Skip to main content

Táibléid le haghaidh Measúnaithe

Achoimre ar an bhFíseán

Míníonn beirt mhúinteoir an chaoi a úsáideann siad táibléid le haghaidh measúnaithe sa Mhata. Ligeann táibléid do mhúinteoirí aiseolas closamhairc a chur ar fáil do dhaltaí agus chun cuspóirí spriocdhírithe a chruthú do pháistí aonair. Sábháiltear gach measúnú ar Google Drive mar ríomhphunann.

Cur Síos

Féachtar ar mheasúnú na matamaitice san fhíseán trí úsáid a bhaint as TFC, ag díriú ar mheasúnú foirmitheach. Tugtar tasc do dhaltaí lena chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as an bhfuaim agus as an téacs a cuireadh fáil; agus ina dhiaidh sin, baineann siad úsáid as na huirlisí fuaime, ceamara agus peann chun feabhas a chur ar chríochnú an taisc. Uaslódálann daltaí a bpíosa comhlíonta go Google Drive; an áit ina ndéanann an múinteoir measúnú agus athbhreithniú ar an obair. Ansin féachann na daltaí ar a n-aiseolas chun athruithe cuí a dhéanamh. Baintear úsáid as táibléid sa phróiseas measúnaithe seo agus is féidir le páistí logáil isteach sa bhaile chun a gcuid foghlaim agus aiseolas a roinnt le tuismitheoirí.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 3 Déanann daltaí machnamh ar a bhforás mar fhoghlaimeoirí agus forbraíonn siad mothú úinéireachta agus freagrachta as a gcuid foghlama

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Bunscoileanna, Online Resources, Punanna Digiteacha

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.