin 16898S

Scoil Náisiúnta Mhuire na Mainistreach 18049G

Murhur N.S. 13540G

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle. (Twitter @kerry_stem)

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Tá limistéar tiomnaithe inár scoileanna á phleanáil agus á chruthú againn, limistéar ina ndíreofar ar ETIM a fhorbairt.

Táimid chun ETIM a chorprú isteach i gcuraclam na scoile i gcomhair leibhéil éagsúla ranganna idir na Naíonáin Shóisearacha agus an Séú Rang.

Beidh foghlaim phraiticiúil i gceist ann agus beidh sé faoi stiúir ag an dalta féin, trí úsáid a bhaint as an teicneolaíocht is déanaí. Beidh leanaí ina bhforbróirí, ina gcruthaitheoirí agus is iad a thiomáinfidh athruithe ar an teicneolaíocht chun cinn.

Féadfar teagasc agus foghlaim phraiticiúil ardchaighdeáin a dhéanamh a bhuíochas ar na hacmhainní.

Dul Chun Cinn maidir le ETIM/Códú de ón mBunscoil go dtí an Mheánscoil

Scoil Náisiúnta Foghlaim Le Chéile Leamhcán Thoir 20303G (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Foghlaim Le Chéile Ghleann an Ghrífín 20166w

Scoil Náisiúnta Foghlaim Le Chéile na hEascrach 20274C

Coláiste Pobail na Ciseoige 76152C

Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Maidir leis an tionscadal seo againne, pléimid le scileanna códúcháin, pleanála, deartha, cruthaithe, réitigh fadhbanna trí chur chuige tionscadail ETIM agus úsáid á baint as acmhainní digiteacha lena gcuirtear smaointeoireacht ríomhaireachtúil chun cinn.

Trí FGL do mhúinteoirí a áireamh, tá sé beartaithe againne na tionscadail sin a chur i ngníomh i ngach rang sna bunscoileanna agus laistigh de ranganna códúcháin/eolaíochta na meánscoileanna.

Ba chóir taithí phraiticiúil a bheith ag gach leanbh ar an bpleanáil, ar an dearadh, ar an gcruthú agus ar an ríomhchlárú ach na hacmhainní leordhóthanacha a bheith ar fáil chuige sin.

Beidh na leanaí ag obair ar thionscadail a bheidh bunaithe ar théamaí is iomchuí maidir leo féin agus maidir leis an saol mórthimpeall orthu.

Tá sé beartaithe againn cur chuige forásach, comhoibritheach a bheith ann idir na scoileanna laistigh den bhraisle lena n-áireofar bunscoileanna, meánscoileanna agus forais tríú leibhéal.

D’áireofaí air sin imeachtaí rialta sárthaispeántais, imeachtaí oiliúna agus mic léinn meánscoile idirbhliana a bheith ag teagasc do na leanaí bunscoile.

Mol ETIEM agus Lárionad Bairr Feabhais Teicneolaíochta i bPobalscoil Bhreandáin Naofa i gcomhair an réigiúin

Pobalscoil Bhreandáin Naofa 91491L (Scoil cheannais)

Gaelscoil na laochra 20461B

Scoil Náisiúnta Buachaillí Bhreandáin Naofa 12370C

Bunscoil na Trócaire 03220F

Scoil Naisiúnta Osmann 07949I

Scoil Náisiúnta Chríonchoille 18267Q

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Is éard is cuspóir don tionscadal seo ná timpeallacht foghlama gníomhaí dhá threo a chruthú trí mhol ETI(E)M a bhunú i gcomhair gach scoile i lár na tíre.

Teastaíonn uainn ár gcuid foghlama agus ár dtaithí foghlama a roinnt lenár bpobal de dhaoine óga agus nascadh sonrach a dhéanamh le daltaí agus le múinteoirí bunscoile.

Tá Stáisiún Aimsire bunaithe ar Arduino/Raspberry Pi curtha ar bun againne mar scoil, mar bhaill foirne, mar mhic léinn, mar choiste TF agus mar fhoireann meán.

Cabhróidh ár gcuid daltaí Idirbhliana le scoileanna áitiúla chun a gcuid stáisiún aimsire ar leithligh féin a thógáil.

Is éard a bheidh i gceist leis sin ná timpeallacht ghníomhach foghlama dhá threo ina ndéanfaidh mic léinn cuir i láthair do dhaltaí agus do bhaill foirne bunscoileanna agus ina bhforbróidh siad a scileanna cur i láthair agus cluastuisceana mar aon le múinteoireacht agus foghlaim i dtaobh an ábhair TF agus an ábhair dhigitigh a chothú.

Teastaíonn uainn gréasán de na stáisiúin aimsire sin a chruthú ionas gur féidir linn na tomhais go léir a chur i gcóimheas lenár lárionad ETI(E)M anseo i bPobalscoil Bhreandáin Naofa, Biorra.

Comhoibriú trasearnála chun suim agus rannpháirtíocht ag na mic léinn in ábhair ETIM a chur chun cinn

Meánscoil na mBráithre Críostaí, Durlas (65450W) (Scoil cheannais)

Scoil Ailbhe, Bunscoil na mBráithre Críostaí (17634M)

Scoil Mochaomhóg Naofa (16211C)

Scoil Náisiúnta Naomh Peadar Magh Corcu Éile (040005G)

Scoil Náisiúnta an Bhaile Bhig (18343G)

Scoil Náisiúnta Bhaile Chathail (01569O)

Gaelscoil Bhríde (19968F)

Scoil Náisiúnta Mhainistir na Croiche (18775M)

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle. (Cuntas Twitter – @TippSTEM)

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Trí rannpháirtíocht a dhéanamh sa tionscnamh ‘Ciste Bairr Feabhais Scoileanna’, mar bhraisle scoileanna, táimidne tiomanta do dhearcadh ár gcuid mac léinn i ndáil le staidéar a dhéanamh ar ábhair ETIM a scrúdú, do leibhéil níos airde rannpháirtíochta a spreagadh i measc na mac léinn agus do ghnóthachtáil na mac léinn a fheabhsú.

Is mian linn níos mó suime a chothú i measc na mac léinn atá i gceist trí dheiseanna níos fearr a thabhairt dóibh chun foghlaim bunaithe ar fhiosrú a dhéanamh.

Táimidne ag iarraidh a bhaint amach go mbainfidh na mic léinn sult as staidéar a dhéanamh ar na hábhair sin. Soláthrófar deiseanna níos fearr dár gcuid mac léinn sa todhchaí trí thaithí níos fearr a thabhairt do na mic léinn ar na réimsí sin laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

Díreofar sa chéad bhliain ar úsáid na teicneolaíochta braiteora gan sreang a thabhairt isteach sna bunscoileanna sa bhraisle.

Déanfar braiteoirí gan sreang de chuid Pasco a dháileadh ar na scoileanna agus a scaipeadh go tréimhsiúil eatarthu ionas gur féidir le daltaí bunscoile dul i mbun imscrúduithe praiticiúla a bhainfidh le cainníochtaí de shórt na gluaisne, an bhrú, na seoltachta, pH agus mórán eile.

Teicneolaíocht chun Comhoibriú, Cruthú agus Nuáil a Dhéanamh!Teicneolaíocht chun Comhoibriú, Cruthú agus Nuáil a Dhéanamh!

