Tionscadal ACT AI – Suirbhé
11th December 2025
Is tionscadal Erasmus+ arna mhaoiniú ag an AE é ACT AI a bhfuil mar aidhm aige cuidiú le múinteoirí ar fud na hEorpa na scileanna, na huirlisí, agus an mhuinín a fháil chun IS a úsáid sa seomra ranga – go sábháilte, go heiticiúil, agus ar bhealaí trína dtacaítear leis an bhfoghlaim. Mar chuid den tionscadal sin, i gcomhpháirtíocht le Learnovate agus le hOllscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá cuireadh á thabhairt againn do mhúinteoirí bunscoile agus iar-bhunscoile agus do cheannairí scoile a gcuid léargas a chomhroinnt. Le do chuid aiseolais, cuideofar le straitéisí, acmhainní agus tacaíochtaí IS a threorú do scoileanna in Éirinn agus ar fud na hEorpa. Tóg cúpla nóiméad chun ár suirbhé a chomhlánú.