Skip to main content

Cúrsaí ar Líne agus Uaireanta Pháirc an Chrócaigh: Alt ina bhfuil smaointe ó Scoileanna

Tar éis dúinn méadú a thabhairt faoi deara ar líon na múinteoirí a bhí ag glacadh páirt inár gcúrsaí ar líne le haghaidh uaireanta Pháirc an Chrócaigh, cheapamar go mbeadh spéis ag múinteoirí agus ag ceannairí scoile in éisteacht le conas a thugann scoileanna eile faoi thacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht sin.

Bhailíomar faisnéis agus eispéiris ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile maidir le conas atá cúrsaí ar líne Oide, Teicneolaíocht san Oideachas, á n-úsáid acu le linn uaireanta ‘scoile uile’ Pháirc an Chrócaigh agus maidir leis na huaireanta atá incheadaithe do ghníomhaíocht nach gníomhaíocht scoile uile í.

Cé go bhfuil sé furasta le feiceáil conas a d’fhéadfadh múinteoirí cúrsaí ar líne a úsáid le linn uaireanta aonair/lánroghnacha, níl na dóigheanna chun rochtain a fháil orthu chomh soiléir sin, b’fhéidir, agus mar sin de díreoimid air sin. Tá gníomhaíochtaí seanbhunaithe léirithe againn freisin a chomhlánaíonn rannpháirtíocht i gcúrsaí ar líne.

Tá na smaointe a bhailíomar curtha i láthair faoi chúig theideal:

  • Cur chuige straitéiseach
  • Uaireanta scoile uile
  • Uaireanta nach uaireanta scoile uile iad (aonair/lánroghnacha)
  • Gníomhaíochtaí comhlántacha
  • Gnéithe ár gcúrsaí ar líne

1. Cur chuige straitéiseach

Molann ceannairí scoile gur cheart cur chuige straitéiseach a ghlacadh chun tacú le smaointe, le forbairtí agus le cleachtais um fhoghlaim dhigiteach, agus spéis agus comhdhearcadh á bhforbairt de réir a chéile. Trí fhócas Fhéinmheasúnú Scoile (SSE) na scoile a ailíniú le fócas an phlean FD, agus ansin trí thacú le rannpháirtíocht i gcúrsaí gaolmhara ar líne, déanfar an cur chuige comhtháite agus straitéiseach seo maidir le tacaíocht don fhoghlaim dhigiteach a éascú.

Is féidir cúrsaí ar leith ar líne a críochnaíodh a chur le do phlean FD mar ghníomh chun tabhairt faoi spriocanna atá luaite, agus uaireanta Pháirc an Chrócaigh á n-úsáid chun tacú le rannpháirtíocht múinteoirí i gcúrsaí. Beidh sé sin ina chuidiú le dea-chleachtas foghlama digití a leathadh ar fud na scoile.

Samplaí

Ghlac iar-bhunscoil amháin (Coláiste Ghort Mhuire, Baile Átha Cliath) páirt i dtionscnamh le tacaíocht ónár bhfoireann Teicneolaíochtaí Digiteacha le múinteoirí roghnaithe a bhain le punanna digiteacha. D’éirigh leis an tionscnamh agus rinne an scoil cinneadh straitéiseach chun an tionscnamh a shíneadh ar fud na scoile. Bhain siad úsáid as uaireanta scoile uile Pháirc an Chrócaigh le linn lá um ‘Fhilleadh ar Scoil’ i Lúnasa chun múinteoirí uile a chumasú réamheolas a fháil ar an ábhar trínár gcúrsa ar líne Réamheolas ar Phunanna Digiteacha (Iar-bhunscoile). Chuir siad uaireanta ar leith i leataobh i rith an lae sin agus d’iarr siad ar mhúinteoirí uile (ina n-aonar) an cúrsa a chríochnú ar ríomhaire glúine nó ar ghléas eile le linn na tréimhse sin, agus iad sa scoil. “Bhíomar in ann ár sprioc a bhaint amach de bhonnlíne eolais a chur ar mbun i measc ár múinteoirí uile, a bhuíochas don chúrsa ar líne,” arsa an Príomhoide Rebecca Carroll.

Ar leibhéal bunscoile, mhol príomhoide bunscoile amháin (Elaine McHale, SN Chill na Fíonaí, Luimneach) nár mhiste do scoileanna b’fhéidir smaoineamh ar fhócas agus ar spriocanna a bplean FD a nascadh lena réimse roghnaithe le cur i bhfeidhm sa churaclam nua sa bhliain le teacht. Ansin bheadh siad in ann smaoineamh ar roghanna ina dhiaidh sin maidir le cúrsaí ar líne chun an réimse fócais sin a chomhlánú.