Meánscoil Foghlaim le Chéile Chorcaí 68263P (Scoil cheannais)

Meánscoil Foghlaim le Chéile Theach na Giúise 68307J

Meánscoil Foghlaim le Chéile Mhullach Íde Phort Mearnóg 68308L

Coláiste Pobail Chluain Torc 76394D

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Tá sé de chuspóir ag an tionscadal leas a bhaint as díograis agus smaointe na gceithre Mheánscoil Foghlaim le Chéile nua chun tionscnamh ETIEM a bhunú chun tacú le foghlaim na mac léinn sa ‘ríomhaireacht fhisiciúil’ agus in úsáid na dteicneolaíochtaí digiteacha.

Cruthóidh gach scoil ‘Spás Déantóra’ nó Seomra ETIEM (seomra/spás speisialtachta idirdhisciplíneach) d’fhonn cabhrú lenár ndaoine óga a bheith ina smaointeoirí criticiúla rannpháirteacha, ina bhfoghlaimeoirí gníomhacha agus cruthaitheacha.

I bhfad na haimsire, spreagfaidh sé sin comhtháthú éifeachtach a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí digiteacha ar fud an churaclaim atá á thairiscint sna scoileanna.

Ina theannta sin, beidh de thoradh air go mbeidh breis muiníne ag mic léinn agus ag múinteoirí araon as a bheith ag oibriú leis an teicneolaíocht.

Tá flosc ar gach ceann de na scoileanna láithreacht dhigiteach dhinimiciúil a bheith aici a chothóidh príomhscileanna na sraithe sóisearaí agus na scileanna san 21ú hAois atá riachtanach chun go mbeidh rath ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí ina saol.

Braislí Foghlama Digití – Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil

Foghlaim-Códú-Comhroinnt-Measúnú-Foghlaim

Pobalscoil Bhaile na mBocht (scoil cheannais) 91400F

Scoil Náisiúnta Mhuire agus Eoin 20497W

Scoil Speisialta Chilliain Naofa 19410A

Scoil Naisiunta Mharcuis B 19426P

Scoil Cailíní Bhréanainn 19427R

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Braisle foghlama digití atá sa tionscadal seo atá ar bun in oirthuaisceart Chathair Chorcaí agus é de chuspóir aige scileanna códúcháin a fhorbairt i measc na mac léinn tríd an tsamhail LeCSAL a chiallaíonn Foghlaim-Códú-Comhroinnt-Rochtain-Foghlaim.

Tá na scoileanna ag obair i gcomhpháirt le chéile chun scileanna códúcháin a fhorbairt agus dea-chleachtas a chomhroinnt i measc scoileanna trí úsáid a bhaint as raon uirlisí códúcháin agus róbataice leithéidí Beebots, Scratch, Lego We Do, mhaingíní Vex Robotics agus Raspberry Pi.

Tá na scoileanna ag díriú ar na gnéithe Foghlaim agus Códú i mbliana agus tá sé de chuspóir acu slite a fhorbairt lena gcuid foghlama a chomhroinnt sa bhliain atá amach romhainn.

Tá sé de chuspóir ag an tionscadal dearcaí dearfacha a chothú i measc na mac léinn i leith ETIM agus ábhair ríomhaireachta.

Tá sárthaispeántas dá gcuid foghlama á reáchtáil acu i bPobalscoil Bhaile na mBocht i mí Bhealtaine.

Scileanna Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla a Fhorbairt i dTimpeallacht Foghlama Eolaíochta Tógachaíche agus Bunaithe ar Fhiosrú i mBunscoileanna na hÉireann trí Ábhair Róbataice a úsáid

Gaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath, 20223I (Scoil cheannais)

Gaelscoil na Camóige

Gaelscoil Naomh Pádraig

Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh

Gaelscoil Uí Fhiaich

Scoil Uí Riada

Gaelscoil Eiscir Riada

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Bain úsáid as réimse d’ábhair ríomhaireachtúla (m.sh. ábhair de chuid Lego Education We Do 2.0) chun scileanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla múinteoirí & daltaí a fhorbairt i sé Ghaelscoil ó rang a 3 go rang a 6.

Oideolaíochtaí tógachaíocha agus oideolaíochtaí bunaithe ar fhiosrú a fhorbairt i measc múinteoirí rannpháirteacha, trí úsáid a bhaint as an Straitéis Dhigiteach do Scoileanna, Plean Feidhmithe ETIM 2017 – 2019 agus as an gCreat Foghlama Digití mar thagairt.

Pobal cleachtais inbhuanaithe agus inscálaithe a fhorbairt ina neadófar úsáid raon teicneolaíochtaí digiteacha i gcomhair teagaisc, foghlama agus measúnú ar fud na scoileanna braisle i dtosach báire agus a leathnófar amach go dtí an pobal níos leithne de Bhun-Ghaelscoileanna na hÉireann ar fud na tíre.

Naisc láidre a chruthú le hInstitiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, go háirithe Scoil an Oideachais ETIM, na Nuálaíochta agus an Léinn Dhomhanda, Stiúideo Nuálaíochta Oideachais Lego OCBÁC agus an FBM Éireannach STEM Solutions chun múnla tacaíochta leanúnaí agus foghlama gairmiúla a fhorbairt i gcomhair na scoileanna rannpháirteacha sa bhraisle.

Na scoileanna sa bhraisle a chothú de réir a chéile chun saineolas a fhorbairt ar shlí inbhuanaithe trí chreat piarmheantóireachta a fhorbairt (m.sh. líon na múinteoirí rannpháirteacha a leathnú ó 12 dhuine i mbliain 1, go dtí 24 dhuine i mbliain 2 agus 48 nduine i mbliain 3). D’fhéadfadh na múinteoirí sin ina dhiaidh sin tacú le múinteoirí eile i scoileanna eile is rud a chinnteoidh an inscálaitheacht.

Creat creidiúnúcháin a fhorbairt le OCBÁC do na múinteoirí rannpháirteacha sa bhraisle (Teastas Iarchéime / Clár Dioplóma).

Cás-staidéir a tháirgeadh chun oideolaíochtaí tógachaíocha agus oideolaíochtaí bunaithe ar fhiosrú a léiriú ina neadaítear úsáid chruthaitheach teicneolaíochtaí digiteacha agus iad “á gcur i ngníomh”.

Pacáistí agus ábhair churaclaim a fhorbairt agus a fhoilsiú is rudaí a fhorbrófar ar fud na braisle le tacaíocht ó OCBÁC agus STEM Solutions ar féidir iad a dháileadh agus a chur ar fáil do gach Gaelscoil, agus do bhunscoileanna Béarla le himeacht aimsire.

Conas is féidir leis an róbataic oideachais agus leis an gcódú feabhas a chur ar Churaclam Bunscoile na hÉireann

Scoil Náisiúnta an Tóchair 17281F (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta na Ceapaí Buí 17011W

Scoil Náisiúnta Dhraighní 19918N

Roinn na Ríomheolaíochta COC

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Tá sé beartaithe againn staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar thabhairt isteach agus úsáid nuálaíoch na róbataice oideachais agus an chódúcháin chun an teagasc agus an fhoghlaim i mbunscoileanna a fheabhsú.

