Úsáid Shábháilte agus Eiticiúil IS: Ceisteanna do Scoileanna
4th September 2025

Agus IS fós ag forbairt, tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat faoi na buntáistí agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis maidir leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tá an cumas ag an teicneolaíocht sin an t-oideachas a athrú ó bhonn, mar sin tá sé tábhachtach d’oideoirí agus d’fhoghlaimeoirí a thuiscint conas IS a úsáid ar bhealach eiticiúil, criticiúil agus dearfach chun lántairbhe a bhaint as a cumas.