Tomi Reichental – Fianaise a thug Marthanóir ón Uileloscadh.
7th February 2025

Rugadh Tomi Reichental in Merašice, sráidbhaile thuaithe sa tSeicslóvaic (an tSlóvaic na linne seo), sa bhliain 1935. Cuireadh go campa géibhinn Bergen-Belsen (pictiúr thuas ó na bailiúcháin de chuid Imperial War Museums) é in éineacht lena mháthair, lena dheartháir agus lena sheanmháthair sa bhliain 1944. Tháinig sé slán as an gcampa sin agus tá cónaí air in Éirinn ón mbliain 1959 i leith.
Labhair Tomi le Scoilnet i mí Feabhra 2020. Labhair sé faoina shaol le linn an chogaidh. Eagraíodh é sin mar chuid de chomhoibriú níos leithne leis an Holocaust Education Trust.