Skip to main content

An Saol Ar Líne: An tSaoránacht Dhigiteach á fiosrú le Rang 3

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann Trystan Russell, De La Salle le Naomh Stiofán, cur síos ar an gcaoi a n-úsáideann sé ábhar Heroes HTML agus tionscadail eagarthóireachta scannán le píosaí de scáileán glas iontu chun plé ranga agus tuiscint ar réimsí éagsúla den tsaoránacht dhigiteach a chur chun cinn, cosúil le ceadúnais chóipchirt, bréagnuacht agus ábhar bréige nó athraithe.

Cur Síos

Míníonn múinteoir conas a chuireann siad an tSaoránacht Dhigiteach chun cinn ina seomra ranga. Ritheann daltaí stáisiún raidió ón seomra ranga agus dá bhrí sin ní mór dóibh cóipcheart a thuiscint. Baineann an múinteoir úsáid as Heroes HTML chun é seo a mhúineadh do na páistí. Glacann daltaí páirt i dtráth na gceist ar a gcuid iPadanna faoi chóipcheart. Cuireann na daltaí gníomhaíochtaí an Scáileáin Ghlais i gcrích chun tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le foinsí tánaisteacha ar líne.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun faisnéis a aimsiú agus a mhalartú

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Físeáin Digiteacha, Internet Safety

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.