Skip to main content

Táibléid le haghaidh Fionnachtain Faoi Threoir

Achoimre ar an bhFíseán

Déanann múinteoir naíonán sinsearach cur síos ar tháibléid a úsáid le haghaidh fionnachtain faoi threoir i gceacht Mata leis na Naíonáin Shinsearacha. Oibríonn na daltaí i ngrúpaí chun an snáithaonad ‘Sonraí’ a phlé. Baineann siad úsáid as an aip ‘Explain Everything’ chun taifeadadh a dhéanamh ar a gcuid smaointeoireachta agus ‘Find the Right Place’ a imirt chun teanga matamaitice a fhorbairt.

Cur Síos

Baineann rang Naíonáin Shinsearacha úsáid as iPadanna chun Sonraí sa Mhatamaitic a fhoghlaim. Tá an rang roinnte ina ghrúpaí. Déanann daltaí gnáthrudaí a shórtáil trí fhionnachtain treoraithe agus taifeadann siad a dtorthaí ar an aip Explain Everything. Glacann na daltaí grianghraif agus taifeadann siad a nguthanna ag míniú conas a shórtáil siad a gcuid rudaí. Chríochnaigh grúpa eile an ghníomhaíocht chéanna le Explain Everything ag baint úsáid as Láimhseoga Maise. Míníonn an múinteoir an chaoi a bhfuil na páistí eolach ar na táibléid agus dá bhrí sin tá siad níos gafa sa cheacht. Is féidir obair a dhifreáil ar an aip.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (4. Cleachtas Comhoibríoch na Múinteoirí)

  • 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Collaboration, Computational Thinking, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.