Skip to main content

Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Bonneagar Teicneolaíochta Digití in Iar-Bhunscoileanna

Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Bonneagar Teicneolaíochta Digití in Iar-Bhunscoileanna

San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, déanann Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail le SGFM Teicneolaíocht san Oideachas, Lorraine McCool, an Coláiste Doiminiceach, agus Paul Byrne, Scoil Chlasaiceach Phádraig, plé faoi bhonneagar digiteach a chur ar bun in iar-bhunscoileanna.

Forléargas ar Theicneolaíocht Dhigiteach in Iar-bhunscoileanna

Míníonn Deirdre go bhfuil 200 MB in aghaidh an nóiméid ag formhór na scoileanna, agus go bhfuil suas le 600MB ag roinnt acu ag brath ar an úsáid a bhaintear as Má tá éileamh ann, déantar an bandaleithead a uasghrádú. Deir Deirdre go bhfeictear di go bhfuil ríomhaire pearsanta/ríomhaire glúine/táibléad múinteora ag formhór na n-iar-bhunscoileanna atá ceangailte le teilgeoir agus scáileán, teilifís nó scáileán idirghníomhach. Deir sí go mbaineann cuid acu úsáid as seomraí seasta ríomhaireachta fós chun go mbeadh rochtain ag na scoláirí ar acmhainní ar líne, ar ilmheán, agus ar ábhair amhail grafaicí teicneolaíochta etc. Is féidir le gléasanna duine le duine a bheith ina Chromebook, iPad, nó Windows. Is iad an dá ardán foghlama is coitianta Office 365 nó Google Workspace for Education. Tá tralaithe soghluaiste ag roinnt scoileanna a luchtaíonn siad agus a bhogann siad ó rang go rang de réir mar is gá.

Comhairle ó thríú páirtí

Deir Deirdre go bhfuil comhairle theicniúil ó thríú páirtí ríthábhachtach. Úsáideann scoileanna Lorraine agus Paul tríú páirtithe. Úsáidtear Google Forms do mhúinteoirí chun fadhbanna teicniúla a thuairisciú. Déanann Paul agus Lorraine beirt iarracht cuid de na fadhbanna a réiteach iad féin. Tá cuideachta ag an gColáiste Doiminiceach a thagann isteach uair amháin sa tseachtain agus a úsáideann Google Form chun iad a threorú. I scoil Paul, ní iarrtar ar an gcuideachta sheachtrach teacht isteach ach mura bhfuil sé ábalta an fhadhb a réiteach é féin.

Turas digiteach na scoileanna

Déanann Lorraine cur síos ar a dturas a thosú in 2017. Shocraigh siad ar dtús an t-ardán a mbainfeadh siad úsáid as agus nuair a bhí sé sin déanta díríodh sna blianta ina dhiaidh sin ar an bpríomhbhonneagar a chruthú agus tacair Chromebook a chruthú do na scoláirí lena n-úsáid. Theastaigh uathu an teicneolaíocht a thabhairt chuig gach seomra ranga agus chuige sin tá 6 thralaí ina bhfuil 30 Chromebook i ngach ceann acu anois. Cuireann na múinteoirí na tralaithe in áirithe ag tús na seachtaine. Tá na tralaithe á n-úsáid chomh fairsing sin sa scoil gurbh é fócas an phlean foghlama digití don bhliain seo pointí rochtana Wi-Fi a chur isteach i ngach seomra ranga. Ó dhearcadh múinteoir de, tá Chromebook ag gach ball foirne agus tá teilgeoir sonraí, scáileán agus ríomhaire deisce ag gach seomra ranga.

Deir Paul go bhfuil a scoil ag aistriú anois ó theilgeoirí agus cláir bhána go scáileáin idirghníomhacha. Agus iad ag pleanáil do theicneolaíochtaí digiteacha, chuathas i gcomhairle le ceannairí na ranna maidir leis na hábhair ar leith a theastaigh uathu. Mar shampla, tá rochtain ag scoláirí RSO ar Chromebook, Music agus ag TF tá iPad, agus tá deasca ag GDC. Tá dhá leabharlann TF acu freisin a bhfuil 30 deasc i ngach ceann acu. Tá a ngléasanna féin ag múinteoirí agus tá 4 shraith Chromebook ann ar féidir le múinteoirí iad a chur in áirithe trí VSware. Is é SchoolWise a n-ardán ar líne a úsáideann siad chun ábhair a phleanáil, grádú a dhéanamh, le haghaidh acmhainní laethúla, agus chun tascanna na scoláirí a chruthú.

Comhairle do scoileanna

Molann Deirdre do scoileanna tosú leis an áit ina bhfuil siad, ag rá go bhfuil plean Foghlama Digití riachtanach. Nuair a bhíonn a spriocanna déanta amach ag scoil, is féidir leo féachaint ar an gcineál teicneolaíochta a thacaíonn leis sin. Dhá thacaíocht atá ar fáil do scoileanna is ea an Treoir maidir le Bonneagar Teicneolaíochta Digití (BTD) agus teagmháil a dhéanamh le SGFM Teicneolaíocht san Oideachas.

, Iar-bhunscoileanna, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.