Skip to main content

Ag baint úsáide as Léarscáileanna Scoilnet

Achoimre ar an bhFíseán 

Míníonn múinteoir tíreolaíochta i gColáiste Naomh Peadar, Loch Garman, conas a úsáideann sí Léarscáileanna Scoilnet chun ranganna tíreolaíochta a theagasc. Cuireann sí síos ar an dóigh ar féidir é a úsáid chun léarscáileanna limistéar áitiúil a phlé agus a iniúchadh agus ar na gnéithe éagsúla atá ar fáil.

Cur Síos 

Pléann múinteoir tíreolaíochta an dóigh ar féidir Léarscáileanna Scoilnet a úsáid sa rang chun staidéar a dhéanamh ar limistéir áitiúla agus saintréithe geografacha éagsúla a léiriú.

Míníonn sí conas a úsáideann sí é chun beocht a chur sa limistéar áitiúil sa seomra ranga trí ghnéithe agus trí ghiuirléidí Léarscáileanna Scoilnet amhail líníocht, tomhas limistéir, svaidhpeáil, spotsolas, tagairtí eangaí, cineálacha léarscáileanna a scoránú (grianghraf ón aer, aimsiú, stairiúil).

Cuireann sí síos freisin ar an dóigh ar féidir Léarscáileanna Scoilnet a úsáid chun próifílí airde a léiriú trí staidéar a dhéanamh ar dhifríochtaí airde ar an léarscáil agus ar an ngraf.

Cúrsaí a d’fhéadfadh bheith ina n-ábhair spéise duit 

Féach ar ár leathanach faoi chúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Físeáin teagaisc 

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

 

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach 

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora)

  1. 1.1 Ráiteas: Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

 

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  1. 2.1 Ráiteas: Glacann daltaí páirt go diongbháilte i ngníomhaíochtaí foghlama fiúntacha.

 

Téigh chuigPleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

, Iar-bhunscoileanna, Online Resources, Scoilnet

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.