Skip to main content

Sraith CFD: Ardáin Ar Líne, Iar-Bhunscoileanna

San fhíseán seo ónár sraith Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach, pléann múinteoirí agus saineolaithe iar-bhunscoile úsáid ardán ar líne i scoileanna. Molann Niall Larkin, Ceannaire Sinsearach do Theicneolaíochtaí Digiteacha, úsáid éifeachtach na n-ardán ar líne ag iar-bhunscoileanna chun tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú.

Conas a úsáideann scoileanna ardáin ar líne?

Míníonn Lorraine McCool, Coláiste Dhoiminiceach agus Paul Byrne, Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig na bealaí ina n-úsáideann siad a n-ardáin ar líne.

Anuraidh, reáchtáil scoil Lorraine gach ceann dá gcruinnithe tuismitheoirí is múinteoirí ar google meet ag baint úsáid as ionaid google calendar do thuismitheoirí chun sínigh isteach. Ina theannta sin, úsáideann siad a n-ardán le haghaidh cruinnithe. Mar shampla –  cruinnithe tuismitheoirí faoi roghanna ábhair, an Idirbhliain, agus daltaí na 1ú bhliana. I mbliana, tá sé beartaithe acu cur chuige hibrideach a úsáid i leith cruinnithe boird bainistíochta, agus beidh roinnt cruinnithe ar líne agus cinn eile aghaidh ar aghaidh.

Baineann scoil Paul úsáid as a n-ardán foghlama chun cumarsáid dhíreach a dhéanamh le daltaí.

Cumarsáid le Tuismitheoirí:

Chomh maith le bheith ag baint úsáid as a n-ardán chun cumarsáid a dhéanamh le tuismitheoirí, cruthaíonn scoil Lorraine freisin suíomhanna google le haghaidh imeachtaí ar leith. Le déanaí d’úsáid siad suíomhanna google go héifeachtach chun an t-eolas ar fad ar thuras scoile a bhí ag teacht a chur ar fáil do thuismitheoirí. Tá aip ag scoil Paul trína ndéanann siad cumarsáid go díreach le tuismitheoirí.

, Iar-bhunscoileanna, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.