2. Uaireanta scoile uile Pháirc an Chrócaigh 

Tá roinnt scoileanna ag baint úsáid as uair scoile uile amháin, nó níos mó, le haghaidh cúrsaí atá ábhartha do mhúinteoirí uile. Go minic tagann an smaoineamh faoi pháirt a ghlacadh i gcúrsa ar leith ón bhfoireann teagaisc í féin mar mholadh a chuirtear faoi bhráid lucht bainistíochta na scoile, uaireanta ag teacht chun cinn as díospóireachtaí scoile uile le linn laethanta pleanála i Lúnasa. Ansin, is féidir le scoileanna uaireanta scoile uile a úsáid le haghaidh cúrsaí ar líne i rith na scoilbhliana. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh a rogha féin a bheith ag múinteoirí cúrsa a dhéanamh fiú le linn lá pleanála Pháirc an Chrócaigh i Lúnasa….rud nach mbíonn ina rogha go minic mar gheall ar ullmhúchán roimh thús na scoile, ach b’fhéidir gurbh fiú smaoineamh air sin do dhaoine áirithe.

Samplaí

Baineann stair fhada le Coláiste Doiminiceach, Páirc Mhucrois, Baile Átha Cliath, dá ghníomhaíocht foghlama gairmiúla a nascadh leis an bhfócas ar SSE (féinmheasúnú scoile) dá chuid agus de pháirt a ghlacadh i gcúrsaí gaolmhara ar líne. I mbliana, ghlac siad am le linn uaireanta Pháirc an Chrócaigh chun seisiún aghaidh ar aghaidh a eagrú inar phléigh grúpaí ar leith múinteoirí téamaí sainiúla amhail folláine, foghlaim dhigiteach etc. Mhol an grúpa a bhí ag féachaint ar fhoghlaim dhigiteach go mbeadh an cúrsa IS do Scoileanna chun tairbhe na scoile uile. Rinne roinnt múinteoirí an cúrsa ar dtús le deimhniú go raibh sé oiriúnach. Ansin, chuaigh an scoil uile i ngleic leis an gcúrsa le linn uair Pháirc an Chrócaigh, sa scoil, ar an lá céanna. “Cad chuige a gcuirfeá cosa crainn faoi chearc nuair atá cúrsa oiriúnach ar fáil cheana féin ó Oide, Teicneolaíocht san Oideachas?”, arsa Príomhoide Siobhán Kelly.

Agus smaoineamh cosúil ach cur chuige a bhí rud beag difriúil á nglacadh, mhol an sealbhóir poist TF i gColáiste Pobail Naomh Pól, Port Láirge, go mbeadh cur chuige scoile uile i dtaca le IS chun tairbhe na scoile. Chuir lucht bainistíochta na scoile uair Pháirc an Chrócaigh i leataobh dó sin agus d’iarr sé ar mhúinteoirí uile an cúrsa IS do Scoileanna a chríochnú ar a gcaoithiúlacht féin (seachas sa láthair cheannann chéanna agus ag an am céanna, neamhchosúil leis na scoileanna eile thuasluaite). D’iarr an scoil ar mhúinteoirí a dteastas críochnaithe a chur isteach agus bhailigh sí iad sin le haghaidh na dtaifead. D’éirigh go maith leis sin, arsa sealbhóir poist TF, agus cuireadh ar chumas múinteoirí an cúrsa a chríochnú ar a luas féin agus ag am agus ag áit a bhí oiriúnach dóibh, agus tacaíocht á tabhairt do chur chuige scoile uile ag an am céanna.

3. Uaireanta Pháirc an Chrócaigh nach uaireanta scoile uile iad (ar bhonn ‘seachas bonn scoile uile’)

An raibh a fhios agat gur féidir leat suas le 10* n-uair an chloig (*nó 14 uair an chloig i gcásanna áirithe) a úsáid chun dul i mbun gníomhaíochta nach gníomhaíocht scoile uile í (gníomhaíocht aonair, lánroghnach), faoi réir ag ceadú ó lucht bainistíochta na scoile? Áirítear leis sin am pleanála agus gníomhaíochtaí foghlama gairmiúla, amhail cúrsaí ar líne. Chomh maith leis sin is féidir le múinteoirí tabhairt faoi thosaíochtaí grúpa ranga uile nó foirne ábhair uile le linn uaireanta aonair sin Pháirc an Chrócaigh.

