Treoir nua DEY maidir le hIntleacht Shaorga san Oideachas
21st October 2025
Tá Treoir nua maidir le hIntleacht Shaorga san Oideachas le haghaidh teagaisc agus foghlama eisithe ag an Roinn Oideachais agus Óige.
Is é cuspóir na treorach seo tacú le ceannairí scoile agus le múinteoirí chun tuiscint agus eolas a fhorbairt ar bhreithnithe ábhartha maidir le húsáid na hintleachta saorga sa teagasc agus san fhoghlaim agus i gceannaireacht scoile.
Aithnítear sa treoir go bhfuil an cumas ag an Intleacht Shaorga tacú le teagasc agus foghlaim nuair a úsáidtear í go freagrach, ar bhealach pleanáilte agus eolasach. Aithnítear inti freisin go bhfuil dúshláin agus rioscaí ag baint lena húsáid.
Téigh chuig ár Mol Intleacht Shaorga.
Íoslódáil an Treoir maidir le hIntleacht Shaorga san Oideachas.