Táimid muiníneach go gcuirfear ar fáil, ach a dtabharfar isteach an róbataic oideachasúil, tacair éagsúla de ghníomhaíochtaí oideolaíocha a bheidh deartha chun inniúlachtaí iolracha na mac léinn a fhorbairt.

Táimid ag súil le timpeallacht oideachais a fhorbairt, ina gcomhtháthófar an róbataic oideachais agus an códú chun iniúchadh a dhéanamh ar choincheapa na hEolaíochta, na Teicneolaíochta, na hInnealtóireachta agus na Matamaitice, agus foghlaim ina dtaobh sin, agus na scileanna sin á gcomhtháthú in éineacht leis sin chun fadhbanna laethúla a réiteach.

Táimid ag súil le scileanna teanga na leanaí a fheabhsú ach buneolas a thabhairt dóibh ar an mbloc-ríomhchlárú amhairc.

Is féidir le leanaí tríd an mbloc-ríomhchlárú amhairc a n-inneachar idirghníomhach is tábhachtach leo féin a chruthú go héasca.

Forbraítear na hinniúlachtaí seo trí chórais fhisiceacha arna dtógáil le cineálacha éagsúla ábhar agus atá á rialú ag ríomhaire, a dhearadh, a thógáil, a ríomhchlárú, a dhífhabhtú agus a thástáil.

Tá sé beartaithe againn úsáid nuálaíoch na dteicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a léiriú, trínár mbraisle agus trí TFC a leabú d’fhonn cáilíocht fhoriomlán an oideachais in Éirinn a fheabhsú.

Scileanna san Inniúlacht Dhigiteach a Fhorbairt: An Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil agus an Chruthaitheacht i nDomhan Digiteach

Scoil Náisiúnta Scairteach an Ghlinne 19745I (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Ghleann an Ghoirt 07317R

Scoil Náisiúnta Chill Mhuire 10394G

Scoil Náisiúnta Chluain Droichead 14839P

Coláiste Íde agus Iosef, Mainistir na Féile (PP) 61301I

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur Síos ar an Tionscadal

Forbrófar sa tionscadal seo scileanna inniúlachta digití gach dalta sa scoil trí phlean forásach agus difreálach in imeacht tréimhse trí bliana.

Is éard is cuspóir don phlean cleachtais chódúcháin a leabú, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus réiteach fadhbanna a fhorbairt agus cruthaitheacht a spreagadh in éineacht leis sin.

Roinntear na scileanna códúcháin atá le múineadh ina gceithre leibhéal, Sóisearach/Sinsearach, Rang a hAon/Rang a Dó, Rang a Trí/a Ceathair agus Rang a Cúig/a Sé. Tugtar an t-ábhar agus na scileanna chun cinn de réir mar a théann an leanbh ar aghaidh trí leibhéil na scoile. Beidh téama uileghabhálach ag gabháil le gach bliain den tionscadal a shíneoidh ar fud na leibhéal. Ina theannta sin, gheofar sna téamaí sin an struchtúr i gcomhair cuir chuige théamacha uile-scoile a gcomhtháthófar le gach gné den churaclam iad.

Tógáil agus róbataic WeDo 2.0/ Mindstorms EV3 – trasdul tríd an mbunscoil agus go dtí an iar-bhunscoil

Gaelscoil an Ráithín 20181s (Scoil cheannais)

Foghlaim le Chéile Luimnigh Thoir (20175A)

Scoil Náisiúnta Buachaillí Áth Dara (16712B)

Scoil Náisiúnta Lios na Graí (18516L)

Coláiste Pobail Mhungairit (76476F)

Scoil Náisiúnta Dhroichead an Chláirín (19965W)

Scoil Naomh Éanna (14636B)

Bunscoil an Chroí Rónaofa, Gránard (20101R)

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Féachfar sa tionscadal seo leis an bhfiosracht agus na scileanna atá ag na leanaí in ábhair ETIM a fheabhsú trí thógáil agus róbataic WeDo 2.0/ Mindstorms EV3 a spreagadh d’fhonn a n-aistriú tríd an mbunoideachas agus isteach san oideachas iar-bhunscoile a shocrú agus a éascú.

Bainfidh an bhraisle úsáid as raon d’ábhair ríomhaireachtúla (m.sh. ábhair Lego Education We Do 2.0, Lego Mindstorm) chun scileanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla múinteoirí agus daltaí a fhorbairt i seacht scoil ón 2ú bliain go dtí an 1ú bhliain san iar-bhunscoil. Bainfear úsáid sa bhraisle as oideolaíochtaí tógachaíocha agus bunaithe ar fhiosrú i measc na múinteoirí rannpháirteacha i rith chúrsa an tionscadail. Chomh maith leis sin, úsáidfear sa bhraisle teicneolaíochtaí digiteacha comhlántacha eile de shaghas Adobe Spark Video agus Book Creator chun guth agus taithí na mac léinn a léiriú. D’fhonn tuilleadh eolais a fháil, téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle ar shuíomh gréasáin Lego Stem Cluster. http://legostemcluster.weebly.com/

Códú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil i gComhthéacs Comhoideachais Bunscoile agus Iar-bhunscoile

Coláiste Mhuire, Baile Sheáin 70600T (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Naomh Ciaráin 17339K

Scoil an Chroi Ro Naofa 19930D

Scoil Náisiúnta Ghort na hUamha 17580P

Scoil Tighearnach Naofa 19791P

Scoil Mhichil Naofa 17222M

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle. (Cuntas Twitter @CMJ_STEM)

Cur Síos Gairid ar an Tionscadal

Is comhoibriú é an tionscadal seo idir iar-bhunscoil agus cúig bhunscoil.

Is é an rud is mó a ndíreofar air sa tionscadail ná feabhas a chur ar scileanna Smaointeoireachta Ríomhaireachtúla agus Códúcháin na mac léinn chun líon na gcailíní, go háirithe, a dhéanfaidh Gearrchúrsa SS sa Chódú, a mhéadú.

Beidh sé sin ina chabhair le bunú na hEolaíochta Ríomhaireachta mar ábhar Ardteistiméireachta, mar aon le méadú a dhéanamh ar líon na n-ábhar ETIM inár scoil.

Mar thoradh díreach air sin, cruthóimid níos mó iarrthóirí ar chúrsaí 3ú leibhéal ETIM agus ar phrintíseachtaí chun cabhrú leis an nganntanas scileanna faoi láthair san earnáil sin a líonadh, is rud a bheidh ag teacht le príomhthionscnaimh bheartais.

An Eolaíocht Ríomhaireachta sna Bunscoileanna – I dTreo Curaclaim

Scoil Naomh Colmcille, Darú 17508H (Scoil cheannais)

Scoil Buachaillí Phroinsiais Naofa 18406E

Scoil Bhríde, Clóirtheach 13118U

Scoil Naisiunta Peadar agus Pól 18068K

Scoil an Chlochair 20063M

Scoil Náisiúnta Chorr na Madadh 17903N

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Déanfar sa Tionscadal seo measúnú ar acmhainní agus ar mhodheolaíochtaí teagaisc fiúntacha agus – ag obair le comhpháirtithe sa tionscal agus san oideachas dúinn – curaclam bunscoileanna a chur le chéile a bheidh bunaithe ar na hacmhainní a bheidh ar fáil agus ar na cleachtais is fearr.