(*Maidir le múinteoirí iar-bhunscoile áirithe, tá suas le 14 uair an chloig ceadaithe le haghaidh gníomhaíochtaí aonair.)

Samplaí 

Ar leibhéil bhunscoile agus iar-bhunscoile araon, is féidir le lucht bainistíochta scoile uaireanta a chur i leataobh don fhoireann foghlama digití chun páirt a ghlacadh inár sraith cúrsaí atá ábhartha don fhoireann FD, lena n-áirítear An Fhoghlaim Dhigiteach a Threorú, IS do Scoileanna, Cibearshlándáil do Scoileanna agus Plean Foghlama Digití a Fhorbairt le haghaidh do Scoile

Ghlac go leor múinteoirí le moltaí chun páirt a ghlacadh inár gcúrsaí faoi Chibearbhulaíocht (bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna) mar chuid de nósanna imeachta Bí Cineálta na scoile. D’fhorbair Oide, Teicneolaíocht san Oideachas, na cúrsaí sin i gcomhar lenár gcomhghleacaithe Webwise agus is cuid de shraith cúrsaí iad a bhaineann le sábháilteacht agus folláine ar líne atá ar fáil do mhúinteoirí. Áirítear leo cúrsa ar leith maidir le Sábháilteacht ar líne a Theagasc i Seomra Ranga OSPS na hIar-bhunscoile. Comhlánaítear an tsraith reatha de chúrsaí faoi shábháilteacht ar líne le dhá chúrsa faoi Shaoránacht Dhigiteach (ceann amháin do bhunscoileanna agus ceann eile d’iar-bhunscoileanna). 

Ar leibhéal na hiar-bhunscoile, is féidir le múinteoirí uile i ngrúpa ábhair áirithe aontú le páirt a ghlacadh i gcúrsa ar leith d’fhonn a gcuid eolais a fhorbairt ar ábhair nó ar chuir chuige ar leith, amhail Teicneolaíocht Dhigiteach do Mhúinteoirí Nuatheangacha Iasachta (Iar-Bhunscoil),  nó Scéalaíocht Dhigiteach (Iar-bhunscoil)

I mbunscoileanna níos mó, b’fhéidir gur mian le grúpa múinteoirí a theagascann an rang céanna páirt a ghlacadh sa chúrsa céanna, amhail ár gcúrsa faoi Chódú agus Smaointeoireacht Ríomhaireachtúil. Mar thoradh air sin, bíonn sé níos éasca acmhainní, smaointe agus saineolas a roinnt le chéile. 

Cad é mar a chluineann múinteoirí faoi na cúrsaí ar líne sin?

Maidir leo siúd a ghlacann páirt i bhfoghlaim ghairmiúil le linn na n-uaireanta nach uaireanta scoile uile iad, cad é mar a roghnaíonn siad a gcúrsa ar líne? Taispeántar lenár sonraí go roghnaíonn siad na cúrsaí iad féin go rialta trí chuardaigh ar líne nó trí dhul go díreach chuig ár suíomh gréasáin. Faigheann múinteoirí eile faisnéis inár nuachtlitir nó ar ár gcuntais meán sóisialta (Instagram agus BlueSky). Faigheann go leor acu faisnéis amach faoi na cúrsaí trí mholadh ó chomhghleacaí nó ó Cheannairí Foghlama Digití Oide.

I rith an ama, tá níos mó á fháil amach ag múinteoirí faoi na cúrsaí ó lucht bainistíochta scoileanna. B’fhéidir go mbeadh sé spéisiúil do phríomhoidí scoileanna le cluinstin go ndeimhnítear lenár sonraí go mbíonn múinteoirí ag gníomhú mar thoradh ar chumarsáid ó phríomhoide/lucht bainistíochta na scoile, agus is ionann na líonta sin anois agus 20% de mhodhanna cumarsáide uile faoi chúrsaí. De ghnáth seolann lucht bainistíochta na scoile na moltaí sin le ríomhphost nó trí chóras cumarsáide na scoile.

Trí mholtaí nó smaointe faoi chúrsaí ar leith a fháil, féadtar tacú le múinteoirí ina gcuid iarrachtaí chun tabhairt faoi thosaíochtaí scoile uile gan tionchar a imirt ar a neamhspleáchas agus ar a solúbthacht chun cúrsa nó gníomhaíocht eile a roghnú le linn na n-uaireanta aonair sin.

