Skip to main content

Róbataic agus Códú faoi scáth an Tionscadail WEAVE

Achoimre ar an bhFíseán 

Tugann múinteoirí agus daltaí de chuid Scoil Náisiúnta Buachaillí Mhuire na mBuanna cuntas ar an mbaint a bhí acu leis an tionscadal WEAVE, fad is a roinntear tuairimí ó dhearcadh fhoireann na scoile agus na ndaltaí araon. Aird á tarraingt acu ar na naisc traschuraclaim atá ann agus na tairbhí scileanna idirphearsanta atá le baint ó bheith páirteach ann.  

Cur Síos 

Maidir le Príomhoide Róisín Hickey, tugann sí cuntas ar conas a pléadh le baill foirne agus ar cuireadh oiliúint orthu, gan trácht ar na ceardlanna a cuireadh ar siúl do na daltaí mar chuid den tionscadal seo. Tugtar cuntas ar thionscadal WEAVE mar chur chuige comhtháite i leith roinnt ábhair éagsúla a mhúineadh i measc an phobail ina bhfuil an scoil suite. Is dlúthchuid den tionscadal seo an fadhbréiteach lena dtugtar deis do dhaltaí plé le hilmheáin ar bhealach a bhfuil naisc thraschuraclaim ag baint leis, fad is atá siad ag gabháil don chódú, do Minecraft, do shamhlacha nithiúla gan trácht ar leas a bhaint as fearais Lego Spike. Tháinig siad ar réitigh, chomh maith le hiad a dhearadh agus a chur i láthair. Forbraíodh cumas cumarsáide, comhoibrithe, smaointeoireachta cruthaithí, fadhbréitigh, agus obair i dteannta le chéile le linn dóibh páirt a ghlacadh sa tionscadal seo.  

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu 

Caith súil ar árleathanach cúrsaí ar líne le teacht ar chúrsaí bainteach leis an ábhar seo. 

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach 

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD): 

Teagasc & Foghlaim (1 Torthaí an Fhoghlaimeora) 

  • 1.1 Ráiteas: Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú le torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach. 

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora) 

  • 2.1 Caighdeán: Tá údar ag daltaí agus gníomhaíochtaí foghlama fónta idir lámha acu
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh. 

Téigh chuigPleanáil FD le breis eolais a fháil faoin na réimsí eile den CFD a chíortar san fhíseán seo agus mar chabhair duit chun do chuid foghlama digití féin sa seomra ranga a phleanáil 

, Bunscoileanna, Coding, Collaboration, Computational Thinking, Content Creation, Online Resources, STEM

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.