Skip to main content

TFC a úsáid le tacú le piarmheasúnú agus athbhreithniú i GDC

Achoimre ar an bhFíseán

Pléann Múinteoir Matamaitice úsáid na mbuntáistí teicneolaíochta a úsáidtear don mheasúnú. Baineann sé úsáid as Socrative chun aiseolas láithreach a fháil ar fhadhbanna Matamaitice. Bíonn sé seo mar threoir ag an rang ansin. Is féidir leis físeán a chruthú ansin le treoracha céim ar chéim maidir le conas an tsuim a chríochnú ar an mblag.

Cur Síos

Bíonn úsáid TFC don mheasúnú i rang matamaitice 5ú bliain de chumas measctha. Tugann cuimsiú TFC sa mheasúnú deis don mhúinteoir an t-eolas atá ann cheana ar na daltaí a bhunú, sula ndéanann sé/sí cinneadh ar na chéad chéimeanna eile san fhoghlaim. Baintear úsáid as an aip ‘Socrative’ chun aiseolas láithreach a thabhairt do dhaltaí ar a gcuid oibre. Glacann daltaí páirt san aip seo trí úsáid a bhaint as a bhfón póca féin, rud a shábhálann am seachas gléasanna eile a aimsiú, logáil isteach agus bacainní éagsúla eile. Bristear na torthaí síos don mhúinteoir, le staitisticí faoi gach topaic agus ceist ar fáil. Is féidir scarbhileog de na torthaí a rochtain freisin do chomhaid mheasúnaithe na múinteoirí. Thóg an múinteoir na ceisteanna a bhíonn go coitianta mícheart agus chruthaigh sé/sí físeán céim ar chéim do dhaltaí ar ‘Show Me’ chun an t-ábhar a mhíniú arís do dhaltaí. Molann an múinteoir seo an aip agus an cur chuige a bhaineann le TFC don mheasúnú mar go sábhálann sé am don mhúinteoir agus go dtugann sé úinéireacht do na daltaí ar a gcuid foghlama agus measúnaithe féin.

Cúrsaí a bhféadfadh go mbeadh suim agat iontu

Aiseolas Measúnaithe agus Teicneolaíochtaí Digiteacha (Iar-bhunscoileanna).

Físeáin teagaisc

Taispeánfaidh na físeáin ghearra teagaisc seo a leanas duit conas aipeanna a úsáid atá le feiceáil san fhíseán:

Creat don Fhoghlaim Dhigiteach

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat don Fhoghlaim Dhigiteach (CFD):

Teagasc & Foghlaim (1. Torthaí Foghlama)

  • 3 Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha ar bhealaí an-éifeachtach chun a gcuid eolas, scileanna agus tuiscint a fhorbairt i gcomhréir le cuspóirí ábhair, torthaí foghlama, scileanna agus coincheapa Churaclam na Bunscoile.

Teagasc & Foghlaim (2. Taithí an Fhoghlaimeora)

  • 1 Glacann daltaí páirt d’aon ghnó i ngníomhaíochtaí foghlama fónta
    Úsáideann daltaí teicneolaíochtaí digiteacha chun eolas a fháil, a mhalartú chun tuiscint a fhorbairt agus chun tacú le cruthú eolais bhunúsaigh.

Téigh chuig Pleanáil FD chun iniúchadh a dhéanamh ar na réimsí eile de CFD a fhaigheann tacaíocht san fhíseán seo, agus chun cabhrú leat pleanáil d’fhoghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Collaboration, Content Creation, Físeáin Digiteacha, Online Resources, Planning/Digital Learning Framework

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.