Cúrsaí ar Líne agus Uaireanta Pháirc an Chrócaigh: smaointe ó scoileanna
1st April 2026
Is féidir uaireanta Pháirc an Chrócaigh a úsáid go héifeachtach trí pháirt a ghlacadh i gcúrsaí ar líne maidir le teicneolaíocht dhigiteach do theagasc agus d’fhoghlaim.
Féach ár bhfíseán láithreoireachta gairid, ár ngrafaic faisnéise agus ár n-alt ina bhfuil smaointe a bhailíomar ó scoileanna maidir le conas atá úsáid á baint acu as cúrsaí ar líne le haghaidh uaireanta Pháirc an Chrócaigh.
B’fhéidir gur mian le ceannairí scoile agus le múinteoirí machnamh a dhéanamh ar na smaointe sin agus uaireanta Pháirc an Chrócaigh á bpleanáil acu. Coinnigh cuimhne go bhfuil na cúrsaí saor ina aisce; go gcuireann soláthraí iontaofa iad ar fáil, go bhfuil rochtain 24/7 orthu maidir le foghlaim féinluais áit ar bith, am ar bith; agus go bhfuil teastas críochnaithe agus suaitheantas ag baint leo.
Féach orthu!
- Físláithreoireacht ghairid (2 nóiméad). Is féidir leat í sheinm ar luas níos moille más mian leat na sonraí uile a fháil!
- Grafaic físe fiú níos gairide, ar fáil freisin mar PDF, i mBéarla agus i nGaeilge.
- Alt (ábhar léimh 11 nóiméad) ina bhfuil níos mó sonraí agus moltaí.