Díreoimid ar cheithre phríomhréimse; an inniúlacht ar ríomhairí, an códú, an dearadh grafach agus an scéalaíocht dhigiteach.

Cur chuige comhoibríoch i leith na Smaointeoireachta Ríomhaireachta agus Deartha chun Scileanna Réitigh Fadhbanna Bunscoile a fheabhsú

Scoil Náisiúnta Shinsearach Talbot 19510E (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Áine Naofa, Áth Cloch 17674B

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Tá sé de chuspóir ag an tionscadal seo smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus deartha na leanaí a fheabhsú i ranganna ón 3ú rang go dtí an 6ú rang d’fhonn scileanna fadhbréitigh a fheabhsú.

Déanfar sa tionscadal seo ceachtanna agus tascanna a cheapadh trí úsáid a bhaint as maingíní Lego WeDo agus chromebooks.

Fairis sin, úsáidfear sa bhraisle teicneolaíochtaí digiteacha comhlántacha eile de shaghas Adobe Spark Video agus Book Creator chun guth agus taithí na mac léinn a léiriú.

Leanúntas smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus gníomhaíochtaí/tionscnamh ríomhchláraithe a fhorbairt i mbraisle scoileanna i Maigh Eo/Sligeach

Scoil Náisiúnta Áth Tí an Mheasaigh 19488O (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Athracht Naofa 18003F

Scoil Náisiúnta an Stuacáin 14051T

Scoil Phádraig, 20230F

Scoil Náisiúnta an Ghoirt Chroim 14418O

Scoil Náisiúnta Aingeal Naofa 18694M

Scoil Náisiúnta na Beithí Móire 11725I

Scoil Náisiúnta na Creagaí 12467R

Bunscoil Naomh Seosamh 20089H

Scoil Náisiúnta na gClochánaí 17922R

Scoil Náisiúnta na Leithinse 05120L

Scoil Náisiúnta Foghlaim le Chéile Chaisleán an Bharraigh 20457K

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal

Tá leabú teicneolaíochtaí digiteacha san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú aitheanta ag an mBraisle Foghlama Digití seo mar réimse tosaíochta mar chuid dá bhFéinmheastóireacht Scoile (FMS) leanúnach.

Tá gach ceann de na scoileanna sa bhraisle ag obair i dtreo Cleachtas Fíoréifeachtach mar a shamhlaítear sa Chreat Foghlama Digití.

Tá sé sin á dhéanamh acu in imeacht na dtrí bliana a mhairfidh an tionscadal trí dhíriú ar chuir chuige uile-scoile d’fhonn cultúr feabhsúcháin, comhoibriúcháin, nuálaíochta agus cruthaitheachta a chur chun cinn san fhoghlaim, sa teagasc agus sa mheasúnú ionas go dtabharfar tacaíocht do gach múinteoir inár scoileanna trí chuir chuige foghlama ghairmiúla éagsúla d’fhonn cuir chuige teagaisc thógachaíocha a ghlacadh lena n-áirítear úsáid teicneolaíochtaí digiteacha i gcomhthéacsanna ranga aonair agus ilranga.

Gach scoil atá páirteach sa bhraisle, tá na hacmhainní ceannaithe comhtháthaithe isteach aici i gceachtanna smaointeoireachta ríomhaireachtúla agus i ngníomhaíochtaí ina gcuid ranganna, á gcur i gcuntas na leibhéil éagsúla taithí i ngach scoil.

An Códú/An Eolaíocht Ríomhaireachta ar fud an Churaclaim

Coláiste Cranncha (Scoil cheannais)

Coláiste Adhamhnáin

Scoil Náisiúnta Foghlaim le Chéile Leitir Ceanainn

Scoil Náisiúnta na Cloiche Finne

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Is é cuspóir an tionscadail ná úsáid nuálaíoch na dteicneolaíochtaí digiteacha sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú a léiriú, trí bhraislí scoileanna a bheith ag comhoibriú le chéile ar thionscadail faoi leith.

​Beidh sé de chuspóir ag an mbraisle seo tacaíocht a thabhairt do scoileanna agus do mhúinteoirí códú agus eolaíocht ríomhaireachta a thabhairt isteach ar fud an churaclaim, d’fhonn deis a thabhairt do mhic léinn ar leibhéil éagsúla (bunscoileanna agus meánscoileanna) foghlaim i dtaobh, agus úsáid a bhaint as, smaointeoireacht algartamach, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus cruthaitheacht chódúcháin chun an domhan a thuiscint agus a athrú.

Do Chonair go dtí an Oideachas a Éascú

Coláiste Éamann Rís 62540I (Scoil cheannais)

Bunscoil Buachaillí Cholmcille 13828F

Scoil Niocláis 20106E

Scoil Mhuire na nGrás 12473M

Scoil Réalt na Maidine 18734V

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Tá sé de chuspóir ag tionscadal BYTE an bhearna ón mbunoideachas go dtí an t-iar-bhunoideachas a líonadh trí scileanna digiteacha a fhorbairt i measc daltaí bunscoile.

Sa chéad bhliain den tionscadal, tá na mic léinn i gColáiste Éamann Rís ag obair le mic léinn de chuid na mbunscoileanna ar thionscadail a bhaineann leis an róbataic, an códú agus an fuinneamh in-athnuaite.

I gcéim a dó, beidh mic léinn agus múinteoirí ar fud na scoileanna braisle go léir páirteach i gclár de chuid G Suite for Education mar a bhfoghlaimeoidh siad conas aipeanna Google a úsáid sa seomra ranga.

Tabharfaidh mic léinn i Scoil Éamann Rís cuairt go rialta ar na mic léinn sna bunscoileanna, agus oibreoidh siad leo, chun meantóireacht agus treoir a sholáthar i dtaobh gach tionscadail. Beidh an bhraisle ag taispeáint na hoibre atá déanta acu go dtí seo ag Cruinniú Mullaigh Teicneolaíochta Chorcaí i Halla na Cathrach i mí Bealtaine.

Braislí Foghlama Digití – Ginearálta

Comhtháthú agus Feabhsú an IAT trí Fhoghlaim Dhigiteach i dTimpeallacht Aireach

Scoil Náisiúnta an Chroí Ró Naofa Íosa 19755L (Scoil cheannais)

Scoil Oilibhéir 19505L

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

“Tá sé de chumas ag TFC tacú le foghlaimeoirí, nach bhfuil Béarla (ná Gaeilge) mar chéad teanga acu, chun feabhas a chur ar a litearthacht béil agus scríofa.

I gcoitinne, aithnítear go bhfuil sé de chumas ag an teicneolaíocht dhigiteach córas oideachais níos cuimsithí a chruthú do na foghlaimeoirí uile.” (Straitéisí Digiteacha do Scoileanna, 2015-2020).

Tá deacracht nua ag teacht de Churaclam Teanga na Bunscoile ó thaobh teanga a mhúineadh, a fhoghlaim agus a mheasúnú i mBunscoileanna mar aon le dearcadh comhtháthaithe i leith an chéanna.

