Skip to main content

Teicneolaíochtaí Digiteacha a Fhoghlaim i Scoil Chuimsitheach Naomh Clár

Teicneolaíochtaí Digiteacha a Fhoghlaim i Scoil Chuimsitheach Naomh Clár

Achoimre ar an bhFíseán

Agallamh le príomhoide faoi chur i bhfeidhm na teicneolaíochta ina scoil féin agus faoin tacaíocht a chuireann siad ar fáil don fhoireann. Cuireann siad FGL leanúnach chun cinn le haghaidh gach ball foirne, agus iad ag obair i dteannta a chéile le foghlaim faoi theicneolaíochtaí digiteacha. Cruthaíodh príomhghrúpa de bhaill foirne díograiseacha le cabhrú leis an gcur i bhfeidhm seo.

Cur Síos

Pléann príomhoide na scoile cur i bhfeidhm na teicneolaíochta ina scoil. Tá an scoil i gcónaí ag iarraidh feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann siad as TFC don teagasc agus don fhoghlaim. Cuirtear ardleibhéal tacaíochta ar fáil don fhoireann sa réimse seo. Thuig an príomhoide go raibh gá le cur chuige scoile uile maidir le cur i bhfeidhm TF. Tháinig an príomhoide agus an comhordú TFC le chéile chun baill foirne eile a chur san áireamh sa phróiseas seo. D’fhéach an scoil ar na hacmhainní a bhí ar fáil, idir chrua-earraí agus bhogearraí sular chuir sí aon athrú i bhfeidhm. Ag cruinnithe foirne, cuireann an príomhoide an fhoireann ar an eolas faoin bpointe ag a bhfuil an scoil sa phróiseas, chomh maith le deiseanna chun smaointe a roinnt agus a phlé. Líonraíonn an leas-phríomhoide le scoileanna eile agus sa phobal chun smaointe agus cur chuige a aimsiú ó chomhlachtaí seachtracha. Chabhraigh éascú na seisiún inseirbhíse agus uasoilte leis na múinteoirí na scileanna riachtanacha a fhorbairt chun TFC a chur i bhfeidhm go héifeachtach ina seomraí ranga. Tá an scoil ag iarraidh tionscnaimh nua a chur i bhfeidhm agus cur chuige agus straitéisí malartacha a mheas chun tacú leis an teagasc agus leis an bhfoghlaim ar an mbealach is fearr. Chuir múinteoirí a fhreastalaíonn ar FGL, uasoiliúint trí ionaid oideachais áitiúla agus roinnt scileanna i measc na foirne agus na múinteoirí faoi oiliúint go léir leis an rath a bhí ar an athrú sa teagasc agus san fhoghlaim. Thug an tacaíocht ó chomhairleoir SFGM na scoile deis do gach ball foirne a bheith compordach sna hathruithe teicneolaíochta.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Féach ar ár leathanach cúrsaí ar líne chun cúrsaí a bhaineann leis an ábhar seo a aimsiú.

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 1.1 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha cuí chun rannpháirtíocht ghníomhach, chruthaitheach agus chriticiúil a chothú chun torthaí foghlama dúshlánacha a bhaint amach.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Ceannaireacht agus Bainistíocht, Iar-bhunscoileanna

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.