Skip to main content

Cúig Cheist le cur san Áireamh ag Múinteoirí maidir le húsáid ISI

Am léitheoireachta measta: 3 minutes

Ba cheart IS a úsáid nuair a chuireann sé le teagasc, foghlaim agus ceannaireacht scoile, ach faoi bhreithiúnas gairmiúil na múinteoirí agus na gceannairí scoile i gcónaí fad atá sábháilteacht, eitic, príobháideacht agus ionchuimsitheacht i lár na cinnteoireachta.

Treoir maidir le IS do Scoileanna,An Roinn Oideachais agus Óige, Deireadh Fómhair 2025

Roimh duit úsáid a bhaint as uirlis IS ar bith i do chuid teagaisc, glac nóiméad chun smaoineamh ar na cúig cheist lárnacha seo:

1. Beartais agus Treoirlínte

Icon for policy consideration for AI use

Déan seiceáil go dtagann an uirlis IS le beartais do scoile, beartas úsáide inghlactha (AUP) agus aon treoir ábhartha ón Roinn Oideachais agus Óige.

2. Úsáid Eiticiúil Sonraí

Icon for ethical consideration of AI use

NNá cuir sonraí pearsanta, rúnda ná sonraí na scoláirí i gcórais IS riamh mura gceadaítear amhlaidh go sonrach. Déan seiceáil go bhfuil aon úsáid a bhaintear as IS comhlíontach le RGCS.

3. Fianaise maidir le Tionchar

Icon for evidence of impact of AI use

Fiosraigh cé acu a chuireann an uirlis leis teagasc, foghlaim nó measúnú ar bhealach dáiríre nó nach gcuireann. Lorg fianaise, samplaí nó cás-staidéir a léiríonn an luach oideachais atá uirthi.

4. Eolas maidir le Claonadh

Icon for idenitifying bias in AI use

Is féidir le córais IS claonadh ina gcuid sonraí oiliúna a léiriú. Bí ar an eolas faoi chlaonadh féideartha in ábhar arna ghiniúint ag IS agus athbhreithnigh aschuir go criticiúil sula mbaineann tú úsáid astu.

5. Cruinneas an Aschuir

Icon for accuracy of output of AI

Is féidir le IS botúin a dhéanamh. Déan ábhar arna ghiniúint ag IS a fhíorú i gcomparáid le foinsí iontaofa sula gcomhroinneann tú é le scoláirí nó sula mbaineann tú úsáid as i do chuid teagaisc i gcónaí.

Mar achoimre, ba cheart don IS tacú le do bhreithiúnas gairmiúil seachas teacht ina áit. Trí mhachnamh a dhéanamh ar na cúig réimse seo sula mbaineann tú úsáid as aon uirlis IS, is féidir leat cinntí eolacha, sábháilte agus éifeachtacha a dhéanamh a chuireann an teagasc agus an fhoghlaim chun tosaigh.

Íoslódáil leagan PDF de na 5 Cheist le crochadh ar an gclár fógraí foirne agat (leagan Gaeilge agus Béarla).

Fill ar an Mol IS i Scoileanna

Clárú Na Nuachtlitreach

Sign-up
Logo

To subscribe to our email Newsletter, please fill in the details below.