D’fhonn dul i ngleic leis an deacracht atá le sárú ag scoileanna maidir leis an ngné a bhaineann leis an teanga ó bhéal (Béarla agus Gaeilge) de Churaclam Teanga na Bunscoile (CTB) a mhúineadh, a fhoghlaim agus a mheasúnú, tugtar aghaidh sa tionscadal seo ar fhís CTB nua sealbhú na teanga ó bhéal a fheabhsú chomh maith leis an mbearna atá ann idir an Béarla agus an Ghaeilge a líonadh mar atá aitheanta sa CTB trí úsáid a bhaint as meáin dhigiteacha éagsúla.

Comhtháthú na Réaltachta Fíorúla (RF) sa Mhúinteoireacht, san Fhoghlaim agus sa Mheasúnú san 21ú hAois

Scoil Mharcais Sinsir 19390u (Scoil cheannais)

Scoil Náisiúnta Shinsearach an Chroí Rónaofa 19543T

Bunscoil Áine Naofa 20137T

Scoil Náisiúnta Shinsearach Thomáis Naofa 19765O

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Cuirfear deiseanna ar fáil sa tionscadal do mhic léinn agus do mhúinteoirí de chuid scoileanna DEIS atá faoi mhíbhuntáiste suntasach, chun dul i ngleic le saol na Réaltachta Fíorúla (RF) agus taithí a fháil ar an bhFoghlaim Dhigiteach san 21ú hAois i bhfad níos faide i gcéin ná teorainneacha an tseomra ranga agus an comhshaoil áitiúil.

Úsáidfidh múinteoirí agus mic léinn RF agus an fhoghlaim dhigiteach chun eispéiris foghlama a spreagadh ar fud na réimsí ábhar curaclaim roghnaithe agus béim faoi leith a leagan ar OSIE / OSPS / AN LITEARTHACHT / AN UIMHEARTHACHT.

Rachaidh siad ‘go dána’, trí mheán RF, isteach i dtodhchaí na múinteoireachta, na foghlama agus an mheasúnaithe i ngnás an lae laethúil sna scoileanna.

“Is féidir leat a bheith ag dréim le haon ní in aon chor a shamhlófar duit, agus tá cead do chinn agat agus tú i d’aosánach. Is í an tsaoirse is anam d’aon saghas ealaíne cruthaithí” ~ Glen Keane

Pléann laoch na beochana ag Disney – Glen Keane – conas gurb í an Réaltacht Fhíorúil scéalaíocht an todhchaí: https://www.youtube.com/watch?v=GSbkn6mCfXE”””””

An Fadbhréiteach Cruthaitheach agus an tOideachas Digiteach sa Mhúinteoireacht, san Fhoghlaim agus sa Mheasúnú san 21ú hAois

Scoil Náisiúnta Naomh Bríd 17230L

Scoil Náisiúnta Cailíní Chaoimhín Naofa 19466E

Scoil Náisiúnta San Amhlaoibh 19319O

Scoil Náisiúnta na Tríonóide Rónaofa 20190T

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle.

Cur Síos Gairid ar an Tionscadal

Ábhar mór buartha is ea an réiteach fadhbanna sa mhatamaitic a aithníodh i dtástáil chaighdeánaithe in Éirinn, mar atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta in 2011, Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol.

Is modh é an fadhbréiteach cruthaitheach (FC) chun fadhbanna a réiteach nó oscailtí a aithint nuair atá teipthe ar an smaointeoireacht thraidisiúnta an cheist sin a shocrú.

Spreagann sé sinn chun dearcthaí úra a fháil sa mhúinteoireacht, san fhoghlaim agus sa mheasúnú agus chun teacht ar réitigh nuálacha, ionas gur féidir linn plean a chur le chéile d’fhonn constaicí a shárú agus chun ár spriocanna a bhaint amach.

D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn le sárú ag scoileanna go laethúil le linn réiteach fadhbanna sa mhatamaitic a mhúineadh, a fhoghlaim agus a mheasúnú, tabharfaimid aghaidh go sonrach ar FC agus ar fheabhsú a dhéanamh ar scileanna, trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí agus meáin dhigiteacha éagsúla, i gcomhar le pearsana aonair agus institiúidí saineolaíocha eile.

Tionscadal Braisle Ilmheán

Scoil Náisiúnta Bhaile Átha Cliath 7 Ag Foghlaim le Chéile 20131D (Scoil cheannais)

Bunscoil na Toirbhearta, Cnoc Sheoirse 05933G

Bunscoil Naomh Pól 16695E

Bunscoil Mhuire 20436C

Clochar Shráid Ghairdinéir 12448N

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle (le teacht).

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Beidh an tionscadal seo dírithe ar úsáid na teicneolaíochta digití sa seomra ranga ag an múinteoir agus ag an dalta a fheabhsú trí úsáid a bhaint as bogearraí a bheidh cosúil le Microsoft Office 365/GSuite.

Cruthóidh na múinteoirí agus na daltaí ardán comhoibríoch a mbeidh na scoileanna rannpháirteacha go léir páirteach ann inar féidir leo smaointe agus torthaí a roinnt le chéile agus cumarsáid a dhéanamh le daoine eile.

Buaileann na leanaí le leanaí eile trí fhíschomhrá (Skype), oibríonn siad i gcomhar le chéile trí fheidhmchláir atá cosúil le OneNote, roinneann siad a gcuid oibre agus aschur trí fheidhmchláir de shaghas Sharepoint agus postálann siad smaointe agus tuairimí trí fheidhmchláir leithéidí Yammer.

Tá an tionscadal deartha chun a chur ar chumas na rannpháirtithe go léir a scileanna a fhorbairt in imeacht tréimhse thosaigh 3 bliana ach tá scóip ann chun leanúint ar aghaidh leis i ndiaidh na tréimhse sin.

Leagfar béim láidir ar úsáid na teicneolaíochta sa mhúinteoireacht, san fhoghlaim agus sa mheasúnú leis.

Bainfear úsáid as straitéisí físe digiteacha leabaithe chun an teagasc agus an fhoghlaim in Iar-Bhunscoileanna a fheabhsú

Coláiste na Sionna 76105q (Scoil cheannais)

Coláiste Mhuire, An Muileann gCearr 63270k

Scoil Phobail Bhreandáin Naofa, Biorra 8149IL

Coláiste Choilm, Tulach Mhór 65610s

Téigh go dtí suíomh gréasáin na braisle (le teacht).

Cur síos gairid ar an tionscadal.

Is í aidhm an tionscadail seo ná traenáil atá chun cinn san earnáil maidir le cruthú ábhar físeáin don iriseoireacht mhóibíleach (MoJo), a úsáid chun múineadh, foghlaim agus an litearthacht dhigiteach a fheabhsú i measc múinteoirí agus daltaí sna scoileanna braisle; agus ag an am chéanna chun a bheith lárnach i gcuir chuige MF (Measúnacht ar son na Foghlama) agus foghlaim cumaisc sna scoileanna faoi seach.

