Treoir do Scoileanna maidir le hÍomhánna
7th September 2026
Cé go mbaintear tairbhe as íomhánna agus físeáin i saol na scoile, tá roinnt rudaí ó thaobh cosaint leanaí de ar cheart a chur san áireamh nuair atáthar ag plé leo. A luaithe a chuirtear faisnéis ar líne, is rídheacair í a bhaint arís agus seans go mbeidh impleachtaí aige seo maidir le príobháideacht, sábháilteacht agus lorg digiteach linbh i bhfad na haimsire. Tá contúirtí sa bhreis ann anois ó tharla forbairtí i dteicneolaíocht IS a fhágann gur mó baol go n-ionramháiltear íomhánna agus físeáin nó go mbainfear mí-úsáid astu. Ba chóir do scoileanna a bheith ar an eolas faoi na rioscaí mar sin roimh íomhánna a roinnt ar líne.
Treoir do Scoileanna maidir le hÍomhánna: Is é Webwise i gcomhar le comhpháirtithe Ionad na hÉireann um Fheasacht ar Shábháilteacht Idirlín (Beolíne Idirlín na hÉireann, Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí agus Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí) agus Teicneolaíochtaí Digiteacha Oide a d’fhorbair Nithe le Cur san Áireamh chun Daltaí agus Baill Foirne a Chosaint. Mar bhonn eolas fúthu san obair seo bhí Íomhánna do shuíomhanna oideachais a chosaint ar ionramháil agus mí-úsáid IS arbh é an UK Online Harms Early Warning Working Group a chuir amach é.
Sa treoir seo pléitear pointí tábhachtacha, lena n-áirítear:
- Na rioscaí a thuiscint
- Rudaí ar cheart do scoileanna a chur san áireamh:
- Grianghraif nó físeáin a ghlacadh
- Grianghraif nó físeáin a fhoilsiú
- Freagairt ar theagmhais
Tabhair cuairt ar webwise.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Nasc: https://www.webwise.ie/news/image-guidance-for-schools/