Teastais agus Suaitheantais

Tá sé éasca rannpháirtíocht inár gcúrsaí ar líne a dheimhniú mar tá teastais chríochnaithe agus suaitheantais ag gabhail lenár gcúrsaí ar líne. Bíonn fonn ar go leor múinteoirí a CV a fheabhsú le fianaise ar fhoghlaim ghairmiúil a léirítear sna teastais sin, agus úsáideann múinteoirí suaitheantais níos mó i rith an ama ina bpróifílí ar na meáin shóisialta. Sa bhreis air sin, cuirtear athdhearbhú ar fail le teastais agus suaitheantas dóibh siúd nach mór dóibh cuntas a thabhairt in uaireanta a chaitear, mar tá críochnú indeimhnithe. Fiú i dtimpeallacht ‘ard-iontaoibhe’ maidir le huaireanta nach uaireanta scoile uile iad, d’fhéadfadh a leithéid de dheimhniú a bheith úsáideach maidir le tuairisciú do Bhoird Bainistíochta.

4. Gníomhaíochtaí Comhlántacha

Mhol múinteoirí agus ceannairí scoile roinnt gníomhaíochtaí eile le haghaidh uaireanta Pháirc an Chrócaigh a chomhlánaíonn ár gcúrsaí ar líne, sa mhéid agus a chuireann siad le heolas, spéis agus scileanna foghlama digití. Uaireanta, bíonn gach rud a theastaíonn sna gníomhaíochtaí sin chun múinteoirí a spreagadh agus a ghríosú dul i mbun deiseanna foghlama gairmiúla a chuirtear ar fáil trí chúrsaí ar líne le linn uaireanta aonair Pháirc an Chrócaigh dá gcuid (nó ina gcuid ama féin, mar a dhéanann go leor múinteoirí).

Seo roinnt samplaí a bhailíomar ó fhíseáin dea-chleachtais, ó shuirbhéanna tionchair, ó phlé faoi chúrsaí agus ó chumarsáidí eile.

Samplaí

Cuir foghlaim dhigiteach ar an gclár oibre le haghaidh cruinnithe foirne…. agus am á chur i leataobh chun í a phlé. (SN an Ghleanna Dhuibh, Ros Comáin.)

Cuir am i leataobh chun acmhainní digiteacha roinnte a shainaithint agus a fhorbairt le húsáid ar fud na ranganna. Éiríonn go maith leis sin i mbunscoileanna níos mó agus in iar-bhunscoileanna áit ar féidir le ranna ábhair oibriú le chéile chun acmhainní a fhorbairt. Smaoinigh faoi iad a chomhroinnt ar bhonn fiú níos leithne trí do chuid acmhainní a chur le Scoilnet.

Léirigh uirlis nó aip ar leith le linn cruinniú foirne agus pléigh na roghanna lena húsáid sa rang. Go hidéalach, cuir am i leataobh don fheidhmiú. Ansin, déan seiceáil ina dhiaidh sin leis an bhfoireann chun aiseolas a fháil, chun an tionchar a phlé agus chun smaoineamh ar na chéad chéimeanna eile. (Coláiste Phádraig, Mala, Corcaigh) Leid: D’fhéadfadh físeáin teagaisc Oide Teicneolaíocht san Oideachas bheith ina dtacaíocht úsáideach leis an ngníomhaíocht sin.

Déan dea-chleachtas foghlama digití a shainaithint, a admháil agus a chomhroinnt atá sainaitheanta ag an scoil. Is féidir sin a dhéanamh trí bhealaí cumarsáide na scoile nó le linn cruinniú foirne. (SNS Talbóid, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath) Leid: Is acmhainn úsáideach iad Físeáin Dea-chleachtais Oide Teicneolaíocht san Oideachas, freisin chun plé a thionscnamh agus daoine eile a spreagadh.

Tacaigh le piarfhoghlaim. Is féidir le múinteoirí áirithe a ranganna teagaisc féin ar fhíseáin scáileáin a chruthú maidir le haipeanna ar leith nó tascanna digiteacha. Ansin, déanann siad a gcuid eolais agus scileanna a chomhroinnt le daoine eile trí na físeáin scáileáin sin. (Scoil Naomh Iósaf, Baile an Bhrúnaigh, Luimneach)

Cruthaigh fócas agus tacaíocht maidir le foghlaim dhigiteach le ‘seachtain na foghlama digití’. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina imeacht foghlama gairmiúla lena n-áireofaí raon gníomhaíochtaí, idir taispeántais agus cleachtas a roinnt agus rannpháirtíocht i gcúrsaí. D’fhéadfadh sé a bheith níos éasca le cur ar siúl ar leibhéal na bunscoile mar gheall ar sholúbthacht thart ar ranganna saora agus rudaí mar sin de. (Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig, an Uaimh, an Mhí.)

