Skip to main content

Teicneolaíocht dhigiteach i mbliain a haon – Gearmáinis

Achoimre ar an bhFíseán 

Baineann múinteoir Gearmáinise úsáid as teicneolaíocht ina cuid ranganna teanga. Pléann sí conas mar a chuireann daltaí tascanna béil i gcrích trí thaifeadadh a dhéanamh orthu féin ar a gcuid guthán. Mar mhúinteoir teanga tá sé tábhachtach go mbeadh sí in ann gach dalta dá cuid a chloisteáil ach tá sé sin indéanta agus an modh áirithe seo in úsáid.

Cur Síos

Baineann múinteoir meánscoile úsáid as an teicneolaíocht ina ceachtanna Gearmáinise le daltaí na chéad bhliana. Ní úsáideann daltaí téacsleabhair don fhoghlaim. Is féidir le daltaí a ngléasanna móibíleacha pearsanta féin a úsáid chun páirt a ghlacadh sna gnéithe teicneolaíochta na gceachtanna. Tuigeann an múinteoir nach mbeidh gléas ag gach dalta, mar sin oibreoidh daltaí go minic i gcomhpháirtithe. Déanann daltaí tascanna béil agus díospóireachtaí tríd iad féin a thaifeadadh ar a bhfóin phóca. Ar dtús, scríobhann na daltaí a script lena gcomhpháirtí agus taifeadann siad níos déanaí. Bíonn deis ag daltaí éisteacht ar ais lena dtaifeadadh chun measúnú a dhéanamh ar a gcuid oibre féin agus piarmheasúnú a dhéanamh uirthi. Faigheann an múinteoir luach sna tascanna seo toisc gur féidir léi éisteacht leis an teanga atá á labhairt ag na daltaí agus a nótaí measúnaithe féin a dhéanamh de réir mar is gá. Is féidir leis an múinteoir éisteacht leis na daltaí sa rang, agus leis na taifeadtaí tríd an ríomhaire i ndiaidh ranga. De réir mar a chuirtear tascanna agus gníomhaíochtaí mac léinn i gcrích trí úsáid a bhaint as TF, is féidir le daltaí a gcuid foghlama a roinnt le tuismitheoirí sa bhaile freisin.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu 

Aiseolas Measúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Iar-bhunscoileanna).

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach 

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1.3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 2.1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Gaelcholaiste

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.