Skip to main content

Físeáin Dea-Chleachtais

  • TFC in úsáid sa Mhatamaitic

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as an teicneolaíocht sna ranganna Matamaitice aige. Pléann sé an bhéim a leagtar ar an bhfoghlaim iompaithe agus gur féidir níos mó tacaíochta duine ar dhuine a chur ar fáil sa rang. Pléann sé an cur chuige a bhíonn aige féin agus físeáin á gcruthú aige dá rang ag baint úsáid as Explain Everything, YouTube agus PicCollage.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Físeáin Digiteacha

  • TFC in úsáid sa Ghrafaic Theicniúil

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC sa Ghrafaic Theicniúil. Pléann sí an úsáid a bhaineann sé as amharcléiritheoir chun físeáin a thaifeadadh dá rang. Is féidir leis na daltaí féachaint ar an bhfíseán ansin ar a gcaoithiúlacht sa bhaile. Míníonn sé go gcuireann sé seo níos mó ama ar fáil do chomhdhálacha agus don difreáil.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Físeáin Digiteacha

  • TFC in úsáid san Eolaíocht

    Labhraíonn Múinteoir Eolaíochta faoin úsáid a bhaintear as TFC ina seomra ranga. B’éigean don rang tabhairt faoi thaighde i ngrúpaí. Cuireadh cóid QR (nasctha le físeáin) agus suíomhanna idirlín ar fáil dóibh. Rinne gach grúpa cur i láthair ansin ar PowerPoint, PicCollage nó MindMap. Míníonn sí conas mar a bhíonn a rang an-dírithe ar an obair nuair a bhaintear úsáid as TFC.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Comhoibriú

  • TFC in úsáid le tacú leis an staidéar sa Staidéar Gnó

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis staidéir ina rang Gnó. Thug an rang faoi thástálacha ar líne. Chruthaigh siad a gcuid tástálacha féin agus thug siad dúshlán a gcomhghleacaithe iad a chur i gcrích. Pléann sí an buntáiste a bhaineann le TFC ó thaobh na difreála de sa seomra ranga.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Cruthú ábhar digiteach

  • TFC in úsáid sa Stair

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC mar uirlis thacaíochta ina seomra ranga Staire. Tá na daltaí ag pleanáil a gcuid físeán féin, i mbun taighde fúthu agus á gcruthú, agus taispeánann siad don rang ansin iad. Míníonn sí an úsáid a bhaineann sí as cártaí Minecraft agus MatchAttack ina cuid ranganna agus treoirlínte mar mhodh measúnaithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Físeáin Digiteacha

  • Táibléid a úsáid le tacú leis an bhfoghlaim ghníomhach sa Staidéar Gnó

    Míníonn múinteoir Gnó an úsáid a bhaineann siad as TFC sa rang acu. Bhí an rang dírithe ar mhargaíocht agus ar fhógraí a dhearadh. Bhain an rang úsáid as táibléid agus as beochan íomhá ar íomhá lena gcuid fógraí féin a chruthú. Rinne an rang a gcuid oibre a uaslódáil ar Imagine Learning Systems ansin le haghaidh an mheasúnaithe.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Físeáin Digiteacha, Pleanáil/Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach

  • TFC in úsáid sa Tíreolaíocht

    Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as físeáin sna ranganna Tíreolaíochta aige. Pléann sé conas mar a chuireann sé an t-ábhar in oiriúint do chumas an ranga, trína chuid físeán féin a chruthú dá rang. Pléann sé an úsáid a bhaintear as Socrative chomh maith, le haghaidh an mheasúnaithe agus an buntáiste a bhaineann le haiseolas láithreach.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Físeáin Digiteacha, Pleanáil/Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach

  • Teicneolaíochtaí Digiteacha sa rang Tíreolaíochta

    Pléann Múinteoir Tíreolaíochta an úsáid a bhaintear as Wizer.ie ina sheomra ranga féin. Míníonn an múinteoir an úsáid a bhaineann sé as an uirlis seo le cabhrú leis an gcianfhoghlaim. Cabhraíonn sé leis tascanna difreáilte a leagan ar dhaltaí agus aiseolas aonair a thabhairt. Oibríonn na daltaí as a stuaim féin ansin chun na tascanna éagsúla a chríochnú.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne, Comhoibriú, Punanna Digiteacha

  • EU Folio – Sruth Oibre Ríomhphunainne (Béarla)

    Cruthaíonn sí a cuid acmhainní féin ar líne ag baint úsáid as Puzzle. Míníonn sí an feabhas a chuireann na hacmhainní seo ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim. Pléann sí an úsáid a bhaintear as Edmodo le haghaidh tascanna agus obair bhaile. Trí úsáid a bhaint as na hacmhainní seo, is féidir measúnú múnlaitheach a dhéanamh agus aiseolas pearsanta a thabhairt láithreach.

    Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Acmhainní ar líne

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.