Skip to main content

Íomhánna sa Tógáil do Rang a 1 agus a 2

Forbhreathnú ar Fhíseán

Déanann múinteoir rang 1 agus 2 cur síos ar cheacht ETIM bunaithe ar an tógáil agus úsáid a bhaint as acmhainní ar nós táibléid, Lego agus an clár bán idirghníomhach. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun a dtionscadail a thaifead, a chur i láthair agus aiseolas a thabhairt air.

Cur Síos

Déanann múinteoir ranga cur síos ar cheacht cruthaitheachta lena gcuimsítear ETIM ach úsáid a bhaint as acmhainní ar nós táibléad, Lego agus an chláir bháin idirghníomhaigh. Oibríonn na scoláirí i ngrúpaí chun a dtionscadail a thaifeadadh, a chur i láthair agus chun aiseolas a thabhairt ina leith. Tá teanga na Matamaitice agus na Teicneolaíochta ann go fairsing tríd is tríd. Tacaítear le forbairt na teanga béil trí ghrúpaí beaga a shocrú ina n-oibríonn na páistí le chéile go muiníneach. Cuireann an rang uilig saothar a chéile ar taispeáint agus tugann siad aiseolas ina leith ag deireadh an cheachta.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Assessment Feedback and Digital Technologies (Primary)

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.3 Déanann daltaí machnamh ar a ndul chun cinn mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad úinéireacht áirithe ar a bhfoghlaim agus freagracht áirithe aisti
  • Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun fianaise a bhailiú, a ndul chun cinn a thaifeadadh agus machnamh a dhéanamh air, agus a n-inniúlacht a fhorbairt mar fhoghlaimeoirí féinstiúrtha.

Teagasc agus Foghlaim (3. Cleachtas Múinteoirí Aonair)

  • 3.3 Roghnaíonn agus úsáideann an múinteoir cleachtas pleanála, ullmhúcháin agus measúnaithe a dhéanann forbairt ar fhoghlaim na ndaltaí
  • Tá múinteoirí eolach ar réimse teicneolaíochtaí digiteacha atá oiriúnach do chuspóirí foghlama agus do riachtanais foghlama a ndaltaí, agus úsáideann siad na teicneolaíochtaí digiteacha sin agus gníomhaíochtaí foghlama á ndearadh acu.
  • Úsáideann múinteoirí teicneolaíochtaí digiteacha agus straitéisí teagaisc cuí chun scileanna litearthachta agus uimhearthachta na ndaltaí a fhorbairt ar fud an churaclaim.

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, STEM

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.