Skip to main content

Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Bonneagar Digiteach sa Bhunscoil

Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach: Bonneagar Digiteach sa Bhunscoil

De réir Deirdre Redmond, Oifigeach Tionscadail Bonneagair Dhigitigh le Teicneolaíocht san Oideachas PDST, is é an socrú bunúsach is coitianta ná ríomhaire, ríomhaire glúine nó táibléid an mhúinteora agus é nasctha le clár bán idirghníomhach nó le scáileán mór. Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh socrú iontaofa leathanbhanda agus wifi.

An taithí atá aici le blianta beaga anuas go bhfuil scoileanna ag imeacht ó ríomhairí pearsanta seasta agus i dtreo níos mó gléasanna soghluaiste, cosúil le tralaithe ar a bhfuil ríomhaire glúine, Chromebook nó iPad, agus gléasanna táibléid eile. Is minici go mbíonn gléasanna tiomnaithe do dhaltaí le Riachtanais Speisialta Oideachais freisin, agus teicneolaíocht chúnta ionsuite ag cuid mhaith acu.

Tá Sandra Byrne, Scoil Náisiúnta Shinsearach an Talbóidigh, den tuairim go bhfuil an scoil ina bhfuil sí trealmhaithe go maith, agus painéil idirghníomhacha scáileáin réidhe i ngach seomra ranga acu. Tá a ríomhaire glúine féin ag na múinteoirí, agus sraith de 60 Chromebook acu roinnte ina dhá shraith de 30. Tá 30 iPad ag an scoil freisin. Tá gléasanna tiomnaithe ag múinteoirí Riachtanais Speisialta Oideachais agus tá leathanbhanda agus wifi ar ardchaighdeán sa scoil.

Déanann Mark Boggins, Scoil Náisiúnta Ráth Cúil, cur síos ar an gcaoi ar thug siad tús áite d’ardchaighdeán leathanbhanda agus wifi agus iad ag bogadh go foirgneamh scoile nua le déanaí, agus go bhfuiltear ag baint an-tairbhe as. Úsáideann an scoil gléasanna Chromebook do na hardranganna, agus gléasanna táibléid ag an leibhéal sóisearach. Tá ríomhaire deisce agus Chromebook ag gach múinteoir ar féidir leo iad a nascadh le clár bán idirghníomhach.

Conas a bhainistíonn siad gléasanna atá roinnte?

Tá amchlár rollach tugtha isteach acu le gairid, a deir Sandra, agus cuirtear ar líne gach coicís é. Agus a bpleananna coicíse á bpleanáil ag múinteoirí, féachann siad ar an gcaoi ar féidir leis an teicneolaíocht dhigiteach cur lena bpleananna teagaisc agus cuirfidh siad na gléasanna in áirithe dá réir. Is é an toradh atá ar an athrú seo ná go mbíonn údar cinnte ag múinteoirí sula gcuireann siad gléasanna in áirithe agus go mbíonn níos mó rochtana ag leanaí ar an teicneolaíocht.

Tá amchlár in úsáid ar an gcaoi chéanna i scoil Ráth Cúil chun gléasanna a chur in áirithe, agus grúpa WhatsApp ar leith do gach urlár den scoil. An taithí atá acu leis ná go gcabhraíonn sé leo gléasanna a bhainistiú.

Céard faoi thacaíocht theicniúil?

Tá an t-ádh le scoileanna Sandra agus Mark araon sa mhéid is go bhfuil siad in ann déileáil le fadhbanna beaga iad féin, agus, ar uairibh, le fabhbanna níos dáiríre. Tá an dá scoil in ann tacaíocht a fháil ó fhoinsí seachtracha i gcás saincheisteanna níos casta.

Soláthraíonn an suíomh Teicneolaíocht san Oideachas (TIE) de chuid PDST treoir maidir leis an tsaincheist seo anseo.

 

Cá háit ar cheart do scoil tosú?

Dar le Deirdre Redmond, is é an rud is tábhachtaí ná Plean Foghlama Digití a bheith ag an scoil, agus níor cheart tús a chur le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí nua go dtí go mbeidh do réimsí tosaíochta forbartha aitheanta agat.

Treoir Cheannaireachta sa chuid sin de shuíomh gréasáin Theicneolaíocht san Oideachas an PDST dar teideal Bonneagar Teicneolaíochta Digití agus is áis mhaith í chun tús eolais agus tacaíocht a fháil. Tá Deirdre ar fáil do scoileanna freisin chun comhairle a chur orthu agus fáiltíonn sí roimh ríomhphoist ag ictadvice@pdst.ie.

Cuid dár gcúrsa Ceannaireacht a thabhairt don Fhoghlaim Dhigiteach an t-agallamh seo. Beidh an gcúrsa ar fáil go luath.

Tabhair cuairt ar ár Mol Foghlama Digití chun faisnéis agus acmhainní a fháil maidir le foghlaim dhigiteach a phleanáil agus a neadú.

, Bunscoileanna, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.