Skip to main content

An Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a chur i bhfeidhm: BS Chlochar Naomh Muire

An Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a chur i bhfeidhm: BS Chlochar Naomh Muire

Achoimre ar an bhFíseán

Sa ghearrthóg seo, labhraíonn foireann BS Chlochar Naomh Muire faoi na gníomhaíochtaí ar thug siad fúthu leis an bplean don fhoghlaim dhigiteach acu a chur i bhfeidhm. Féach ar fhíseáin an Chreata d’Fhoghlaim Dhigiteach ar ár gCainéal CFD tiomnaithe.

Cur Síos

Oibríonn an fhoireann i gcomhar le chéile chun a litearthacht dhigiteach a fhorbairt. Leagadh amach plean scoile uile le cuspóirí agus gníomhaíochtaí do gach rang a chur i gcrích. Reáchtálann Rang a 6 seisiúin ag baint úsáide as Beebots leis na ranganna Naíonáin. Tugadh measúnú Seesaw isteach do leanaí sna Naíonáin agus i Rang a 6. Is féidir le daltaí a ndul chun cinn féin a fheiceáil ag baint úsáid as SeeSaw. Reáchtálann an fhoireann ranganna oíche chun a gcuid saineolais a roinnt. Tugtar deis don fhoireann acmhainní a úsáid agus iniúchadh a dhéanamh ar conas a d’fhéadfaí iad a úsáid ina seomra ranga. Malartaíonn múinteoirí ranganna agus cuireann siad ceachtanna ar fáil agus téann siad i dteagmháil le Foireann Teagaisc.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil – Leagan Gairid

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)

  • 2 Oibríonn múinteoirí le chéile chun deiseanna foghlama a bheartú do dhaltaí ar fud an churaclaim agus níos faide

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

, Bunscoileanna, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.