Oideolaíochtaí Nuálacha agus Uirlisí TFC a Fhorbairt chun Scileanna de chuid an 21ú Céad a Mheasúnú i Scoileanna Dara Leibhéal in Éireann

Meánscoil na Trócaire, Inse Cóir 60872A (scoil cheannais)

Pobalscoil Thamhlachta 91335U

Meánscoil Foghlaim le Chéile an Bhrí Mhór 68262N

Meánscoil Foghlaim le Chéile na Céime 68241F

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal: Tagann an togra tionscadail seo chun cinn ó ghné thábhachtach amháin atá in easnamh ó chleachtais, fís agus polasaithe an AE faoi láthair maidir le forbairt Scileanna de chuid an 21ú Céad – is é sin measúnú ar na scileanna seo.

Ag obair mar bhraisle, déanfaidh ár scoileanna creat le haghaidh measúnú ar scileanna tábhachtacha na Sraithe Sóisearaí a chruthú, úsáid a bhaint as oideolaíochtaí nuálacha ar son a bhforbartha agus úsáid uirlisí measúnachta TFC de chuid an 21ú Céad, ar nós Breithiúnais Oiriúnaithigh Chomparáidigh, a neadú chun eispéireas múinte, foghlama agus measúnaithe na bhfoghlaimeoirí agus na múinteoirí a dhoimhniú agus a fheabhsú.

Comhtháthú le cur chuige aontaithe agus teicneolaíocht a neadú chun múineadh, foghlaim agus cleachtais ETIM a fheabhsú i scoileanna BOOCM

Coláiste Achadh an Iúir 70390L

Pobalscoil Bhéal Átha Beithe 72170H

Coláiste Ard Feá 72210Q

Coláiste na Leargadh 72171J

Coláiste Bhaile na Lorgan 72190W

Coláiste Naomh Mogue 70360C

Coláiste Naomh Bricin 70350W

Coláiste Dhún an Rí 76313A

Coláiste Oiriall 76091I

Coláiste Inbhir 72180K

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal:

Tá an deich scoil atá bainteach le Braisle Dhigiteach BOOCM tar éis tabhairt faoi thionscadal a bhfuil sé mar aidhm aige cultúr comhoibrithe a chruthú i measc daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí trí úsáid teicneolaíochtaí digiteacha.
Roinneadh an bhraisle i dtrí réimse ar leith trasna na scoileanna, Forbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, Tionscadail ETIM agus Measúnú.

Cuireadh béim ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun níos mó rannpháirtíochta bríche a chothú le daltaí agus tuismitheoirí.

Teicneolaíochtaí Móibíleacha Digiteacha a úsáid le haghaidh Múinte, Foghlama agus Measúnú ar Bunscileanna Gluaiseachta sa Chorpoideachas

Scoil Naomh Cholmáin Dhoire na mBroc (Scoil cheannais)

Scoil Mhuire Brusna, Co. Ros Comáin

Scoil Náisiúnta Don, Co. Ros Comáin

Meánscoil Choláiste Naomh Nathy, Co. Ros Comáin

Scoil Íosa / Scoil Náisiúnta Cheathrú an Chaisil, Co. Mhaigh Eo

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal:

Chun an Clár Corpoideachais a chur chun cinn ar leibhéal na Bunscoile agus leibhéal na Meánscoile inár mbraisle trí úsáid oideolaíochtaí tógachaíocha le gléasanna móibíleacha ionas gur féidir le daltaí piarmheasúnú agus aiseolas éifeachtach a thabhairt ina gceachtanna corpoideachais.

Sármhaitheas a léiriú maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha i gcruthú, cur i láthair, measúnú ar agus stóras MRBanna trasna réimsí éagsúla curaclaim taobh istigh den tSraith Shóisearach nua

Coláiste Naomh Mhuire, Cluain Cearbán, Co. Mhaigh Eo (Scoil cheannais)

Ardscoil na Mara, An Trá Mhór, Co. Phort Láirge

Meánscoil Naomh Mhuire, Glas Naíon, BÁC 11

Coláiste na Toirbhearta, Co. Cheatharlach

Meánscoil Loreto, Bré, Co. Chill Mhantáin

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal:

Maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear ríomhphunanna, chun sonraíochtaí na Sraithe Shóisearaí nua a thaifeadadh, a chur i láthair agus a mheasúnú, is réimse í le buntáistí poitéinsiúla ollmhóra le haghaidh foghlaimeoirí agus oideoirí.

Is í aidhm an tionscadail seo ná chun sármhaitheas a léiriú maidir le húsáid teicneolaíochtaí digiteacha trasna réimsí éagsúla curaclaim trí úsáid a bhaint as raon ardán.

Is féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach Measúnú foirmitheach agus suimitheach araon a fheabhsú go mór taobh istigh de na Measúnachtaí Lonnaithe sa Rang sa tSraith Sóisearach Nua.

Tá sí mar aidhm againn an teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun ár ndaltaí a Thaifeadadh, a Stóráil, a Chur i Láthair agus a Mheasúnú.

Lenár gcur chuige molta, áireofar na buntáistí seo a leanas:

Is í aidhm ár scoileanna braisle ná chun ardáin éagsúla a úsáid trasna limistéir éagsúla ábhair chun na sonraíochtaí measúnaithe a chomhlíonadh, ach go háirithe na MRBanna, don tSraith Shóisearach nua.

Is í láidreacht an tionscadail seo ná héagsúlacht na dteicneolaíochtaí atá in úsáid chun cuspóirí coiteanna a bhaint amach; déanfaidh an fhaisnéis agus an saineolas a thagann chun cinn ó úsáid na dteicneolaíochtaí seo scoileanna eile a chur ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm na teicneolaíochta.

Forbairt na litearthachta béile san eolaíocht trí mheán ealaíona an tseanchais dhigiteach

Meánscoil Íosa agus Muire, Inis Crabhann, Co. Shligigh (Scoil cheannais)

Bunscoil Gharrán Mhuire, Bóthar Bhaile na nGabhar, BÁC 14,

Coláiste Íosa agus Muire, Meánscoil Gharrán Mhuire, Fearann na mBráthar, Bóthar Bhaile na nGabhar, BÁC 14

Meánscoil Íosa agus Muire, Gort na Ráibe Crois Mhaoilíona Co. Mhaigh Eo

Scoil Náisiúnta Chríost Rí, Inis Crabhann, Co. Shligigh

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal:

Is iad aidhmeanna an tionscadail seo ná múinteoirí agus daltaí trasna na scoileanna braisle a chumasú chun idirghníomhú agus chun cur lena n-eolas agus scileanna san Eolaíocht agus Ealaíon trí cheangail le chéile i gcomhthéacs an tsaoil dháiríre.

Is aidhm ar leith í de chuid an churaclaim chun scileanna cainte a fhorbairt i ndaltaí idir rang 3 sa bhunscoil agus an 3ú bliain san oideachas iar-bhunscoile.

Déanfaidh múinteoirí atá ag glacadh páirte sa tionscadail forás gairmiúil a léiriú trí Eolas ar Ábhar Oideolaíocht Teicneolaíochta (EAOT) a fhorbairt le múineadh de chuid an 21ú Céad.

Tá sé mar aidhm ag an tionscadail seo chun dul chun cinn a dhéanamh ar chéim ‘Aistritheach’ na teicneolaíochta le haghaidh daltaí, ina bhfaigheann siad eolas ar úsáid uirlisí teicneolaíochta, chuig an gcéim ‘Claochlaitheach’, a athraíonn áit na modhanna foghlama ón múinteoir go dtí an dalta, agus ar deireadh chuig an gcéim ‘Tarchéimnitheach’, ina gcomhoibreoidh daltaí agus ina ndéanfaidh siad machnamh ar gach rud a d’fhoghlaim siad le daltaí eile.

