An Fhoghlaim Dhigiteach a Phleanáil i Meánscoil Le Chéile
Agallamh le Leas-Phríomhoide agus plé á dhéanamh ar an tábhacht a bhaineann le múinteoirí ag foghlaim óna chéile mar chuid de FGL ar scoil. Tá uaireanta an chloig curtha i leataobh ag scoileanna ar bhonn míosúil chun go bhféadfadh ranna plé a dhéanamh ar an mbealach is fearr le feabhas a chur ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim sa scoil acu trí úsáid a bhaint as an bhfoghlaim dhigiteach.