Ceannairí Foghlama Gairmiúla: Forléargas ar an mBonneagar Teicneolaíochta Digití
San fhíseán seo ónár sraith Leading Digital Learning, déanann Tom Lonergan, Comhordaitheoir Náisiúnta an Tionscnaimh um Chomhtháthú Teicneolaíochta, agus Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail, cur síos ar dhá phríomhréimse a ndíríonn a bhfoireann orthu:
- Treoir a sholáthar do scoileanna maidir le gach gné de na teicneolaíochtaí digiteacha.
- Clár Leathanbhanda na Scoileanna a bhainistiú d’fhonn feabhas a chur ar cháilíocht an leathanbhanda sna scoileanna
Cén chuma atá ar an mbonneagar teicneolaíochta digití sna scoileanna?
Cuireann Tom síos ar an mbonneagar bunúsach atá de dhíth ar gach scoil chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim. Tá nasc leathanbhanda ina bhunriachtanas. Teastaíonn líonraí agus Wi-Fi uait laistigh den scoil agus caithfidh siad a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Ansin, tá gléasanna múinteoirí agus scoláirí agat, chomh maith le trealamh amhail teilgeoirí, cláir bhána idirghníomhacha, amharcléiritheoirí etc. Agus leas á bhaint againn as é sin tá ardáin foghlama againn, ar sraith uirlisí úsáideacha iad do mhúinteoirí agus do scoláirí chun tacú leis an teagasc, leis an bhfoghlaim agus le measúnú.
Cad é is cuspóir leis an teicneolaíocht sa seomra ranga?
Molann Tom nár cheart breathnú ar an teicneolaíocht as féin choíche. Is í an cheist thábhachtach ba chóir a chur i gcónaí conas a fheabhsófar an fhoghlaim le píosa teicneolaíochta agus conas a bhainfear spriocanna foghlama amach leis? Cuireann sé i bhfios go láidir go bhfuil an teicneolaíocht ann chun tacú le múinteoirí agus cuidiú le rannpháirtíocht bhríomhar sa seomra ranga. Murar féidir é sin a dhéanamh léi níl a cuspóir á chomhlíonadh aici.
Cad is féidir le scoileanna a dhéanamh iad féin?
Molann Tom féachaint ar shuíomh gréasáin SGFM Teicneolaíocht san Oideachas chun comhairle a fháil faoi na comhpháirteanna ar féidir le scoil a láimhseáil iad féin agus cad iad na gnéithe a bhféadfadh tacaíocht a bheith ag teastáil uathu dóibh. D’fhéadfadh sé go gceapann ceannairí scoile go gcaithfidh siad a bheith eolach faoi ghnéithe teicniúla na teicneolaíochta, ach ní chaithfidh. An rud a chaithfidh siad a bheith soiléir faoi ná cad is mian leo go ndéanfadh an teicneolaíocht sa seomra ranga agus conas a oireann sé don plean Foghlama Digití. D’fhéadfadh go mbeadh baill foirne ag scoil a bhfuil suim nó cáilíocht acu i réimse ar leith. Mar shampla, fabhtcheartú teilgeoirí, painéil idirghníomhacha, etc. Ba chóir do scoileanna labhairt le scoileanna agus múinteoirí eile agus eispéiris a roinnt. Cuideoidh sé sin leo cad is mian leo go ndéanfadh an teicneolaíocht sa seomra ranga a dhéanamh amach agus conas is féidir é a chur isteach ina bplean.
Réimsí a bhféadfadh tacaíocht a bheith ag teastáil ón scoil ina leith
- Sonraíochtaí teicniúla. Iarr ar chuideachta sheachtrach iniúchadh teicniúil a dhéanamh ar an mbonneagar agus tuairisc a thabhairt.
- Cuideachta atá ábalta an teicneolaíocht agus an tacaíocht riachtanach a sholáthar ar an turas léi.
- Tá soláthraí tacaíochta teicniúla riachtanach ionas go bhfeidhmeoidh gach rud go réidh agus mar sin beidh do scoil ábalta díriú ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim.
- Feasacht ar conas sonraí scoile a chosaint agus cibirionsaithe a chosc.
Staid reatha an leathanbhanda
Tá leathanbhanda os cionn 100MB in aghaidh an tsoicind ag dhá thrian de na bunscoileanna go léir faoi láthair. Tá sé mar aidhm go mbeadh sé sin ag gach bunscoil sa tír.
Tá 200MB ar a laghad in aghaidh an tsoicind ag gach iar-bhunscoil. Má tá an bandaleithead a cuireadh ar fáil á úsáid ag an scoil agus má theastaíonn tuilleadh de uatha is féidir léi a nasc a uasghrádú.
Tacaíochtaí
Tagraíonn Deirdre agus Tom beirt do na tacaíochtaí ar an suíomh gréasáin. Ina measc sin tá bileog iniúchta teicneolaíochta digití, roinn ar bhreithniú ar earraí teicniúla a cheannach, treoir ar cheannaireacht, treoir líonra agus Wi-Fi, agus seiceálacha cosanta sonraí agus cibearshlándála.
Críochnaíonn Tom le teachtaireacht do gach ceannaire scoile – “ná bíodh cúthail oraibh teagmháil a dhéanamh linn, táimid anseo chun cuidiú leat agus bheadh ríméad orainn cloisteáil uaibh”.