Soláthar ceardlann do mhúinteoirí chun coincheap agus feidhmeanna an tSeanchais Dhigitigh a chomhroinnt mar mhodh chun ceacht a thabhairt isteach, fadhb a réiteach nó cás a léiriú.

FLAIR – Ag cur feabhais ar fheasacht dhaltaí na sraithe sinsearaí maidir le conas a mbaineann bunscileanna le conairí staidéir agus gairme tríd an intleacht shaorga a úsáid

Pobalscoil Naomh Louis, Co. Mhaigh Eo (Ceannas)

Coláiste Summerhill, Sligeach

Scoil Chuimsitheach Mount Temple, Baile Átha Cliath

Coláiste Belvedere, Baile Átha Cliath

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal:

Is í cuspóir an tionscadail seo ná oideachas gairme a neadú in eispéiris foghlama ar fud an churaclaim le haghaidh daltaí sinsearacha meánscoile (an Idirbhliain, an Ardteist, an Ardteist Feidhmeach).

Tá sé mar aidhm aige cur le tuiscint gach dalta ar na scileanna agus an t-eolas a bhforbraíonn siad trí réimse eispéiris foghlama agus chun léargas pearsantaithe a thabhairt do gach dalta ó ‘Meantóirí’ éagsúla coláiste agus gairme, bunaithe ar a gcumais agus suimeanna ionas go ndéanann siad roghanna a uasmhéadaíonn a bpoitéinseal.

Déanfaidh an tionscadal scoileanna a cheangail le coláistí agus fostóirí ar mhaithe le comhroinnt éifeachtúil eolais atá suas chun dáta a bhaint amach maidir le conairí coláiste agus gairme.

Brionglóidí fíoraithe: Leas a bhaint as Cumhacht Poitéinsiúil an Domhain Dhigiteach

S.N. Naomh Pádraig 13203L (Ceannas)

S.N. na Leacan 17479D

S.N. na Broscaí 19586M

S.N. Ballynarry 19378H

Coláiste Bhréifne, An Cabhán 70380I

Institiúid an Chabháin 76087R

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal: Ag tosú leis na sraitheanna is simplí san fhoghlaim luathóige agus sin a chur ar aghaidh chuig leibhéal cumais atá in ann cuidiú leis an bhfoghlaimeoir a scileanna a fhorbairt i réimsí cosúil leis an litearthacht, uimhearthacht, scileanna cur i láthair, obair mar bhall foirne chomh maith le réiteach fadhbanna agus smaointeoireacht chruthaitheach.

Maidir leis an obair ar an mbraisle seo, lena mbaineann córais Bunscoile agus Meánscoile araon, ligfear don tionscadal seo dul i ngleic leis an bpróiseas idirthréimhseach a dtéann daltaí tríd idir an bhunscoil agus an mheánscoil. Ag an am chéanna, tá sé mar chuspóir ag an tionscadal cur chuige struchtúrtha a fhorbairt maidir le réimsí ar nós na smaointeoireachta ríomhaireachtúla, seicheamhaithe agus uimhearthachta, a thosóidh i ranganna sóisearacha na bunscoile agus a leanfaidh ar aghaidh go dtí ríomheolaíocht na sraithe sinsearaí sa mheánscoil.

Gníomhaíochtaí tionscadail bunaithe ar théamaí – ag díriú ar an litearthacht dhigiteach, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus algartaim a scríobh chun úsáid teicneolaíochtaí digiteacha a chur chun cinn san fhoghlaim agus féinmheasúnú taobh istigh den churaclam bunscoile agus meánscoile.

Comhoibriú le scoileanna eile, comhroinn smaointe agus scileanna, agus tabhair deis do dhaltaí cur i láthair a dhéanamh os comhair daltaí eile ina scoil féin agus i scoileanna taobh istigh den bhraisle.

Tabhair isteach piartheagasc mar chuid den tionscadal a chuirfidh lena scileanna cainte agus a dhéanfaidh iad a ullmhú le haghaidh curaclaim TF agus Béarla sa sraith shóisearach agus sa sraith shinsearach araon i Meánscoileanna. Rianaigh na buntáistí a bhaineann leis an bhfoghlaim trí úsáid teicneolaíochtaí digiteacha sa bhunscoil le haghaidh daltaí mar a théann siad ar aghaidh chuig leibhéal na meánscoile.

Úsáid teicneolaíochtaí digiteacha chun athrú curaclaim a neadú le fócas déach ar smaointeoireacht ríomhaireachtúil trasna go leor réimsí ábhair, ach go háirithe Mata, Eolaíocht agus curaclam teangacha na bunscoile. Is spriocréimse an-mhór í forbairt na teanga labhartha maidir le haidhmeanna áirithe foghlama trasna an chláir, a gcuirtear béim ar na céimeanna a fhoghlaim a ailíníonn an chinnteoireacht agus an chomh-fhoghlaim.

Taiscéalaithe Réaltachta Fíorúla / Forbairt Aireach VR

S.N. Láir Ard Fhearta (19384c) (Ceannas)

S.N. Mhainistir Ó dTorna (18665f)

S.N. Foghlaim le Chéile Thrá Lí (20158a)

Scoil Mhuire de Lourdes (10957b)

Gaelscoil Riada (20237T)

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos gairid ar an tionscadal (Ciarraí)

Lárófar an tionscadal seo timpeall ar chur i ngníomh Churaclam Teanga na Bunscoile – Béarla agus Gaeilge – trí thimpeallacht fheabhsaithe foghlama, ag baint úsáide uirlisí Réaltachta Fíorúla agus Réaltachta Breisithe (VR/AR).

Cuirfear réimsí ábhair eile, ar nós Staire, Tíreolaíochta, Eolaíochta agus na nEalaíona, i ngníomh le linn thréimhse an staidéir.

Trí úsáid uirlisí VR/AR, bainfidh na daltaí leas as deiseanna saibhre san fhoghlaim eispéireasach a bheidh cuimsitheach le haghaidh gach stíl, riachtanas agus cumas foghlama.

Meallfaidh an tionscadal seo agus an t-eispéireas réaltachta fíorúla a sholáthraíonn sé gach foghlaimeoir agus tabharfaidh sé an deis dóibh caidreamh a bhunú le hiontais an domhain gan an seomra ranga a fhágáil.

Molann an tionscadal úsáid gléasanna ísealchostais VR-cumasaithe chun timpeallacht chomhfhoghlama fhíorúil mhealltach, a bhfuil smacht ag an múinteoir uirthi, a chruthú le haghaidh gach dalta sa rang.

Treoróidh an múinteoir forás an dalta tríd an timpeallacht agus is féidir leo luas agus leibhéal an fhoráis a smachtú tríd an timpeallacht chun riachtanais foghlama an tsiollabais agus cumas an dalta a oiriúint.

Cur síos gairid ar an tionscadal (Gaillimh)

Tá dhá phríomhghné ag ár dtionscadal:

Beidh eispéireas fíor-shaoil ag daltaí na ranganna sinsearacha de phróiseas forbairt an fheidhmchláir ó thaighde margaidh, go dtí traenáil, forbairt agus scaoileadh feidhmchlár aireachais gur féidir a úsáid le fearais cinn Oculus Go.

