Skip to main content

Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil – Leagan Gairid

Sonraí an Chúrsa

Infhaighteacht

Am téarma, Oscailte Anois

Sector

Bunscoileanna, Iar-bhunscoileanna

Dáta

21-08-2023 go 21-06-2024

Am staidéir

4 uair an chloig

Sprioclucht féachana

Múinteoirí atá páirteach i bhforbairt Phlean don Fhoghlaim Digiteach a gcuid scoileanna, Príomhoidí agus Leas-Phríomhoidí (bunscoil agus iar-bhunscoil)

Áiteanna

Gan teorainn

Cuideoidh an cúrsa seo leat an Creat Foghlama Digití a úsáid chun foghlaim dhigiteach a fheabhsú i do scoil beag beann ar cá bhfuil tú ar an aistear seo.

Tabharfaidh sé tríd an bpróiseas thú maidir le Plean don Fhoghlaim Digiteach a chruthú a thacóidh le húsáid éifeachtach na dteicneolaíochtaí digiteacha i ngach gné den teagasc agus den fhoghlaim.

Leagan giorraithe é seo den bhunchúrsa ‘Plean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt do do Scoil’. Treorófar thú tríd an bpróiseas maidir le plean a chruthú ach níl aon ghníomhaíochtaí ná tascanna inscoile riachtanach.

Torthaí Foghlama

Faoi dheireadh an chúrsa seo, ba cheart go mbeifeá in ann an méid seo a leanas a chur i gcrích:

  • Comhfhís a fhorbairt laistigh de do scoil chun teicneolaíochtaí digiteacha a leabú sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasúnú.
  • Úsáid a bhaint as an gCreat Foghlama Digití chun measúnú a dhéanamh ar cé chomh héifeachtach is atá an teicneolaíocht dhigiteach á húsáid chun teagasc, foghlaim agus measúnú a fheabhsú i do scoil.
  • Sraith gníomhaíochtaí a phleanáil chun leabú na dteicneolaíochtaí digiteacha i do scoil a fheabhsú chun torthaí níos fearr a bhaint amach do do dhaltaí.
  • Achoimre a dhéanamh ar nósanna imeachta chun monatóireacht agus measúnú leanúnach a dhéanamh ar do Phlean Foghlama Digití.

Ábhar an Chúrsa

Modúl 1: Eolas maidir leis an bPleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach

Sa mhodúl seo, amharcfaidh tú ar an gcuma atá ar fhoghlaim dhigiteach sa seomra ranga agus ar conas is féidir le hoideolaíocht thógachaíoch lena leabaítear teicneolaíochtaí digiteacha féidearthachtaí nua foghlama, teagaisc agus measúnaithe a thairiscint.
Tabharfar réamheolas duit freisin ar an gCreat Foghlama Digití do Scoileanna (DLF) agus ar na Treoirlínte um Pleanáil don Fhoghlaim Dhigiteach (Treoirlínte um Phleanáil FD).

Modúl 2: D’Fhís don Fhoghlaim Dhigiteach a Chruthú

Sa mhodúl seo, amharcfaidh tú ar chuid de na príomhbhreithnithe a bhaineann le foireann a bhunú chun an próiseas pleanála a threorú agus chun fís do scoile don fhoghlaim dhigiteach a chruthú.
Foghlaimeoidh tú conas ceardlann a chur ar bhun le comhghleacaithe chun cuidiú leat ráiteas físe a chruthú don fhoghlaim dhigiteach.

Modúl 3: Sonraí a Bhailiú

Sa mhodúl seo, déanfaidh tú iniúchadh ar an dóigh leis an gCreat Foghlama Digití a úsáid chun fócas do Phlean don Fhoghlaim Digiteach a chinneadh. Breathnóidh tú ar conas fianaise ábhartha a bhailiú agus a anailísiú chun cuidiú le cinntí eolasacha a dhéanamh chun na cleachtais foghlama digití i do scoil a fheabhsú.

Modúl 4: Do Phlean don Fhoghlaim Dhigiteach a Fhorbairt agus a Monatóireacht a Dhéanamh Air

Sa mhodúl seo, breathnóidh tú ar conas spriocanna sonracha a shocrú agus gníomhaíochtaí a chinneadh ar gá iad a dhéanamh chun iad sin a bhaint amach agus chun an cleachtas foghlama digití a fheabhsú i do scoil. Déanfaidh tú iniúchadh freisin ar na príomhcheisteanna maidir le monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme do Phlean FD.

Riachtanais

Riachtanais Theicniúla: Ceangal láidir leathanbhanda idirlín agus ríomhaire glúine, pc deisce nó táibléad (a bhfuil an leagan is déanaí de Chrome, Firefox nó Safarí suiteáilte air).

Teastas

Bronnfar teastas cúrsa ar an té a chríochnaíonn an cúrsa seo.

B’fhéidir go mbeifeá in ann an cúrsa seo a chur san áireamh mar uaireanta Pháirc an Chrócaigh, le cead bhainistíocht na scoile, go háirithe i dtaca le deich gcinn d’uaireanta an chloig ‘Pháirc an Chrócaigh’ a mbeadh cead iad a úsáid ar bhonn aonair nó i ngrúpaí beaga (Ciorclán 0042/2016 Bunscoile agus Ciorclán 045/2016 Iar-Bhunscoile).

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.