Comhroinn foghlaim roimhe seo. Is féidir le múinteoirí cúrsa ar líne a chur i gcrích agus a gcuid foghlama a chomhroinnt ag cruinniú foirne. An Coláiste Dhoiminiceach, Ascaill Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath Leid: San áireamh leis an gcuid is mó dar gcúrsaí tá leathanach acmhainní ina mbíonn naisc úsáideacha le comhroinnt.

Foghlaim ó chúrsaí samhraidh a chomhroinnt. Maidir le múinteoirí bunscoile atá ag teacht ar ais ó chúrsa samhraidh, éiríonn go han-mhaith le comhroinnt foghlama ó chúrsaí samhraidh. (SN Ráth an Iúir, Loch Garman) Leid: Beidh taifead foghlama ag na múinteoirí sin ina mbeidh liosta acmhainní agus naisc le Físeáin Dea-chleachtais Oide, Teicneolaíocht san Oideachas agus físeáin teagaisc ar féidir leo iad a chomhroinnt freisin. Nó níos fearr arís, is féidir leo iad a sheinm le linn láithreoireachta ar bith. Bíonn na físeáin sin úsáideach chun ilghnéitheacht a chur le láithreoireacht an mhúinteora. Cuireann siad ar chumas na ndaoine a bhíonn ag éisteacht guth eile a chluinstin ag a bhfuil teachtaireacht atreisithe.

5. Cad é an rud a dhéanann cúrsaí ar líne chomh hoiriúnach sin d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh? 

Is fiú cuimhne a choinneáil ar phríomhbhuntáistí ár gcúrsaí ar líne lena ndéantar iad thar a bheith oiriúnach d’uaireanta Pháirc an Chrócaigh.

  • Tá siad inrochtana, agus iad ar oscailt 24/7 agus saor in aisce.
  • Tá rannpháirtíocht iontu indeimhnithe, agus eisítear teastais agus suaitheantais ar chríochnú.
  • Tá siad solúbtha, mar is cúrsaí féinluais iad agus is féidir le múinteoirí staidéar a dhéanamh am ar bith, áit ar bith.
  • Tá na cúrsaí deartha agus curtha ar fáil ag soláthraí seirbhíse poiblí iontaofa na foghlama gairmiúla do mhúinteoirí.

B’fhéidir go gceapfadh múinteoirí i scoileanna tuaithe níos lú go bhfuil na cúrsaí ar líne thar a bheith oiriúnach d’uaireanta aonair Pháirc an Chrócaigh. D’fhéadfadh rochtain ar roghanna eile maidir le foghlaim ghairmiúil do mhúinteoirí a bheith rud beag teoranta i gceantair tuaithe.

Conclúid

San alt seo cumhdaítear úsáid straitéiseach, úsáid scoile uile agus úsáid nach úsáid scoile uile í as cúrsaí ar líne le linn uaireanta Pháirc an Chrócaigh. Tá liosta smaointe ann freisin maidir le gníomhaíochtaí le linn uaireanta Pháirc an Chrócaigh a chomhlánaíonn cúrsaí ar líne agus lena ndéanfar rannpháirtíocht a mhéadú i gcúrsaí foirmeálta. Tá gnéithe cúrsaí ar líne luaite ann freisin lena ndéantar iad oiriúnach le haghaidh machnaimh.

Go raibh maith ag na múinteoirí, ag na príomhoidí agus ag comhghleacaithe Oide a chuir an fhaisnéis agus na smaointe ar fáil san alt seo. Féach ar Físláithreoireacht ghairid (2 nóiméad) agus Grafaic físe fiú níos gairide, ar fáil freisin mar PDF, i mBéarla agus i nGaeilge.

Más mian leat a thuilleadh a fháil amach maidir le smaointe chun tacú le rannpháirtíocht i gcúrsaí ar líne le linn uaireanta Pháirc an Chrócaigh agus má tá cabhair de dhíth ort, scríobh chuig ictonlinecourses@oide.ie. Nó d’fheadfadh na naisc thíos a bheith úsáideach duit.

Naisc Oide, Teicneolaíocht san Oideachas 

Ciorcláin Roinne Ábhartha maidir le hUaireanta Pháirc an Chrócaigh 

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.