Tá súil againn go gcuideoidh an feidhmchlár a d’fhorbair na daltaí sna ranganna sinsearacha le páistí atá a mbíonn deacrachtaí acu glacadh leis na cleachtais aireachais atá in úsáid sa scoil cheana féin.

Teicneolaíochtaí Digiteacha a neadú sa Mhúineadh, Foghlaim agus Measúnú do Phobal Ceoil BOO Phort Láirge agus Loch Garman

Coláiste Gairmoideachais Bhun Clóidí (71620H) (Ceannas)

Coláiste Bhaile an Droichid (71610E)

Coláiste na Craobhaí Guaire 76127D

Coláiste Abbáin 71600B

Coláiste an Átha 71650Q

Coláiste Sheilscire 71680C

Coláiste Naomh Pól 72241E

Coláiste Pobail Inis Córthaidh 71630K

Meánscoil San Nioclas 76066J

Coláiste Pobail Déaglán Naofa 72230W

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur Síos Gairid ar an Tionscadal.

Is í aidhm an tionscadail seo ná bonneagar agus clár dírithe traenála a sholáthair do mhúinteoirí atá ina mbaill de Phobal Ceoil.

Áireofar leis seo traenáil in úsáid bogearraí breise ceoil, físchomhdháil ar son na comhoibre idir daltaí agus múinteoirí agus Leabhair Nótaí Ranga a chruthú mar Phunanna Digiteacha mar chuid den mheasúnú.

Aithneoidh rannpháirtithe réimsí poitéinsiúla eile le haghaidh comhtháthaithe agus comhoibre sa mhúineadh, foghlaim agus feidhmithe.

Droichid Dhigiteacha a Thógáil ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin

Scoil Mhuire agus Treasa, Béal Átha na Muice 19951L (Ceannas)

Scoil na gCoilliní, 02912G

Scoil Náisiúnta Coill Mhór, 16780S

SN Midfield, 13389F

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Cur síos Gairid ar an Tionscadal

Tá 3 chuspóir ag an tionscadal atá éagsúil ach idircheangailte: ábhar agus modheolaíocht a fhorbairt le haghaidh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) ár múinteoirí le haghaidh na Foghlama Digití, Míreanna In-athúsáidte Foghlama (MIFanna) ar líne a fhorbairt chun an Curaclam Digiteach Foghlama a thabhairt go héifeachtúil inscálaithe inbhuanaithe agus ag cinntiú go bhfuil na huirlisí agus an spreagadh ag ár ndaltaí chun leanúint ar aghaidh lena gcuid foghlama digití.

I mBéal Átha na Muice, tá roinnt iar-dhaltaí againn atá ina gcianoibrithe le haghaidh ilnáisiúntach.
Oibríonn siad go cianda i Stócólm agus San Francisco, ach cónaíonn siad anseo linn in Iarthar na hÉireann.

Ag úsáid a saineolais agus eolas ar dhea-chleachtas reatha in earnáil na mbogearraí, bíonn siad ag comhobair leis na scoileanna áitiúla chun cinntiú go dtugtar na huirlisí agus an meon fiosrach dár ndaltaí chun a bheith rathúil san ionad oibre.

Mar sin, caithfimid ábhar in-athúsáidte inrochtana a chruthú le haghaidh Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) ár múinteoirí, chomh maith le hábhar in-athúsáidte le haghaidh daltaí.

Go dtí seo, dhírigh ár ndaltaí ar churaclam códaithe, atá éasca ó thaobh nascleanúna de, a chomhtháthú ina bhfoghlaim, chuaigh múinteoirí i mbun FGL a dhéanamh i gcúpla réimse don bhliain seo chugainn agus táimid i mbun measúnú a dhéanamh ar ár dul chun cinn ar ár aistear chun MIFanna a chruthú le haghaidh daltaí ar fud na tíre.

GMP Digiteach

S.N. Naomh Pádraig De la Salle 18542M (Ceannas)

Scoileanna Rannpháirteacha

S.N. Ghort Sceithí, 18880J

S.N. Mhíleac Mór, 12173A

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Tá ár múinteoirí ag glacadh páirte i múnla nua ar líne le haghaidh FGL in éineacht le taighdeoir tríú-leibhéal, a thugann páirt do mhúinteoirí i gcomhchruthú, dul i bhfeidhm agus measúnú ar chuir chuige múinte agus foghlama de chuid an 21ú Céad leis an teicneolaíocht.

Oibríonn múinteoirí i bhFoirne Deartha chun tionchar a imirt go comhoibríoch ar athruithe ar leibhéal na scoile ar fad, chun cleachtas oideachasúil a fheabhsú agus a nuáil, trí neadú raon teicneolaíochtaí digiteacha sa mhúineadh agus san fhoghlaim.

Tá fócas téamach ag gach ceann den trí bliana sa tionscadal. Is é téama Bhliain 1 ná Stair.

I rith na bliana chomhtháthaigh muid úsáid éifeachtach teicneolaíochtaí digiteacha i múineadh agus foghlaim na Staire áitiúil.

Bliain an-iontach a bhí inti agus táimid ag tnúth go mór leis an gcéad chéim eile den tionscadal.

Pleanáil Curaclaim don tSraith Shóisearach, Cruthú Ábhair agus Comhroinnt Acmhainní – Comhoibriú Múinteoirí

Coláiste na Maoile Rua (Ceannas)

Scoil na Mainistreach

Coláiste Mhaigh Éne

Gairmscoil Chú Uladh

Coláiste na Carraige

Gairmscoil Mhic Diarmada

Coláiste na Cranncha

Coláiste Bhun an Phobail

Coláiste na Daoile

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Tógann an tionscadal ar ardán comhoibriú múinteoirí taobh istigh de BOO Dhún na nGall.

Oibríonn grúpa múinteoirí ó na scoileanna rannpháirteacha le chéile chun cur leis an múineadh agus leis an bhfoghlaim ina seomraí ranga trí úsáid a bhaint as na ráitis foghlama, torthaí foghlama agus comharthaí ratha chun aonaid oibre a chruthú atá ailínithe le sonraíochtaí uasdátaithe sa tSraith Shóisearach.

Cruthaítear agus comhroinntear na pleananna comhoibríocha agus aonaid foghlama seo go digiteach.

Teicneolaíocht UAV mar uirlis nuálach foghlama le haghaidh múineadh na Tíreolaíochta ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta

Scoil Theampall na Carraige (Ceannas)

Coláiste Alexandra

Scoil Ghleann Dá Loch Oirthear

Coláiste Mhainistir na Corann

Scoil Pháirc Sandford

Scoil Ospidéal Wilson

Téigh go dtí suíomh gréasáin na mbraislí.

Úsáideann an tionscadal teicneolaíocht UAV (dróin) chun físeáin inrochtana oideachais chun tacú le múineadh na Tíreolaíochta ar leibhéal áitiúil agus náisiúnta.

Beidh an deis ag daltaí ábhar físeáin, gur féidir leo a ghaolú, a ghabháil agus a chruthú ó chomhthéacsanna éagsúla ar fud na tíre.

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.