Tacóidh an tionscadal seo le hÉirinn, leis an mBeilg, leis an nGearmáin, le Lucsamburg agus leis an tSualainn chun straitéisí a dhearadh agus a chur i bhfeidhm le haghaidh úsáid shábháilte, eiticiúil agus bhríoch na hintleachta saorga i scoileanna—lena n-áirítear bunoideachas, meánoideachas agus oiliúint ghairmiúil tosaigh (VET).
Cuireann an tionscadal le pleananna téarnaimh agus athléimneachta náisiúnta gach tíre faoi Rialachán AE 2021/241 freisin, rud a chinntíonn go bhfuil an claochlú digiteach san oideachas ag teacht le spriocanna níos leithne maidir le haistriú sóisialta, eacnamaíoch agus glas.
Cad atá mar aidhm ag an tionscadal a bhaint amach?
Is é an aidhm fhadtéarmach go mbeidh scoileanna in ann an Intleacht Shaorga a chomhtháthú sa teagasc agus sa cheannaireacht le treoir chuí; go leanfaidh múinteoirí de bheith ag forbairt a n-inniúlachtaí san Intleacht Shaorga, agus go bhfeabhsófar cáilíocht agus infhaighteacht acmhainní foghlama trí úsáid fhreagrach IS.
Tá an tionscadal seo indéanta a bhuíochas le tacaíocht arna hiarraidh ón gCoimisiún Eorpach faoi Rialachán (AE) 2021/240 lena mbunaítear Ionstraim Tacaíochta Teicniúla (“Rialachán TSI”).
Cad iad na Gníomhaíochtaí a bheas i gceist?
Beidh réimse leathan gníomhaíochtaí i gceist leis an tionscadal, lena n-áirítear:
- Cruinnithe ullmhúcháin agus teicniúla tosaigh chun raon feidhme a chomhaontú agus chun dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara.
- An Tuarascáil Tionscnaimh a dhréachtú agus pleananna áitiúla rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara.
- Taighde agus anailís trí shuirbhéanna, agallaimh agus grúpaí fócais chun úsáid IS a mhapáil agus bearnaí a shainaithint.
- Ceardlanna, malartuithe, agus seimineáir ghréasáin chun dea-chleachtas a roinnt i measc na dtíortha comhpháirtíochta.
- Ceapadh, tástáil agus feabhsú uirlisí úsáide agus modúl FGL le múinteoirí agus ceannairí scoile.
- Comhairliúcháin le soláthraithe EdTech chun comhtháthú agus meicníochtaí bailíochtaithe IS a fhiosrú.
- Cumarsáid agus scaipeadh leanúnach trí thuairiscí, imeachtaí, na meáin shóisialta, agus láithreacht thiomnaithe ar an ngréasán.
- Monatóireacht agus meastóireacht rialta, lena n-áirítear athbhreithnithe seachtracha meántéarmacha agus deiridh, chun torthaí a mheas agus chun eolas a chur ar fáil d’athchóirithe amach anseo.
Cén tairbhe a bhainfidh scoileanna na hÉireann as?
Chun spriocanna an tionscadail a bhaint amach, seachadfar na haschuir seo a leanas:
- Tuarascáil Tionscnaimh ina dtugtar léargas ar mheasúnuithe riachtanas, pleanáil oibríochtúil, rioscaí, agus straitéisí rannpháirtíochta áitiúla.
- Anailís ar staid reatha na IS i scoileanna, ag sainaithint bearnaí rialachais agus beartais, agus ag tabhairt aird ar dheiseanna chun glacadh le IS go heiticiúil.
- Uirlisí úsáide do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile a chuireann acmhainní praiticiúla, seicliostaí, samplaí agus teimpléid beartais ar fáil chun treoir a thabhairt maidir le húsáid laethúil IS i seomraí ranga agus i mbainistíocht scoile.
- Modúl ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) chun tacú le foghlaim múinteoirí in IS.
- Tograí chun IS a chomhtháthú in ardáin foghlama digiteacha atá ann cheana féin
- Creat chun feidhmchláir IS san oideachas a bhailíochtú, ag cinntiú go bhfuil uirlisí sábháilte, éifeachtach agus ailínithe le caighdeáin an AE.
- Moltaí maidir le beartas agus cleachtas, ag soláthar straitéisí inghníomhaithe chun IS a chomhtháthú ar leibhéal an chórais agus ar leibhéal na scoile.
Trí na haschuir agus na gníomhaíochtaí seo, tacóidh an tionscadal le tíortha rannpháirteacha na beartais, na scileanna agus na huirlisí a theastaíonn a fhorbairt le haghaidh úsáid fhreagrach IS san oideachas, rud a chinnteoidh feabhsuithe láithreacha agus athrú sistéamach fadtéarmach araon.
Amlíne Fhoriomlán an Tionscadail
Dáta tosaithe: Meán Fómhair 2025
Dáta críochnaithe: Meitheamh 2028
Cén chaoi ar féidir a bheith rannpháirteach
Beimid ag lorg scoileanna Éireannacha chun oibriú leis an tionscadal seo, páirt a ghlacadh in oiliúint, acmhainní a thriail agus aiseolas agus eispéiris a roinnt.
Más spéis leat a bheith páirteach, líon isteach an fhoirm seo:
Rannpháirtíocht i dTionscadal IS
(Leagan don Mhúinteoir / don Fhoireann Ceannaireachta Scoile)
Tuilleadh eolais
Léigh tuilleadh faoi chlár TSI an Choimisiúin Eorpaigh.
