Skip to main content

TFC sa rang Ceimice

Forbhreathnú ar Fhíseán

Agallamh le Múinteoir faoin úsáid a bhaintear as TFC ina rang Ceimice. Déanann siad físeáin a thaifeadadh agus turgnaimh á gcur i gcrích acu agus roinneann siad leis an rang iad. Is féidir leis na daltaí na físeáin a úsáid le dul siar ar a gcuid oibre. Baineann sí úsáid as Explain Everything chun súil a chaitheamh siar ar thopaicí, aiseolas a thabhairt agus nótaí atá cothrom le dáta a chur ar fáil dá cuid daltaí.

Cur Síos

Míníonn múinteoir ceimice úsáid táibléad lena ngrúpa 5ú bliain. Úsáideann na daltaí táibléid chun iad féin a thaifeadadh ag déanamh turgnamh. Déantar piarmheasúnú ar fhíseáin sula ndéanann an múinteoir measúnú orthu ar Explain Everything. Taifeadann an múinteoir aiseolas ó bhéal ag baint úsáid as Explain Everything. Baintear úsáid as físeáin mar mhodh athbhreithnithe i rith na bliana. Míníonn an múinteoir conas a chuir táibléid deireadh le dramhaíl pháipéir agus conas a shábháil siad am sa seomra ranga. Molann siad do mhúinteoirí atá ag tosú ag tabhairt táibléid isteach a bheith foighneach agus aip amháin a thabhairt isteach ag aon am.

Cúrsaí a bhféadfá spéis a bheith agat iontu

Using Video to Enhance and Create Resources (Post Primary)

 

Físeáin Teagaisc

An Creat Foghlama Digití

Tacaíonn an físeán seo leis na ráitis seo a leanas den Chreat Foghlama Digití (CFD):

Teagasc agus Foghlaim (1. Torthaí D’fhoghlaimeoirí)

  • 1.1 Baineann daltaí taitneamh as a gcuid foghlama, bíonn siad an-tiomanta i leith na foghlama agus bíonn siad ag súil le spriocanna a bhaint amach mar fhoghlaimeoirí

Teagasc agus Foghlaim (2. Eispéiris Foghlaimeoirí)

  • 2.1 Bíonn daltaí rannpháirteach ar bhealach fóinteach i ngníomhaíochtaí foghlama bríche

Téigh go dtí Pleanáil Foghlama Digití chun na réimsí a dtacaítear leo san fhíseán seo a fhiosrú, agus chun cabhrú leat pleanáil le haghaidh foghlaim dhigiteach i do rang.

Teagasc agus Foghlaim, Iar-bhunscoileanna, Físeáin Digiteacha, Gaelcholaiste, Online Resources

Back to videos

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.