Skip to main content

Múinteoirí Choláiste Bríde & TFC

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Príomhoide agus leis an bhfoireann faoin úsáid a bhaintear as TFC i réimse leathan ábhar. Baineann siad úsáid as amharcléiritheoir sna ranganna Ealaíne agus beochan íomhá ar íomhá sna ranganna Gnó agus TFC. Chuir siad tús le ríomhphunanna sa rang Béarla agus tugadh aip isteach darb ainm Ubersense sa rang CO. Míníonn na múinteoirí an tacaíocht a thugann TFC don teagasc agus don fhoghlaim.

Cur Síos

Míníonn an fhoireann ó iar-bhunscoil chailíní an chaoi a gcomhtháthaíonn siad an teicneolaíocht go léir. Úsáideann an múinteoir ealaíne teilgeoirí agus Instagram chun a gcuid oibre a thaispeáint. Úsáideann múinteoir gnó/ealaíne beochan íomhá ar íomhá agus iPadanna. Úsáideann múinteoir Béarla ríomhphunanna ar Google agus Edmodo chun obair a chur isteach. Úsáideann múinteoir Corpoideachais iPadanna agus Ubersense mar mhodh measúnaithe. Úsáideann an múinteoir gnó Go Animate chun físeáin a thaifeadadh agus úsáideann an múinteoir teanga Padlet chun acmhainní a chur ar fáil do na scoláirí. Míníonn comhordaitheoir TFC an chaoi a gcuirtear oiliúint ar bhaill foirne agus a dtaispeántar dóibh conas an teicneolaíocht a úsáid sa seomra ranga.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Developing a Digital Learning Plan for your School – Short Version

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.